Mar Gheall ar Chumann Merriman

Aidhmeanna

Ainmníodh Cumann Merriman in omós do Bhrian Merriman, údar an dáin cháiliúil, raibiléiseach a scríodh sa hochtú aoise dhéag, Cúirt an Mheán Oíche. Ó cuireadh ar bun i 1967 é, tá sé mar aidhm ag an gCumann suim a chothú ins an bhfile agus i stair is traidisiún Thuamhan. Ceantar ársa sa Mhumhain is ea í seo, ina bhfuil coda de Thiobraid Árann is Luimneach, i dteannta Chontae an Chláir ina hiomláine; ceantar atá ana‑shaibhir ó thaobh dúchais agus oidhreachta de.

Ta sé mar aidhm ag Cumann Merriman, leis, suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile.

Éarlaimh

Uachtarán na hÉireann, a Shoilse Micheál D. Ó hUigínn, an t‑Éarlamh reatha ar Chumann Merriman.

Is mór an onóir do Chumann Merriman go raibh Séamus Heaney, file, scríbhneoir agus buaiteoir dhuais Nobel, agus Úachtaráin na hÉireann, Éamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh, agus Iar‑Uachtarán na hÉireann, Pádraig Ó hIrghile mar Éarlaimh ar an gCumann san aimsir a ghaibh tharainn.

An Scoil Gheimhridh

Reachtáiltear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman gach bliain ag an deireadh seachtaine is gaire do Lá ’le Bríde. Reachtáileadh an chéad Scoil Gheimhridh san Aonach i gContae Thiobraid Árann, i 1969. Is deis an‑tábhachtach í an Scoil do phobal na Gaeilge mar ócáid thaitneamhach shóisialta agus mar láthair le ceisteanna a bhaineann le litríocht, stair, poilíocht agus cúrsaí a reatha a phlé.

Is i nGaeilge amháin a reachtáiltear imeachtaí na Scoile Geimhridh agus bíonn saol bríomhar sóisialta dhátheangeach i gcónaí ar a himeall. Nuair a bunaíodh an Cumann ar dtús, reachtáileadh Scoileanna Geimhridh san Aonach, i gCill Dá Lua, ar an bhFiacail agus i mBaile Uí Bheacháin i gceantar Thuamhan. Ó 1980, tá siad á reachtáil i gCíll Airne, i gCíll Chainnigh, i nGaillimh, in Inis, i gCathair na Mart, i nDún Garbhán, i nGleann Maghair, i mBun Raite is in áiteanna nach iad.

An Scoil Samhraidh

Níl Scoil Samhraidh Chumann Merriman ag dul ar aghaidh faoi láthair ach reachtáltaí í go traidisiúnta sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa i ndúthaigh Tuamhan.

Reachtáileadh an chéad Scoil Samhraidh in Inis, i gContae an Chláir, i 1968. Tá Cumann Merriman buanaithe anois mar institiúid Éireannach, a bhfuil clú is cáil uirthi de bharr a meascán faoi leith léinn is muintiris — rud, gan amhras, lena mbeadh Brian Merriman, sa chré ar an bhFiacail, lán tsásta. Meallann an Scoil Samhraidh, bliain i ndiaidh a chéile, slua faoi leith ollúna, scríbhneoirí, filí, iriseoirí, stáit seirbhíseach agus mac- is iníonacha léinn chuici. Bíonn idir léachtaí is seimineáir, ranganna Gaeilge agus ranganna seite ar an gclár laethúil — gan trácht ar Club Merriman! Dar ndóigh, bíonn seisiúin cheoil ⁊ amhránaíochta agus deiseanna cainte ⁊ díospóireachta mar ghné lárnach den chlár sóisialta, leis.

Cé go mbíonn mór‑éileamh ag an lucht léinn ar an Scoil Samhraidh, is mór ag Cumann Merriman go ndíreofaí léachtaí, seimineáir, siomposia ⁊ gnéithe eile de chlár na Scoile ar an bpobal — pobal an Chláir is pobal na hÉirean araon, i dteannta cuairteoirí a chuirfeadh suim inti.

Scoil dhátheangach í an Scoil Sahmraidh. Bíonn seimineár laethúil ann i nGaeilge agus i mBéarla agus de ghnáth mbíonn léacht Gaeilge amháin ar a laghad ar chlár na Scoile. As an teacht le chéile suaimhneach seo chultúr agus teangacha, tagann timpeallacht shaibhir, bhríomhar a áisíonn léann is scíth araon.

Ó bunaíodh an Scoil Samhraidh, tá sí á bogadh ó ionad go hionad i gContae an Chláir. Reachtáileadh Scoileanna in Inis, i gCill Chaoi, sa Scairbh, i mBaile Bheacháin, ar Leacht Uí Chonchubhair, i Lios Dúin Bhearna is in Inis Díomáin. Buaileann muintir an Chláir agus pobal na Scoile le chéile i suíomh ata spreagúil, taitneamhach le sásamh a bhaint as plé ar théamaí na Scoile, le héisteacht le ceol nó le roinnt rince a dhéanamh. Is obair dhian í seo ar uairibh agus moltar do rannpháirtithe saothar na seachtaine a thógaint go bog dá réir!