Scoil Gheimridh Chumann Merriman 2024

Scoil Gheimhridh Merriman 2024

Is in Óstán Lawlor’s i Nás na Rí, Co. Chill Dara a bheidh Scoil Gheimhridh Merriman 2024

Dátaí
26-28ú Eanáir
(Aoine go Domhnach).
Óstán Lawlor’s (Lawlor’s Hotel), Cearnóg na Poibleoige, An Nás Thoir, An Nás, Co. Chill Dara, W91 Y65N. Is féidir dul i dteagmháil leo ar 045-906444 nó ar reservations@nulllawlors.ie.
Téann an bus 126 ó Stáisiún Uí Chonghaile, Cé Wellington, agus Stáisiún Heuston go dtí an Nás gach 20-30 nóiméad. Níl stad sa Nás ach cúig nóiméad ón ostán. Féach an clár ama anseo! Tá líon teoranta spásanna páirceála ag an Óstán ach tá rogha ionad páirceála in aice láimhe sa bhaile, mar shampla Naas Town Centre. Tá liosta d’ionaid pháirceála an bhaile anseo.
Téama na Scoile: ‘Gabhaim Molta Bríde’
Is é Oidhreacht Bhríde téama na scoile seo, ag teacht le comóradh 1,500 bliain Bhríde.
Cíorfar ábhair a bhaineann le saol Bhríde trí chainteanna, seimineár, turas agus taibhléirithe a chuirfear i láthair ó bhéal, i bhfoirm ceoil agus le scannán nua ar Bhríd.

Tá rátaí speisialta ar fáil dóibh siúd a bheidh ag freastal ar an Scoil Gheimhridh ach ‘Merriman’ a lua agus áirithintí á ndéanamh ar an bhfón.

2 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin €353.00 (Seomra aonair)
2 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin €408.00 (Seomra dhá leaba / dúbailte)
1 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin €194.00 (Seomra aonair)
1 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin €239.00 (Seomra dhá leaba / dúbailte)
1 Oíche B&B €159.00 (Seomra aonair)
1 Oíche B&B €169.00 (Seomra dhá leaba / dúbailte)

Moltar áirithintí a dhéanamh a luaithe agus is féidir, mar nach bhfuil ach líon teoranta seomraí ar fáil ag na rátaí seo. Tabhair faoi deara nach mbeidh seomraí ar fáil ag na rátaí seo tar éis an 8 Eanáir 2024.

Is féidir ticéad deireadh seachtaine don Scoil a cheannach roimh ré ar Eventbrite tríd an nasc seo. Clúdaíonn an ticéad seo gach imeacht ach amháin an turas bus go baile Chill Dara.Is féidir ticéad don turas bus a cheannach ar Eventbrite anseo.

Scoil Gheimhridh Merriman 2024

íoschóipeáil an clár (PDF)

Clár na Scoile 

Dé hAoine 26 Eanáir

6.30i.n. Clárú 

7.30i.n. Fáiltiú

8.15i.n.Oscailt na Scoile: Dónall Ó Riagáin

8.30i.n. Ar thóir Bhríde: Bríd an Mhiotais, Bríd na Staire agus Bríd an Traidisiúin
An Dr Edel Bhreathnach agus an Dr Billy Mag Fhloinn i mbun allagair leis an Dr Caitríona Ó Dochartaigh

10.00i.n. Club Merriman

Dé Sathairn 27 Eanáir

10.30i.n. Siompóisiam: Dá mbeadh Bríd linn inniu?
Daithí de Faoite, Cill Dara le Gaeilge
An Dr Róisín Á. Costello, Coláiste na Tríonóide
Simon Ó Cróinín, Beachaire agus Údar

Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert

1.45i.n. Bus ag fágáil Óstán Lawlor’s
Cuairt ar bhaile Chill Dara: Solas Bhríde agus Ardeaglais Bhríde

Aíonna: Máirín Mhéiní Uí Chonghaile agus an Dr Caitríona Ó Dochartaigh

Is féidir ticéad (€15) don turas bus a cheannach ar Eventbrite anseo.

5.30i.n. Seoladh leabhar de chuid An Timire

Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock agus Gasúr de chuid Bhaile na nGrág le Tadhg Ó Rabhartaigh á seoladh ag Cathal Goan

Reachtair: An Dr Claire Dunne

8.30i.n. Lorg Bhríde

An Bhladhm BheoMná Chill Dara le Bríd Scannán faoi Naomh Bríd á chur i láthair ag Cill Dara le Gaeilge. Aoi: Caoimhe Ní Shúilleabháin
Ciarán Ó Maitiú ag léamh as úrscéal nua dá chuid 
Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin le hamhráin in ómós do Bhríd

Reachtaire: Máire Ní Neachtain

10.00i.n. Club Merriman

Dé Domhnaigh 28 Eanáir

11.00r.n. Léiriú físiúil ar Naomh Bríd i dtraidisiún na muintire: An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh 

Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha