Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2007

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Changed Utterly? Ireland 1967–2007/
‘Mór idir na haimsearaibh’. Éire 1967–2007

Dátaí
19ú – 25ú Lúnasa 2007.
Ionad
Ionad an Spa Wells i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir.
Stiúrthóir
ian.

Fáilte go dtí an Scoil

In time of Change — Ireland 1967 to 2007, leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh, an stairí mór le rá, léacht oscailte Scoil na bliana, ag cur tús le seachtain plé, chur is cúiteamh, cheoil, filíochta, rince seite agus craice!

What to Expect

I measc na n-abhar plé tá saibhreas agus a chuid iarmhirtí, an tslí go mairimíd ar an dtalamh, athruithe i bpolasaithe agus i gcleachtais um oideachas, eisimirce agus inimirce, athruithe i saol agus ról na mban, rialthas thuaidh agus theas, easphortáil an chultúir Éireannaigh agus conas is féidir tairbhe a bhaint as ceachtanna an aimsir atá caite i gcomhair pleanáil an aimsir atá le teacht.

Mar is gnáthach, Scoil dhátheangach is ea í seo. Cé go bhfuil formhór na n-imeachtaí á reachtáil as Béarla, tá sraith bheo bhríomhar Gaeilge tríthi. I measc na seisiún tá seimineáir ar fhorbairtaí i gceol traidisiúnta (le tabhairt ag an amhránaí cáiliúil, Áine Uí Cheallaigh), staid reatha na Gaeilge mar abhar acadúil staidéir (an Dochtúr Máirin Nic Eoin), iriseoireacht Gaeilge (an Dochtúr Regina Uí Chollatáin) agus nascacha idir Oileáin Árann agus Contae an Chláir (an Dochtúr Brian Ó Catháin), gan trácht thar na ranganna seite, le Betty Mc Coy is Johhny Morrisey, agus na ranganna Renew your Irish le hEoghan Ó hAnluain, go mbíonn an-tarrac orthu i gcónaí.

Mír nua den Scoil, a mbíonn tarrac uirthi sin leis, is ea an léitheoireacht laethúil filíochta Cúirt an Mheán Lae. I measc aoi-fillí i mbliana tá Mary O’Malley, Paddy Bushe, Liam O Muirthile agus Leanne O’Sullivan.

Tá sraith de sheimineáir laethúla ar stair áitiúil, ar réimse abhar áitiúil agus náisiúnta. Ina measc siúd tá ‘George Unthank Mc Namara — Clare’s Medical Antiquarian’ leis an Dochtúr Peter Harbison, ‘Thomas Johnson Westrop, an Irish Antiquary’ le Máiréad Ashe FitzGerald, ‘One man in his time — Brendan O’Regan’ le Bernard Share agus ‘Curious examples of Gaelic signage and placenames in Co. Clare’ le Connor Keane.

I measc ócáidí faoi leith i mbliana tá coirmcheol leis na hamhráinithe móra le rá, na Lismorahaun singers, as an Clár, i dteannta an aonréadaithe Naomi O’Connell, ar an gCéadaoin agus omós do Sheán Mac Réamoinn, duine de chomhbhunaitheoirí Chumann Merriman agus cúirteoir an-aitheanta dos na Scoileanna Samhraidh agus na Scoileanna Geimhridh do dtí gur cailleadh é níos túisce i mbliana. Ar maidin deireannach na Scoile a bheidh an imeacht seo ar siúl.

Beidh fáilte romhat!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2007:

  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.
  • Cór agus Coiste Lismorohaun.
  • Bernard agus Moira Mc Namara.
  • Raidió Telefís Éireann.
  • Comhairle Chontae an Chláir.
  • Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
  • Foras na Gaeilge.
  • Coiste Scoil Mherriman, Lios Dúin Bhearna.
  • Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
  • Ollscoil Luimnigh.
  • Scoil Mhuire gan Smál, Lios Dúin Bhearna.

Clár

Dé Domhnaigh 19ú

17.00
Clárú in Ionad an Spa Wells.
19.00
Fáiltiú.
20.00
Oscailt na Scoile: An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh.
20.15
Léacht: In Time of Change: Ireland 1968 – 2007, leis an Ollamh Ó Tuathaigh.
22.30
Club Merriman: Le Banna Céilí an Four Courts.

Dé Luain 20ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 1
Sean-Nós: An Chloch is Mó nó an Gad is Gaire?, le Áine Uí Cheallaigh.
Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
10.00 Seimineáir as Béarla — Clare Local History 1
Dr. George Unthank Macnamara — Clare’s Medical Antiquarian 1847–1919, le Peter Harbison.
Cathaoirligh na sraithe, Brian Ó Dálaigh agus Michael Griffin.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 1, le Eoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Mary O’Malley*.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí 1, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Léacht: From the Primary Cert to Lifelong Learning, le John Coolahan.
17.00
Seoladh: An taispeántas ealaíona, Timeless Images 2, in Ionad an Spa Wells.
20.30
Siompóisiam: Wealth and its Consequences, le John Bradley agus Eithne Fitzgerald.
Cathaoirleach: Andy Pollak.
22.30
Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.

Dé Máirt 21ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 2
An Ghaeilge mar Ábhar Léinn, le Máirín Nic Eoin.
Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
10.00 Seimineáir as Béarla — Clare Local History 2
Thomas Johnson Westrop an Irish Antiquary, 1860 – 1922, le Mairéad Ashe Fitz Gerald.
Cathaoirligh na sraithe, Brian Ó Dálaigh agus Michael Griffin.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 2, le Eoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Liam Ó Muirthile*.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí 2, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Siompóisiam: Nothing but the Same Old Story? Emigrants From Ireland, Immigrants in Ireland, le Piaras Mac Éinrí agus Mary Hickman.
Cathaoirleach: Denise Charlton.
17.00
Seoladh: A Week in Summer, gearrscéal le Maeve Binchy, a coimisiúnadh do Scoil Samhraidh 2005. Seolfar an scéal i bhfoirm leabhair agus dlúthcheirnín in Ionad an Spa Wells.
20.30
Léacht: Inhabiting the Land, le Seán Ó Laoire.
22.30
Club Merriman: Le Banna Céilí an Four Courts.

