Cumann Merriman – forbhreithniú

Aidhmeanna

Ainmníodh Cumann Merriman in omós do Bhrian Merriman, údar dáin cháiliúil, raibiléiseach na hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche. Ó cuireadh ar bun i 1967 é, tá sé mar aidhm aige suim a chothú ins an bhfile agus i stair is traidisiún Thuamhan. Ceantar ársa sa Mhumhain is ea í seo, ina bhfuil coda de Thiobraid Árann is Luimneach, i dteannta Chontae an Chláir ina hiomláine. Ta sé mar aidhm ag Cumann Merriman, leis, suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile.

Éarlaimh

Uachtarán na hÉireann, A Shoilse Micheál D. Ó hUigínn, an t-Éarlamh reatha ar Chumann Merriman.

Is mór an onóir do Chumann Merriman go raibh Séamus Heaney, file, scríbhneoir agus buaiteoir dhuais Nobel, agus Úachtaráin na hÉireann, Éamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh, agus Iar-Uachtarán na hÉireann, Pádraig Ó hIrghile mar Éarlaimh ar an gCumann san aimsir a ghaibh tharainn.

An Scoil Gheimhridh

Reachtáiltear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman gach bliain ag an deireadh seachtaine is gaire do Lá ‘le Bríde. Reachtáileadh an chéad Scoil Gheimhridh san Aonach i gContae Thiobraid Árann, i 1969. Is deis an-tábhachtach í an Scoil do phobal na Gaeilge mar ócáid thaitneamhach shóisialta agus mar láthair le ceisteanna a bhaineann le litríocht, stair, poilíocht agus cúrsaí a reatha a phlé.

Gné thábhachtach den Scoil Gheimridh é seoladh Leabhar na Bliana. Saothar nua acadúil i nGaeilge is ea é, de ghnáth.

Is i nGaeilge amháin a reachtáiltear imeachtaí na Scoile agus bíonn saol bríomhar sóisialta dhátheangeach i gcónaí ar a himeall.

Nuair a bunaíodh an Cumann ar dtús reachtáileadh Scoileanna Geimhridh i gceantar Thuamhuamhan: san Aonach, i gCill Dá Lua, ar an bhFiacail, agus i mBaile Uí Bheacháin. Ó 1980 reachtáileadh iad i gCill Airne, i gCill Chainnigh, i nGaillimh, in Inis, i gCathair na Mart, i nDún Garbhán, i nGleann Maghair agus i mBun Raite.

An Scoil Samhraidh

Reachtáiltear Scoil Samhraidh Chumann Merriman sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa i ndúthaigh Tuamhumhan, ceantar atá saibhir ó thaobh dúchais agus oidhreachta de.

Reachtáileadh an chéad Scoil Samhraidh in Inis, i gContae an Chláir, i 1968. Tá Cumann Merriman anois buanaithe mar institiúid Éireannach, ar a bhfuil clú is cáil de bharr a mheascán faoi leith léinn is muintiris — rud, gan amhras, lena mbeadh Brian Merriman, sa chré ar an bhFiacail, lán tsásta. Meallann an Scoil Samhraidh, bliain i ndiaidh a chéile, slua faoi leith ollúna, scríbhneoirí, filí, iriseoirí, stáit seirbhíseach is mac léinn chuici. Bíonn idir léachtaí is seimineáir, ranganna Gaeilge agus ranganna seite,agus Club Merriman ar an gclár laethúil. Dar ndóigh bíonn seisiúin cheoil is amhránaíochta agus deiseanna cainte agus díospóireachta mar ghné lárnach den chlár sóisialta, leis.

Cé go mbíonn mór-éileamh ag an lucht léinn ar an Scoil Samhraidh, is mór ag Cumann Merriman go ndíreofaí léachtaí, seimineáir, symposia is gnéithe eile de chlár na Scoile ar an bpobal — pobal an Chláir is pobal na hÉirean araon — i dteannta cuairteoirí a chuirfeadh suim inti.

Scoil dhátheangach í an Scoil Sahmraidh. Bíonn seimineár laethúil ann i nGaeilge agus i mBéarla agus de ghnáth mbíonn léacht Gaeilge amháin ar a laghad ar chlár na Scoile. As an teacht le chéile suaimhneach seo chultúr agus teangacha, tagann timpeallacht shaibhir, bhríomhar a áisíonn léann is scíth araon.

Ó bunaíodh í, bogann an Scoil Samhraidh ó ionad go hionad i gContae an Chláir. Reachtáileadh Scoileanna in Inis, i gCill Chaoi, sa Scairbh, i mBaile Bheacháin, ar Leacht Uí Chonchubhair, i Lios Dúin Bhearna is in Inis Díomáin. Buaileann idir mhuintir an Chláir agus pobal na Scoile le chéile i suíomh spreagúil taitneamhach le sásamh a bhaint as plé ar théamaí na Scoile, éisteacht le ceol nó roinnt rince a dhéanamh. Is obair dhian í seo ar uairibh agus moltar do rannpháirtithe saothar na seachtaine a thógaint go bog dá réir!

merriman.ie