Cumann Merriman

Tá merriman.ie ag fáil nuamhaise!

An nuashonrú is déanaí: 15ú Mí an Mheithimh 2025.

A chairde,

Tá an obair chothabhála atá ar siúl againn ar ár láithreán gréasáin, á thabhairt chun dáta ⁊ ag cur maise nua uirthi, faoi lán tseol.

Táimíd tosnaithe ar chartlann na Scoileanna a chur ar líne arís agus b’í Scoil ócáidiúil Bherlin 2006 an chéad mhír a athfhoilsíodh. Nach deacair a shamhlú go bhfuil sé naoi mbliana déag ó chathamair lón i mbialann an Dáiréag Aspal?

Táimíd i mbun na Scoileanna Geimhridh faoi láthair agus tá leathanaigh na Scoileanna sin ó 2025 siar go 2020 ar líne anois.

Is mór againn bhur bhfoighne le linn an athchóirithe.

Beirigí uainn bua ⁊ beannacht.

Cumann Merriman