Dé Céadaoin 22ú

10.00
Turas ar an Thuaisceart an Chláir agus ar an mBoireann.
San áireamh seo tá cainnt, tabhartha ag Carol Gleeson, ar chaomhnú agus ar riaradh oidhreacht na Boirne, agus cuairt ar Choláiste Ealaíona na Boirne.
20.45
Coirmcheol: Amhránaithe Lismorahaun, i dteannta an aonréadaithe, Naomi O’Connell, i séipéilín Lios Dúin Bhearna.
22.30
Club Merriman: Le Banna Céilí an Four Courts.

Déardaoin 23ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 3
Oileáin Árann agus Contae an Chláir: Ceangail Mhóra is Ceangail Bheaga, le Brian Ó Catháin.
Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
10.00 Seimineáir as Béarla — Clare Local History 3
One Man in his Time: Breandan O’Reagan and Regional Development, le Bernard Share.
Cathaoirligh na sraithe, Brian Ó Dálaigh and Michael Griffin.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 3, le Eoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with Paddy Bushe*.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí 3, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Léacht: Ireland and the Global Cultural Challenge, le Eugene Downes.
17.00
Seoladh: Beathaisnéis 9, le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú in Ionad an Spa Wells.
20.30
Siompóisiam: A Long Night and a New Dawn: defining moments on the road to peace in Northern Ireland, le Noel Dorr agus Kenneth Bloomfield.
Cathaoirleach: Doireann Ní Bhriain.
22.30
Club Merriman: Le Banna Céilí an Four Courts.

Dé hAoine 24ú

10.00 Seimineáir as Gaeilge 4
Iriseoireacht na Gaeilge, le Regina Uí Chollatáin.
Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
10.00 Seimineáir as Béarla — Clare Local History 4
Curious Examples of Gaelic Signage and Placenames in Co. Clare, le Connor Keane.
Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh agus Michael Griffin.
10.00 Renew your Irish
Renew your Irish 4, le Eoghan Ó hAnluain.
11.45
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with Leanne O’Sullivan*.
12.30
Seiteanna an Chláir agus Polcaí 4, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
15.00
Siompóisiam: Finding Our Voices, le Fintan O’Toole agus Diarmuid Ferriter.
Cathaoirleach: Marianne Finucane.
20.30
Siompóisiam: Signposting the Future from the Lessons of the Past, le Fintan O’Toole agus Diarmuid Ferriter.
Cathaoirleach: Catriona Crowe.
22.30
Club Merriman: Le Banna Céilí an Four Courts.

Dé Sathairn 25ú

10.30
Omós do Sheán Mac Réamoinn.
Cur i láthair closamhairc, a réitíodh go speisialta, ar an gcomh-bhunaitheoir seo de Chumann Merriman, a cailleadh i 2007. Raidió Teilifís Éireann a d’áisigh agus Agnes Cogan is Doireann Ní Bhriain a chomhordaigh.

Nóta* Is i nGaeilge amháin a bheidh léamh na gcúirteanna seo.

