Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2021

Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní

Forbhreithniú ar an Scoil

Téama: Oidhreacht Cholm Cille.

Ionad: Ar líne (Zoom).

Dátaí: 29ú – 31ú Mí Eanáir 2021 (Aoine go Domhnach).

Stiúrthóirí: Deirdre Nic Mhathúna ⁊ Caitríona Ó Dochartaigh.

Cuireadh imeachtaí na Scoile seo ar fáil ar ardán Zoom. Níor taifeadadh iad agus ní raibh ceamaraí ná micreafóin an lucht féachana. Bhí deis ceisteanna a chur ag deireadh na seisiún, áfach, tríd an bhfeidhm Q⁊A.

Buíochas: Gabhann Cumann Merriman buíochas le Foras na Gaeilge, Colmcille 1500, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Colmcille 1500 – Coiste Cuimhneachán Cheanannais, Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí, Comharchumann Ráth Chairn, Máire Herbert, Tomás Ó hAodha ⁊ Trevor Herbert.

Gabhtar mórbhuíochas le Liam Ó Dochartaigh, iarChathaoirleach Chumann Merriman, le Mary O’Riordan, iarRúnaí, le Liam Ó hAisibéil, ball Coiste ⁊ le Míċeál Ó Loċlainn, a rinne cúram den suíomh idirlín, as a saothar ar fad ar son an Chumainn.

Clár na Scoile

Íoschóipeáil clár na Scoile i riocht PDF.

Dé hAoine 29ú Eanáir

19.15. Oscailt na Scoile

Leis an Ollamh Malachy Ó Néill, Propast, Campas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh.

19.30. Cérbh é Colm Cille? Colm Cille i dtraidisiún na muintire agus sa stair

An tOllamh Lillis Ó Laoire agus an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha i mbun allagair leis an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.

Dé Sathairn 30ú Eanáir (seisiún 1)

10.30. Siompóisiam: Teanga, Oideachas agus Pobal ag Cothú a Chéile

An Dr Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta, Foras na Gaeilge; an Dr Eibhlín Mhic Aoidh, Léachtóir Sinsearach san Oideachas trí mheán na Gaeilge, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste; agus Pól Ó Frighil, Oifigeach Polasaí ⁊ Teangacha, Comhairle Chathair Dhoire ⁊ Cheantar an tSratha Báin..

Cathaoirleach: An Dr Deirdre Nic Mhathúna.

Dé Sathairn 30ú Eanáir (seisiún 2)

14.00. Turas fíorúil ar Cheanannas

Turas fíorúil thart ar láithreacha a bhaineann le Colm Cille i gCeanannas na Mí. I gcomhar le Colmcille 1500 – Coiste Cuimhneachán Cheanannais, Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí agus Comharchumann Ráth Chairn.

Is féidir féachaint ar an dturas seo sna Blaisíní, thíos.

14.45. Seoladh leabhair

Prós Paiteanta: Aistí in ómós do Phádraic Breathnach.

Aistí in ómós do Phádraic Breathnach in eagar ag Laoise Ní Cheallaigh, Róisín Nic Dhonncha agus Breandán Ó Cróinín (Coiscéim).

Á sheoladh ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh.

Reachtaire: An Dr Claire M. Dunne.

Dé Sathairn 30ú Eanáir (seisiún 3)

19.30. Scéal na Gaeilge (ROSG 2012)

Míreanna ón scánnán á léiriú agus á bplé ag Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir, agus ag an Ollamh Alan Titley, Scriptscríbhneoir agus Láithreoir.

Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.

Dé Domhnaigh 31ú Eanáir

11.00. Léamh filíochta agus próis in ómós do Cholm Cille

Le Liam Ó Dochartaigh, Proinsias Mac a’ Bhaird ⁊ An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.

Reachtaire: An Dr Caitríona Ó Dochartaigh.

Is féidir éisteacht leis an mhír seo sna Blaisíní, thíos.

Blaisíní den Scoil

Míreanna físeáin

Colm Cille agus Ceanannas: Turas Fíorúil.

Colm Cille na hÉigse: Léamh Filíochta agus Próis.