Ballraíocht i gCumann Merriman

Conas ballraíocht a fháil i gCumann Merriman

Bunaíodh Cumann Merriman chun ainm agus saothar Bhrian Merriman a bhuanú, agus chun spéis a chothú i ngach gné de dhúchas na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht agus an ceol. 

Is féidir clárú mar bhall den Chumann ach táille bhliantúil €30 a dhíol.

Is féidir íoc go leictreonach tríd an nasc thíos, le seic nó trí aistriú bainc.

Nasc íocaíochta

Seic: Is féidir seic ar €30 iníoctha le Cumann Merriman a sheoladh chuig an Rúnaí ag an seoladh thíos. Cuir d’ainm, do sheoladh poist iomlán agus seoladh ríomhphoist leis an táille ballraíochta, le do thoil.

Dr Caitríona Ó Dochartaigh,
Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge,
Áras Uí Rathaille,
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Aistriú bainc: Is féidir an táille ballraíochta (€30) a aistriú go leictreonach chuig cuntas Chumann Merriman. Cuir ríomhphost chugainn ag cumannmerriman@nullgmail.com más mian leat go gcuirfimis sonraí an chuntais chugat.

Is mór ag Cumann Merriman do thacaíocht.