Cainteoirí

Maeve Binchy
Iriseoir agus údar í Maeve, a bhfuil neart saothair móréilimh scríofa aici, Light a Penny Candle, Firefly Summer agus The Lilac Bus ar chuid díobh. Is iomaí sin gradam a bronnadh uirthi, céimeanna dochtúirechta oinigh ó Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ina measc. Bhuaigh sí Duais Pen / AT Cross na Litríochta i 2007. Bhí Maeve i láthair ag an gcéad Scoil Samhraidh Merriman féin in Inis i gContae an Chláir n 1968!
Sorra Kenneth Bloomfield
Is iarcheannasaí Stáit Sheirbhís Thuaisceart Éireann é Kenneth agus is Coimisinéir de chuid Coimisiúin Neamhspleach um Láthair Thaisí na nÍospartach é faoi láthair. Bronnadh ridireacht air in 1987. Thug Mo Mowlam, Rúnaí Stáit Thuaisceart na hÉireann ag an am cuireadh dó a bheith ina Choimisinéir Íospartach in 1997. Foillsíodh a thuairisc We Will Remember Them in Aibreán na bliana 1998. Ba é Gobharnóir Náisiúnta an BhBC do Thuaisceart Éireann é idir na blianta 1991 agus 1999. Ba é Cathaoirleach Choimisiún Sheirbhísí Reachtúla Thuaisceart Éireann é go dtí 2004 leis. Foilsíodh A Tragedy of Errors: The Government and Misgovernment of Northern Ireland an saothar is deireanaí dá chuid i mbliana.
John Bradley
Chaith John blianta fada mar Ollamh Taighde san Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i mBaile Átha Cliath agus is comhairleoir idirnásiúnta anois é maidir le straitéis forbartha agus tionsclaíochta. Cuireann sé comhairle ar bhonn rialta ar an gCoimisiún Eorpach, ar an mBanc Domhanda agus ar rialtais agus eagrais idirnásiúnta eile. Cuireann sé ar fhoghlaim sé óna thaithí maidir le nua-aoisiú agus forbairt na hÉireann (ceist achrannach chaidreamh Thuaiceart-Deisceart Éireann san áireamh) i bhfeidhm ar bhallstáit nua (iar-chumannach) an AE, áit a mbreathnaítear ar Éirinn mar eiseamláir mhealltach agus áit ina bhfuil an-tóir ar eacnamaithe Éireannacha! D’oibrigh an Dr. Bradley sna Balcáin Thiar, sa Tuirc, san Afraic Theas agus san Aetóip. Is eacnamaí teiciniúil é de réir gairme, a fhaigheann ionspoiráid ón stair, ó eolaíocht na poilitíochta agus ó staidéar gnó.
Paddy Bushe
I mBaile Átha Cliath a rugadh Paddy in 1948. File a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge é. Tá roinnt mhaith cnuasach fílíochta foilsithe aige: Poems With Amergin (Beaver Row Press, 1989), Teanga (Coiscéim, 1990), Counsellor (Sceilg Press, 1991), Digging Towards The Light (Dedalus Press, 1994), In Ainneoin na gCloch (Coiscéim, 2001), Hopkins on Skellig Michael (Dedalus Press, 2001) agus The Nitpicking of Cranes (Dedalus, 2004). Bhuaigh Paddy duais filíochta an Oireachtais agus gradam filíochta Mhichael Hartnett i 2006. Tá cónaí air i Ríocht Chiarraí.
Denise Charlton
Is í Denise Príomhfheidhmeannach Chomhairle Inimirceach na hÉireann, eagras neamhspleach neamhrialtasach, a dhéanann iarracht dul i ngleic le riachtanais na nInimirceach in Éirinn de réir mar a thagann siad chun cinn. Cuireann sé cearta agus teidlíochtaí inimirceach chun cinn tríd eolas, tacaíocht, eolas dlí saor in aisce, aighneachtaí polasaithe, taighde, oiliúint, feasacht poiblí a spreagadh agus oideachas a sholáthar. Cuireann an Chomhairle tacaíocht agus seirbhísí atreoraithe cuí ar fáil d’inimircigh, leithéide inimircigh gan cháipéisí, mionaoisigh ag taisteal ina n-aonar, agus daoine aonaracha ar ceileadh a gcearta daonna orthu nó a d’fhulaing gáinneáil ar dhaoine. Bhíodh Denise ina Príomhdfheidhmeannach ar Women’s Aid. Ceapadh ar roinnt mhaith boird rialtais í, an Tascfhórsa um Fhoréigean in aghaidh na mBan, Comhairle Shláinte na mBan, Coiste Comhairleach na Comhairle Coiriúlachta agus an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Chiníochas agus Idirchultúrachas san áireamh.
Agnes Cogan
Is as Baile Átha Cliath d’Agnes. Bhí sí ar dhuine de na chéad bhanstiúrthóirí i dTeilifís RTÉ, mar ar gcaith sí blianta fada mar léiritheoir agus mar stiúrthóir. Bhí baint ar leith aici le cláir do pháistí agus le cláir i nGaeilge go háirithe, ar nós Féach agus Cúrsaí agus leis an duaischlár faoin gceol traidisiúnta, Hand me Down.
John Coolahan
Ollamh Emeritus in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad is ea John. Is iomaí sin léacht atá tugtha aige ar fud na hÉireann. Tá os cionn 120 alt foilsithe aige in irisí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus líon maith leabhair scríobhtha aige leis. Bhí sé ina eagarthóir ar go leor cnuasach altanna ar chúrsaí oideachais. Dhein sé an-obair don tseirbhís phoiblí ag cur comhairle ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi pholasaí oideachais agus forbairt an Oideachais in Éirinn ó 1991 i leith ar mhaithe leis an Aire Oideachais, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Soisialach agus Teagasc. Bhí an Dochtúr Coolahan i gceannas ar roinnt foirne athbhreithnithe de chuid an OECD ar chursaí oideachais i gCónaidhm na Rúise, sa Pholainn, sa Bhulgáir, sa Chóiré Theas, sa tSíle agus sa Phoblacht Dominiceach. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Ghrúpa Comhairleach um Oideachas don AE (1995 – 1999), Uachtarán ar Chumann Léann Oideachais na hÉireann agus ina Chathaoirleach Acadúil ar an gCumann Um Oideachas do Mhúinteoirí san Eoraip. Is é comh-chathaoirleach Chomhdháil Seasta ar Oideachas Múinteoirí Tuaisceart-Deisceart na hÉireann é.
Catriona Crowe
Is Cartlannaí Sinsearach i gCartlann Náisúnta na hÉireann í Catriona. Is í Uachtarán Chumann Éireannach Stair na mBan í, Cathaoirleach an Institiúd um Amharclannaíocht Éireannach agus Cathaoirleach Thionscadal SAOL, tionscadal athshlánaithe agus taighde do mhná i dTuaisceart lár chathair Átha Cliath, a bhfuil fadhbanna andúile acu. Bíonn sí ag scríobh go rialta don Dublin Review.
Noel Dorr
