Scoláireachtaí Chumann Merriman

Cad iad féin?

Cuireann Cumann Merriman Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil Gheimhridh gach bliain agus bronntar Scoláireachtaí don Scoil Samhraidh ó am go ham, leis. I gás an Scoil Gheimhridh, is ar mhic léinn a bhíonn i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge a bronntar na Scoláireachtaí de ghnáth.

Cé atá i dteideal cur isteach orthu?

Reachtáiltear an scéim tríd na Ranna Gaeilge sna Coláistí tríú leibhéal. Fógraítear na Scoláireachtaí sna Coláistí thart ar mhí na Nollag agus tar éis comórtais inmhéanaigh cuirtear na hainmneacha ar aghaidh go Cumann Merriman.

Is féidir luach reatha na Scoláireachta a fháil amach ach teagmháil a dhéanamh linn. Maitear táille na Scoile don lucht Scoláireachta, leis. Dhá Scoláireacht a bronntar in aghaidh gach institiúide. Bronntar thart ar fiche Scoláireacht gach bliain agus cuireann na scoláirí óga seo go mór le hatmaisféar agus beocht na Scoile agus is minic go gcothaíonn sé nós freastal rialta a dhéanamh ar an Scoil as sin ar aghaidh.

Conas a chuireann tú isteach orthu?

Déan teagmháil le Cumann Merriman ag cumannmerriman@gmail.com.