Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2025

Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní

Forbhreithniú ar an Scoil

Téama: A chomharsain éistigí – ardáin don éigse inné agus inniu.

Ionad: Óstán an Old Ground, Inis, Contae an Chláir.

Dátaí: 25 – 26 Mí Eanáir 2025 (Satharn go Domhnach).

Stiúrthóirí: Róisín Nic Dhonncha, Deirdre Nic Mhathúna ⁊ Máire Ní Neachtain.

Plé ar na bealaí éagsúla a gcuirtear an fhilíocht i láthair an phobail, ar an gcúirt éigse san ochtú haois déag, ar an dáimhscoil agus ar scoileanna éigse san fhichiú haois.

Cíoradh na mbealaí a gcuirtear an fhilíocht agus na hamhráin dhúchasacha i láthair an phobail sa lá atá inniu ann.

I measc na rannpháirtithe: Diarmuid de Faoite, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Concubhar Ó Liatháin, Liam Ó Dochartaigh, Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha, Bríd Ní Ghormáin, Emer O’Flaherty, Therese Mc Inerney agus Edel Vaughan.

Beidh na himeachtaí go léir ach an chuairt ar Leabharlann na hInse ar siúl san Óstán.

Clár (leasaithe) na Scoile

Íoschóipeáil clár bunaidh na Scoile i riocht PDF…

…agus an clár leasaithe sa bhformáid chéanna.

Dé Sathairn 25ú Eanáir

14.00. Oscailt na Scoile

Ag teacht le chéile ag Leabharlann Phoiblí De Valera, Nasc Tóchair, V95 CTN0.

Le Diarmuid de Faoite.

Cuairt ar Leabharlann na hInse.

Taispeántas agus caint ar Chúirt Éigse na hInse.

Aíonna: Brian Ó Dálaigh, Ciara Fahy ⁊ Síle Ní Choincheannain.

Arna heagrú i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir.

Cead isteach saor in aisce.

16.00. Clárú don Scoil

In Óstán an Old Ground.

16.30. An éigse: mar a bhí, mar atá, mar a bheidh?

Eoghan Mac Giolla Bhríde i mbun allagair le Máire Ní Neachtain.

17.00 go 18.00. iompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw: Ardáin Ilghnéitheacha na hÉigse

‘Scoileanna éigse agus seanchais na Gaillimhe’ le Liam Ó Dochartaigh.

‘Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn’ le Concubhar Ó Liatháin.

Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna.

20.30. Fonn, Féile agus Filíocht

Togha an cheoil agus na n‑amhrán le cumadóirí, ceoltóirí agus fonnadóirí ag tabhairt léargas ar chumadóireacht agus seachadadh ealaíona béil na Gaeilge sa ré chomhaimseartha.

Aíonna: Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha agus Bríd Ní Ghormáin.

Reachtaire: Róisín Nic Dhonncha..

22.00. Club Merriman

Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.

Dé Domhnaigh 26ú Eanáir

11.00. Dúchas agus Dóchas: amhráin Ghaeilge Chontae an Chláir ó ré na mbard go dtí nuachumadóirí an lae inniu

Edel Vaughan (feadóga agus guth), Emer O’Flaherty (pianó agus guth) agus Therese Mc Inerney (fidil ⁊ guth).

Arna léiriú ag Diarmuid de Faoite.

Reachtaire: Caitríona Ó Dochartaigh.

Blaisíní den Scoil

Grianghraif le Míċeál Ó Loċlainn.

O.G., go suaimhneach, sásta ina nead féin i mbéal dorais thosaigh an Old Ground.