Chuaigh Noel isteach i Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann i 1960. Chaith sé tréimhsí sa Bhruiséil agus i Washington D.C. Le linn a shaol oibre. Ba é Ambasadóir na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac é ó 1980 – 1983, (ionadaí na hÉireann ar Chomhairle Slándála na NA ó 1981 – 1982); Ambasadóir i Londain (1983 – 1987); agus (Ard) Rúnaí Roinn Gnóthaí Eachtracha 1987 – 1995. Ba é ionadaí na hÉireann ar ghrúpa dréachtaithe a cheap an AE do Chonradh Amsterdam (1996 – 1997) (Cathaoirleach an ghrúpa le linn Uachtarántacht na hÉireann in 1996) agus Conradh Nice (2000) tar éis dó dul amach ar phinsean. Tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Rialaithe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair, Is ball den Irish Times Trust agus ball den Irish School of Ecumenics Trust é leis.
Eugene Downes
Ceapadh Eugene i mbliana, mar an chéad Phríomhfheidhmeannach ar Chulture Ireland, an áisínteacht stát nua i leith cur chun cinn domhanda na n-ealaíon agus caidreamh cultúrtha na hÉireann. Ó 2000 go 2007 ba chomhairleoir é do ranna rialtais agus d’áisínteachtaí éagsúla in Éirinn maidir le stáitéis i leith na n-ealaíon idirnáisiúnta agus eagrú imeachtaí, breis agus fiche cuairt stáit agus misin thrádála a dhein an an tUachtarán agus an Taoiseach ina measc. Chaith Eugene seal mar thaidhleoir Éireannach sna nóchaidí, mar Attaché cultúrtha sa Rúis agus mar chraoltóir ceoil agus ceoldhrámaí le RTÉ Lyric FM. Tá seirbhís tabhartha aige ar Bhoird eagrais thábhachtacha ealaíon in Éirinn agus thar lear.
Anne Enright
I mBaile Átha Cliath a rugadh Anne. Foilsíodh gearrscéalta léi in The New Yorker, The Paris Review, Granta agus sna cnuasachtaí ficsean is tábhachtaí in Éirinn. Bhuaigh The Portable Virgin an chéad chnuasach dá cuid duais litríochta Rooney in 1991. Tá The Wig My Father Wore, What Are You Like?, a bhuaigh duais Encore agus ar cuireadh ar ghearrliosta duais Whitbread é, The Pleasure of Eliza Lynch agus The Gathering (2007) ar cuid dá cuid úrscéalta. Bíonn aistí dá cuid in The London Review of Books, The Guardian, The Dublin Review agus Harpers (SAM) o am go chéile. D’fhoilsigh Vintage, Making Babies, a cuid aistí faoi théama an mháithreachais. Foilseofar Yesterday’s Weather, cnuasach gearrscéalta léi in Earrach an bliana 2008.
Diarmaid Ferriter
Stairí agus craoltóir is ea Diarmaid. Léachtóir le Gaeilge agus le stair idirnáisiúnta i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é. Tá neart foillsithe aige ar stair na hÉireann sa naoú aois déag agus san fhichiú aois. I measc a chuid leabhar tá A Nation of Extremes: The Pioneers in twentieth century Ireland, (Baile Átha Cliath, 1999) Lovers of Liberty? Local Government in twentieth century Ireland (Baile Átha Cliath, 2001), The Irish Famine (le Colm Tóibín) (Londain, 2002), an leabhar mórtharrac, The Transformation of Ireland 1900 to 2000 (Londain agus Nua Eabhrach, 2004) agus What if? Alternative views of twentieth century Ireland, (Baile Átha Cliath, 2006). Bíonn sé go minic le clos ar raidió agus ar theilifís RTÉ agus le léamh i nuachtáin ar nós an Irish Times, an Irish Examiner agus an Sunday Business Post. Eisean a chuireann an clár seachtainiúil ar an stair, What if?, i láthair ar RTÉ Radio One.
Marian Finucane
Chuaigh Marian isteach in RTÉ i 1974 mar bholscaire raidió agus teilifíse. Thosaigh sí ag obair ar chláir i 1976. Is í a lathraíonn The Marian Finucane Show on RTÉ Raidió 1 ón 11 go dtí 1 ar an Satharn agus ar an Domhnach. Is iomaí sin gradam bainte amach ag Marian le linn a saol oibre. Bhronn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath céim dochtúireacht sa bhFealsúnacht oinigh uirthi i mí na Samhna 2002 agus i mí an Mheithimh 2005 bhronn Ollscoil na hEireann Gaillimh céim dlí oinigh uirthi. Is stiúrthóir de chuid an Irish Hospice Foundation í, comisinéir ar Choimisiún Íospartach na Coiriúlachta agus cathaoirleach ar an gcumann catharnachta cláraithe, Friends in Ireland, cumann a bhunaigh sí i dteannta a fir céile John Clarke in 2002 le tacú le máithreacha agus páistí a bhfuil SEIF HIV orthu san Afraic fho-Shahárach.
Eithne Fitzgerald
Is údar ar pholasaí soisialta agus iar-aire Stáit í Eithne. D’oibrigh sí sa Roinn Airgeadais agus i nGnóthaí Saothair agus is í a thug isteach an tAcht um Shaoráil Faisnéise agus an tAcht um Eitic in Oifig Phoiblí. Thug Eithne léachtaí sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath agus tá neart scríofa aici ar cheisteanna a bhaineann le polasaí soisialta, tithíocht, dífhostaíocht, ceisteanna na mban agus páistí san áireamh. Tá sí éirithe as cúrsaí poilitíochta agus tá sí anois ag obair sa tseirbhís phoiblí.
Mairéad Ashe FitzGerald
D’éirigh Mairéad suas i nDún Beag, Contae an Chláir. Céimí Choláiste na hOllscoile, Gaillimh is ea í. Thug sí tamall ag múineadh na Gaeilge agus na staire agus ina dhiaidh sin dhein staidéar ar an seandálaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus staidéar iarcheime ar shaol agus ar shaothar Thomas Johnson Westropp. Oibríonn Mairéad san O’Brien Press i mBaile Átha Cliath agus tá dhá leabhar scríofa aici: Exploring the world of Colmcille agus Castles of Ireland.
Carol Gleeson
Is as Cúr, Sráid na Cathrach i gContae an Chláir do Charol. Dhein sí staidéar ar sheandálaíocht agus ar stair in Ollscoil na Gaillimhe, ar bhainistíocht oidhreachta in Ollscoil Chorcaí agus ar léann na hiarsmalainne in Ollscoil Leicester. D’oibrigh sí mar sheandálaí, mar choimeadaí iarsmalainne, mar chomhairleoir oidhreachta, ag speisialú i bhforbairt pleananna gnó, múnlaí bainistíochta, straitéisí oiliúna, taighde do thaispeántais agus banistiú tionscadal d’iarsmalanna agsu d’iomnaid oidhreachta. D’fhostaigh Ollscoileanna, Oifig na nOibreacha Poiblí, an Chomhairle Oidhreachta agus comhlachtaí dearadh taispeántais í ar feadh tréimhsí éagsúla. Tá sí thar n-ais ar a fód dúchais, agus í ag obair do Chomhairle Chontae an Chláir mar bhainisteoir tionscadail ar Chosaint Thimpeallacht na Boirne trí Thionscnamh Bainistiú Cuairteoirí.
Michael Griffin
