Scoláireachtaí Chumann Merriman

Cuireann Cumann Merriman Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil Gheimhridh gach bliain agus bronntar Scoláireachtaí don Scoil Samhraidh ó am go ham, leis.

I gás an Scoil Gheimhridh, is ar mhic léinn a bhíonn i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge a bronntar na Scoláireachtaí de ghnáth.

Reachtáiltear an scéim trí Ranna Gaeilge sna Coláistí tríú leibhéal. Fógraítear na Scoláireachtaí sna Coláistí thart ar mhí na Nollag agus, tar éis comórtais inmhéanaigh, cuirtear na hainmneacha ar aghaidh go Cumann Merriman.

Is féidir luach reatha na Scoláireachta a fháil amach ach teagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh ríomhphoist atá i mbun an leathanaigh seo.

Maitear táille na Scoile don lucht Scoláireachta, leis. Dhá Scoláireacht a bronntar in aghaidh gach institiúide. Bronntar thart ar fhiche Scoláireacht gach bliain agus cuireann na scoláirí óga seo go mór le hatmaisféar agus beocht na Scoile.

Má tá tuilleadh faisnéise uait, déan teagmháil linn, agus fáilte!