As baile na Sionainne do Mhichael. Múineann sé Léann an Bhéarla in Ollscoil Luimnigh. Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Oxford. Mhúin sé in Ollscoil Dheisceart Illinois agus in Ollscoil Notre Dame sular fhill sé ar Luimneach sa bhliain 2003. Tá go leor ábhair foilsithe aige faoi scríbhneoireacht Éireannach sa Bhéarla san ochtó aois déag. Ba é Michael a stiúraigh Scoil Samhraidh Merriman 2006.
Dr Peter Harbison
Chaith Peter laethanta saoire an tsamhraidh, agus é óg, i gContae an Chláir, áit ar phós a shean-aintín dreatháir leis an bhfear a mbeidh Peter ag caint air. Is iomaí sin ábhar a chuireann sé ar fáil do na hirisí áitiúla seandálaíochta The North Munster agus The Other Clare. Ba é a bhuaigh duais násiúnta Comhsaholaithe an Chláir anuraidh. I mBaile Átha Cliath a rugadh é, cuireadh oideachas air i nGleann Staile, i gColáiste na hOllscoile i mBaile Atha Cliath agus in ollscoileanna éagsúla sa Ghearmáin. D’oibrigh sé mar sheandálaí, agus ansin mar eagarthóir ar Ireland of the Welcomes do Bhord Fáilte. Is é Eagarthóir Acadúil oinigh Acadamh Ríoga na hÉireann é faoi láthair. Is comhalta oinigh de chuid Choláiste na Tríonóide agus an Royal Hibernian Academy of Arts, é. Is iomaí sin leábhar atá scríofa aige ar ar tharla in Éirinn, a shárleabhar Guide to National Monuments san áireamh. Tá sé ag díriú le tamall anuas ar líníochtaí topagrafacha Éireannacha a rinne Beranger agus daoine eile san ochtú céad déag, a fhoilsiú.
Mary Hickman
Ollamh le Léann na hÉireann agus Socheolaíocht agus Stiúrthóir ar an Institute for the Study of European Transformations ag an Metropolitan University i Londain is ea Mary. Bhunaigh sí Ionad an Léann Éireannaigh in Ollscoil Londain Thoir mar a bhí uirthi um an am, agus ba bhall í de thascfhórsa Rialtas na hÉireann um Pholasaí Inimirceach (2001 go dtí 2002). Bhí sí ina hollamh ar cuairt in Ollscoil Nua Eabhrac, Ollscoil Cholumbia agus in Ollscoil Victoria i Melbourne. Tá spéis thaighde aici in imircí, inimircí agus diaspóraí. Tá sí ag stiúradh an príomhthionscadal taighde don Chlár Inimirce agus Cuimsithe don Joseph Rowntree Foundation.
Connor Keane
Is as Inis i gContae an Chláir do Chonor. Bhíodh sé ag obair ar thionscadail a bhain le Gaeilge i gContae an Chláir. Tá aithne mhór air mar cheoltoír bosca ceoil, agus bhíodh sé sa ghrúpa Arcady. Eisíodh Oidhreacht, albam aonair leis in 2005.
Aine Lawlor
Chuaigh Aine isteach in RTÉ i mí Meán Fhómhair 1984 mar iriseoir faoi oiliúint agus d’oibrigh sí ar chláir raidió agus teilifíse éagsúla sular ceapadh ina tuairsceoir/láithreoir í in Eanáir 1988. Bhíodh sí ag obair idtOne Man in his Time: Breandan O’Reagan and RegionadtOne Man in his Time: Breandan O’Reagan and Regional DevelopmentScoil Samhraidh Merriman 2006l DevelopmedtChaith John blianta fada mar Ollamh Taighde san citeScoil Samhraidh Merriman 2006ntChaith John blianta fada mar Ollamh Taighde san citeScoil Samhraidh Merriman 2006dtOne Man in his Time: Breandan O’Reagan and Regional DevelopmentChaith John blianta fada mar Ollamh Taighde san citeScoil Samhraidh Merriman 2006 mbainistiú na ndán roimhe sin agus is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide í, áit ar toghadh mar Uachtarán ar Chumann na Mac Léi dt class=”x”/dl. Mhúin sé in dt class=”x”/dl. Mhúin sé in nn í. Duine de láithreoirí Morning Ireland, príomhchlár nuachta na maidine ar RTÉ Radio 1 is ea í. Ceapadh ar an bhfoireann sin í in Aibreán 1996 agus tá sí ar dhuine de na craoltóirí is oilte in RTÉ agus is aici atá ceann de na glórtha is inaitheanta in Éirinn. Tá sí pósta ar Ian Wilson agus tá ceathrar clainne orthu.
Piaras Mac Éinrí
Thosaigh Piaras ag obair i gColáiste na hOllscoile, Chorcaigh in 1988, tar éis do aon bhliain déag a chaitheamh le Roinn Ghnóthaí Eachracha na hÉireann, agus é lonnaithe sa Bhruiséil, i mBéirúit agus i bPáras. Bhí sé i gceannas ar Oifig Oideachas Idirnáisiúnta na hOllscoile sa chéad chúig bhliain den oifig chéanna agus ceapadh é mar an chéad stiúrthóir ar an Ionad Éireannach um Staidéar an Imirce, áit ar lean sé ag obair go dtí 2003. Is léachtóir i Roinn na Tíreolaíochta é faoi láthair. Ba bhall boird den Choiste Comhairleach Náisiúnta Ciníochais agus Idirchultúrachais é ó 2002 go dtí 2004 agus is ball boird de Chomhairle Inimirceach na hÉireann, d’Integrating Ireland agus Nasc, ionad tacaíochta Éireannach d’inimircigh i gCorcaigh. Bhí baint aige le líon mór tionscadail taighde maoinithe tábhachtacha maidir le polasaithe inimirce agus imeasctha in Éirinn agusu tá roinnt mhaith foilsithe aige ar an ábhar, caibidlí i leabhair mheasúnaithe, ailt in irisí agus tuairiscí oifigiúla d’áisíneachtaí reachtúla agus eagrais neamhrialtasacha. Is minic a bhíonn sé le clos ar na meáin ag trácht thar chúrsaí inimirce agus bíonn sé ag soláthar ábhar do riar mhaith foinsí clóite agus leictreonacha.
Betty Mc Coy
Múinteoir rince fad bhunaithe is ea Betty, a bhfuil ról lárnach aici in athbheochan agus i spreagadh rince seite. Tá baint aici le ceardlanna seite cáiliúla Mherriman le blianta fada anois.
Shelley Mc Namara
Is as Lios Dúin Bhearna i gContae an Chláir do Shelley, comhbhunaitheoir agus stiúrthóir de chuid Grafton Architects. D’oibrigh sí mar léachtóir stiúideó i Scoil na hAiltireachta i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath ó 1976 i leith agus is léirmheastóir ar cuairt í chuig scoileanna ailtireachta thar lear, Ollscoil Oxford Brookes, Accademia di Architettura di Mendrisio agus Scoil Ailtireachta Oslo san áireamh. Toghadh Shelley mar chomhalta de chuid Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann de bharr ar bhain sí amach i gcúrsaí deartha. Togahdh mar ball d’Aosdána í in 2006. Tá Droichid na Mórbhealaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath Foirgneamh na nOifigí in Ollscoil Chaithair Bhaile Átha Cliath, Oifigí Chathartha Dhún Seachlainn i gContae na Mí, an seomra taispeántais in Little Bird Productions, Roinn na hInnealltóireachta Meicniúla i gColáiste na Tríonóide agus Cearnóg Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh a comhlacht comórtas idirnáisiúnta deartha d’Ollscoil Luigi Bocconi i Milano, osclófar é in 2008. Cuireadh an tionscadal áirithe sin ar taispeáit mar chuid de Biennale na Véinéise in 2002.
Johnny Morrissey
Máistir rince is ea Johnny agus múineann sé seiteanna ar bhonn rialta. Tá baint aige le Scoil Samhraidh Mherriman le fada an lá. Casann sé an consairtín leis.
Doireann Ní Bhriain
Comhairleoir ealaíne, craoltóír agus oiliúnaí gutha is ea Doireann. Chaith sí blianta fada ag obair le RTÉ mar láithreoir teilifíse agus mar láithreoir agus léiritheoir ar chláir raidió. Chuiagh sí i dtreo bhainistiú na ndán nuair a ceapadh í mar Choimisinéir Éireannach ar l’Imaginaire Irlandais, féile chultúr an hEireann sa bhFrainc ó 1993 go dtí 1996 agus mar Ard-Bhainisteoir ar Fhéilte na Mílaoise ó 1997 go dtí 2001. Bíonn sí ag obair mar chomhairleoir ealaíne neamhspleach, mar chraoltóir ocáidiúil le RTÉ agus le TG4 agus i réimse oiliúint gutha agus láithrithe do chraoltóirí ó 2001. Is ball boird í Doireann de chuid Culture Ireland, Business2Arts agus an Temple Bar Cultural Trust. Tá sí ar Choiste Stiúrtha Centre Culturel Irlandais i gColásite na nGael i bPáras.
Máire Ní Neachtain
Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh is ea Máire. Sochtheangeolaíocht na Gaeilge an príomhréimse taighde atá aici agus tá spéis ar léith aici sna healaíona dúchasacha. Ise atá ina cathaoirleach ar an gclár teanga Focal Faire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ball gníomhach de Choiste Chumann Merriman is ea Máire agus chaith sí trí bliana mar Chathaoirleach ar an gCumann. Stiúraigh sí Scoil Samhraidh 1999, ar amhráin agus amhránaíocht i gcultúr na ndaoine
Máirín Nic Eoin
Is í Máirín ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Údar is ea í ar theoiric na critice i dtaca le litríocht na Gaeilge agus tá spéis ar leith aici i stair agus i socheolaíocht léann na litríochta. Tugadh ardmholadh dá leabhar, Trén bhFearann Breac, leabhar ar an dílaithriú cultúiragus cúrsaí litríochta in 2005. D’fhoilsigh sí An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982), Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988), An Ghaeilge i gCill Chainnigh agus B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998) leis.
Eoghan Ó hAnluain
Bhíodh Eoghan ina léachtóir sinsearach le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath go dtí go ndeachaigh sé ar scor. Stiúraigh sé 24 Scoil Gheimhridh, bhíodh sé ina Rúnaí ar Chumann Merriman sna blianta tosaigh agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCumann ó 1992 go dtí 1997.
Brian Ó Catháin
Léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad é Brian. Bíonn sé i mbun taighde i ngort na canúneolaíochta, sochtheangeolaíochta agus an bhéaloidis. Tá suim ar leith aige i nGaeilge Inis Oirr in Oileáin Árann. Ba é comheagarthóir, i dteannta an Ollaimh Ruairí Uí Uiginn, Béalra: aistí ar theangeolaíocht na Gaeilge (Má Nuad 2001), cnuasach aistí ar ghnéithe de shochtheangeolaíocht na Gaeilge.
Naomi O’Connell
Mac léinn ceann cúrsa in Ardscoil Ceoil agus Drámaíochta an DIT is ea Naomi. Chan sí ina haonar in ionaid ar fud na hÉireann agus na hEorpa. Is í chéad bhuaiteoir sparántacht cheol gutha Eur10,000 IAWS í in 2007 agus bhuaigh sí trí dhuais i gComórtas Idirnásiúnta Amhránaíochta Veronica Dunne 2007, duais Dame Sutherland don amhránaí óg is mó cumais san áireamh. Chan sí páirt Dido in Didoagus Aeneas Phurcell in Norfolk i Sasana le gairid. Iarbhall de na Lismorahaun Singers ís ea Naomi.
Brian Ó Dálaigh
Staraí ar Chontae an Chláir é Brian. Tá Ennis in the Eighteenth Century (1995) agus aistí ar Bhrian Merriman in County Clare Studies (2000) ar chuid dá chuid foilseacháin. Ba é a chuir Corporation Book of Ennis (1990) agus The Strangers Gaze: Travels in County Clare: 1534—1950 in eagar, agus dhein sé comheagarthóireacht ar Irish Townlands (1998) agus Irish Villages (2003).
Liam Ó Dochartaigh
Is e Liam Cathaoirleach reatha Chumann Merriman, agus Stiúrthóir an Oideachais Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimneach. Eisean a stiúirigh Scoileanna Geimhridh Chumann Merriman ó 1998 i leith.
Nuala O’Faolain
Duine de naonúr clainne an cholúnaí shóisialta ‘Terry O’Sullivan’ is ea Nuala. D’fhreastail sí ar riar scoileanna in Éirinn, ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar Ollscoil Hull agus ar Ollscoil Oxford. Léachtóir le Litríocht an Bhéarla, léiritheoir raidió agus teilifíse, múinteoir léann na meán, iriseoir agus saincholúnaí nuachtán ab ea í ag tréimhsí éagsúla. Thosaigh sí ar ghairm nua mar scríbhneoir nuair a d’éirigh thar cionn, gan choinne le réamhrá dírbheathaisnéisúil Are You Somebody, a scríobh sí mar chúlra do chnuasach aistí iriseoireachta dá cuid. D’fhoilsigh sí úrscéal, My Dream of You, an dara cnuasach cuimhní cinn, Almost There, agus beathaisnéis The Story of Chicago May, leabhar a bhuaigh an Prix Femina in 2006, le hocht mbliana anuas. Foilseofar an dara húrscéal, scéal grá, an bhliain seo chugainn. Bhí sí ag múineadh i mBennington College agus i Hunter College sna Stáit Aontaithe le gairid. Bhronn an Ollscoil Oscailte sa Bhreatain céim dochtúireachta oinigh uirthi. Is colúnaí de chuid an The Sunday Tribune í, agus tá cónaí uirthi in Iarthar an Chláir.
Seán Ó Laoire
Stiúrthóir de chuid Murray Ó Laoire Architects is ea Seán. Chuaigh sé isteach sa chomhlacht mar chomhpháirtí in 1979. Léachtóir i Scoil na hAiltireachta i Sráid Bholton i mBaile Átha Cliath ab ea é go dtí sin. Tá céim mháistireachta i nDearadh Uirbeach aige agus bíodh sé ag obair i Sasana, san Iodáil agus sna Stáit Aontaithe. Tá máistirphleananna do Chill Áirne, do Cheatharlach agus do cheantar Dhuganna Bhaile Átha Cliath ar chuid de na tionscadail is deireanaí a bhfuil baint aige leo.
Mary O’Malley
Is as Conamara, in Iarthar Chontae na Gaillimhe do Mhary, agus tá cónaí uirthi i nGaeltacht Mhaigh Cuilinn. Údar sé chnuasach filíochta is ea í. Is iad The Boning Hall agus A Perfect V, a d’fhoilsigh Carcanet Press, is deireanaí uaithi. Scríobhann sí ábhar don raidió aguas bíonn sí ag craoladh ó am go chéile. Bíonn sí ag taisteal thar lear ag léamh agus ag léachtóireacht agus bíonn sí ag múineadh filíochta ar an gcúrsa MA sa Scríbhneoireacht in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Bíonn sí ag soláthar alt agus aistí d’irisí, sna Stáit Aontiathe don chuid is mó. Faoi láthair, tá sí ag obair ar roinnt dánta nua agus ar dhráma.
Liam Ó Muirthile
File agus scríbhneoir is ea Liam, a rugadh agus a tógadh i gcathair Chorcaí. Is é Sanas, cnuasach filíochta a d’fhoilsigh Cois Life an saothar is deireanaí uaidh. Tá dlúthcheirnín ina theannta so, ar a bhfuil Liam ag aithris a chuid filíochta le tioncalan de cheol a chum Iarla Ó Lionaird ó Ghaeltacht Mhusgraí, i gcomhar le Caoimhín Ó Raghallaigh agus Steve Cooney. Tá na cnuasachtaí filíochta Walking Time agus Dánta Eile (2000), Dialann Bóthair (1992) agus Tine Chnámh (1984); an cnuasach dánta páistí An Seileitleán (2004) agus Dánta Déanta (2006); na húrscéalta Gaothán (2000) agus Ar Bhruach na Laoi (1995); na drámaí Fear an Tae (1999) agus Liodán na hAbhann (1999); agus an cnuasach aistí Ar an bPeann (2005) ar chuid de na saothair atá curtha i gcló aige.
Leanne O’Sullivan
Is as leithinis Bhéara in Iarthar Chorcaí do Leanne agus ní fada ó chríochnaigh sí cúrsa MA sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Foilsíodh dánta léi i The Stinging Fly, Poetry Ireland Review, The New Irish Poets Anthology agus in irisí eile. D’fhoilsigh Bloodaxe Books a céad cnuasach filíochta Waiting for My Clothes, in 2004. Tá sí ag obiar ar an tarna cnuasach faoi láthair.
Fintan O’Toole
Leas-eagarthóir an Irish Times is ea Fintan. Bhí sé ina léirmheastóir drámaíochta don iris In Dublin, don Sunday Tribune, don New York Daily News agus don Irish Times agus ina Chomhairleoir Liteartaha d’Amharclann na Mainistreach. Bhí sé in eagarthóir ar an iris Magill agus ó 1988 is colúnaí de chuid an Irish Times é. Bhí saothar dá chuid sa The New Yorker, sa New York Review of Books, i nGranta, i The Guardian, sa New York Times agus sa Washington Post. Tá Duais AT Cross i leith sár-thairbhe d’Iriseoireacht in Éirinn (1993), Duais na Córa, a bhronn Cumann Dlí na hÉireann, (1994) agus Duais Chuimsiú Sóisialta na Mílaoise(2000) ar chuid de na gradaim a bronnadh air. Bíonn sé le clos go rialta ar na meáin in Éirinn agus sa Bhreatain agus chaith sé seal mar láithreoir ar The Late Show ar an mBBC. The Irish Times Book of the 1916 Rising (2006) an leabhar is deireanaí óna pheann.
Gearóid Ó Tuathaigh
Ollamh le Stair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh is ea Gearóid. Is i nua-stair na hÉireann agus na Breataine is mó atá a spéis agus tá Ireland before the Famine, 1798–1848 (1972); The Age of de Valera (1982), in dteannta le Joe Lee; agus (le daoine eile) Irish Studies: A General Introduction (1988) ar chuid dá shaothar.
Andy Pollak
Is é Andy stiúrthóir an Centre for Cross Border Studies (a bhfuil oifigí aige in Ard Mhacha agus i mBaile Átha Cliath), áit a ndéantar staidéar agus forbairt ar chomhoibriú Thuaidh-Theas i leith cúrsaí sláinte, oideachais, oiliúna, riarachán poiblí agus réimsí praiticiúla eile, agus a sholáthraíonn tacaíocht riaracháin do ghreasáin Thuaidh-Theas i gcúrsaí oideachais agus pleanála. Tá sé ina rúnaí, leis, ar an gcoiste uile-oiléanda d’institiúidí tríú léibhéal agus an Buan-Chomhdháil i leith Oideachas Múinteoirí Thuaidh agus Theas. Bhíodh sé ina iriseoir san Irish Times maidir le Béal Feirste, cúsaí reiligiúin agus cúsaí oideachais. Is comhúdar é, le Ed Moloney, ar bheataisnéis léirmheastúil ar an Oirmhinneach Ian Paisley (1986). Tá sé pósta le Doireann Ní Bhriain agus tá beirt iníon acu.
Bernard Share
Is é Bernard údar Shannon Departures: A Study in Regional Initiatives, Bunratty: Rebirth of a Castle, agus The Flight of the Iolar: the Aer Lingus Experience 1936 1956. Tá sé ag obair ar an triú eagrán de Slanguge: A Dictionary of Slang and Colloquial English in Ireland faoi láthair. Bhí sé tráth ian eagarthóir ar ChARA, iris Aer Lingus agus ar Books Ireland, agus ina chomhairleoir ag Oifig Oidhreachta Iarnród Éireann. Tá cónaí air i gContae Chill Dara.
Áine Uí Cheallaigh
Bhuaigh Áine Corn Uí Riada, corn cáiliúil an tsean-nóis, faoi dhó. Bhí sí ar stáitse i Riverdance agus i The Pirate Queen i Chigago agus ar Bhroadway le déanaí. Tá céim mháistreachta aici sa Chantaireacht Mheánaoiseach ó Ollscoil Luimnigh. Tá sí ar shos gairme dhá bhliain óna post mar phríomhoide ar Mheánscoil San Nioclás i Rinn Ua gCuanach, Contae Phort Láirge (méanscoil lánGhaeilge, a bhfuil cáil uirthi mar thobar don dúchas Gaeltachta) agus í ag triail a beatha a shaothrú mar amhránaí agus mar aisteoir.
Regina Uí Chollatáin
Léachtóir le Gaeilge is ea Regina, i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, an Bhéaloidis agus na Teageolaíochta, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá spéis acadúil aici in iriseoireacht na Gaeilge, sa Ghaeilge ar an scáileán, i nua-litríocht na Gaeilge agus i scríbhinní an Phiarsaigh. Is í comhordaitheoir an chúrsa MA: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge í. In 2004 d’fhoilsigh Cois Life a leabhar An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899 &‐ 1932, ina raibh dlúthcheirnín ar a raibh innéacs iomlán d’An Claidheamh Soluis. Bíonn sí páirteach go minic i gcláir raidió agus teilifíse ar na hábhair seo. Tá sí ar Board TG4. Foilseoidh Cois Life cnuasach iriseoireacht próis i nGaeilge a roghnaigh Regina an bhliain seo chugainn.

preaseisiúint

19ú – 25ú Lúnasa 2007.

Dáta Éisithe

Le scaipeadh
12.00
24ú Mí Iúil 2007

Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2007 in Óstán an tSíolbhroin, Baile Átha Cliath, agus in Inis, Co. an Chláir, ar an Mháirt 24ú agus an Déardaoin 25ú Iúil faoi seach.

TOSACH

Reachtáilfear Scoil Samhraidh Merriman na bliana seo i Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir ó Dhomhnach go Satharn, an 19ú go dtí an 25ú Lúnasa. Is í Doireann Ní Bhriain, craoltóir aitheanta agus comhairleoir ealaíne, Stiúrthóir na Scoile.

Tá daichead bliain ó bhunú Chumann Merriman i 1967 agus an 40ú Scoil Samhraidh as a chéile, á cheiliúradh ag Cumann Merriman i mbliana. Buíon cairde ardchumais a raibh a n-ainm in airde sa saol acadúil, sna meáin agus sa tseirbhís phoiblí in Éirinn, a raibh domhainspéis acu i ngach gné de shaol na nÉireann agus go háirithe sa Ghaeilge, agus a raibh dáimh ar leith acu le contae an Chláir, a bhunaigh Cumann Merriman. B’é a gcéad bheart, leacht álainn le Séamas Ó Murchú a chrochadh ar bhalla na reilige sa bhFiacail ina gceaptar atá Brian Merriman curtha. Ansin chuir na hOllúna Dáithí Ó hUaithne agus Séan Ó Tuama eagrán nua de Chúirt an Mheán Oíche ar fáil, agus b’é reachtáil Scoil Samhraidh Merriman in Inis sa bliain 1968 an tríú beart a rinne an Cumann. Reachtáladh an chéad Scoil Gheimhridh i 1969. Tá an dá Scoil á reachtáil go féiltiúil chuile bhliain ó shin.

Is iad na hathruithe a tharla in Éirinn ó 1968 i leith a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Samhraidh na bliana seo. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thabharfaidh léacht na hoscailte ar an ábhar seo. Beidh sraith de léachtaí agus de shiompóisiaim ar ábhair ghaolmhara ann i rith na seachtaine á tabhairt ag an Ollamh John Coolahan (forbairtí san oideachas), John Bradley agus Eithne Fitzgerald (an rachmas nua), Piaras Mac Éinrí agus Mary Hickman (cúrsaí imirce), Sean Ó Laoire (cúrsaí pleanála agus cónaí ar thalamh na hÉireann), Eugene Downes (ealaíon na hÉireann á chur chun cinn thar lear), Nuala O’Faolain, Anne Enright agus Marian Finucane (saol na mban), Sir Kenneth Bloomfield agus Noel Dorr (ar tharla ó thuaidh agus ó dheas den teorainn), agus Fintan O’Toole agus Diarmaid Ferriter, ag féachaint siar agus ag breathnú rompu.

Beidh ómós faoi leith á thabhairt i seisiún deiridh na Scoile do Sheán Mac Réamoinn, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, a cailleadh i dtús na bliana.

Mar is gnách beidh seisiún in aghaidh an lae i nGaeilge ag an Scoil Samhraidh á dtabhairt ag Áine Uí Cheallaigh (an amhránaíocht thraidisiúnta), Máirín Nic Eoin (léann na Gaeilge), Regina Uí Chollatáin (iriseoireacht na Gaeilge), maille le Brian Ó Catháin ag trácht ar Ghaeilge an Chláir agus Árann. Beidh Cúirt an Mheán Lae ann gach lá Scoile, .i. léamha filíochta le Mary O’Malley, Liam Ó Muirthile, Paddy Bushe agus Leanne O’Sullivan.

Beidh cheithre sheisiún ar stair áitiúil an Chláir ann arís i mbliana chomh maith leis na seisiúin Renew your Irish le Eoghan Ó hAnluain; ranganna laethúla rince seite leis na Máistrí Rince, Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, agus seisiúin amhránaíochta, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin. Beidh turas timpeall na Boirne ann ar an gCéadaoin, le léacht i gColáiste Ealaíne na Boirne ar chaomhnú thimpeallacht na Boirne le Carol Gleeson.

Táthar ag súil le neart amhranaíochta, rince, cainte agus comhluadair ag Scoil Samhraidh Merriman seo an Dá Scór. Den chéad uair riamh ag an Scoil Samhraidh, beidh coirmcheoil le Cantairí Lismorohaun ó Thuaisceart an Chláir ann tráthnóna Dé Céadaoin le Naomi O’Connell, mar chantóir aonair.

DEIREADH

.