Scoil Chumann Merriman 2006 i mBeirlín

Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní

Forbhreithniú ar an Scoil

Téama: An leagan Gearmáinise a dhein an scoláire Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche.

Ionad: Ollscoil Humboldt (Unter den Linden), Beirlín na Gearmáine.

Dátaí: 23 – 24 Márta 2006.

Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh.

I 1905 foilsíodh leagan Gearmáinise a dhein an scoláire Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche. I 2006, d’eagraigh Cumann Merriman Scoil ar leith in Ollscoil Humboldt i mBeirlín chun é seo a cheiliúradh.

B’é a Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine a d’oscail an Scoil agus le linn na hoscailte d’fhógar sé maoiniú do sheacht gcinn d’Ollscoileanna Gearmánacha as Ciste Léann na Gaeilge chun tacú le teagasc na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin.

I measc na gcainteoirí bhí Liam P. Ó Murchú, Joachim Fischer, an tOllamh Pádraig Ó Riain agus an tOllamh Hildergard Tristram.

Clár na Scoile

Déardaoin 23ú Márta

18.30. Fáiltiú

Ollscoil Humboldt (Unter den Linden), mar a bhfuil cartlann fuaime, agus neart taifead inti de chainteoirí dúchais Gaeilge, déanta tríd an fichiú aois.

19.30. Oscailt na Scoile

Le hAmbasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, a Shoilse Seán Ó hUiginn.

Cur i láthair

Le Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman. Bunú, stair agus aidhmeanna Chumann Merriman á bplé, i dteannta cur síos ar Bhrian Merriman agus ar a dhán cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.

Léacht: An tSlí á Réiteach: Ludwig Stern agus an Léann Ceilteach sa Ghearmáin

An tOllamh Pádraig Ó Riain, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ⁊ Duaiseoir Humboldt. Cathaoirleach: Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg.

21.00. Sleachta as Cúirt an Mheán Oíche

Léite as Gearmáinis ag Hildegard L.C. Tristram ⁊ Arne Peters agus as Gaeilge ag Eoghan Ó hAnluain ⁊ Áine Uí Cheallaigh. Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.

22.30. Club Merriman

Caidreamh, caidreáil ⁊ amhránaíocht in Óstán an Chlarion leis na fonnadóirí sean-nóis, Áine Uí Cheallaigh, Pádraig Ó Cearbhaill ⁊ Lillis Ó Laoire.

Dé hAoine 24ú Márta

09.30. Léacht: Cúirt Mherriman: abhar an Údair Féin, na Lámhscríbhinní agus na hEagarthóirí

Liam P. Ó Murchú, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cathaoirleach: An Dr Meidhbhín Ní Úrdail.

10.30. Léacht: Ó Stern go Kirsch: Merriman á nochtú do na Gearmánaigh

An Dr Joachim Fischer, Ollscoil Luimnigh. Cathaoirleach: An Dr Meidhbhín Ní Úrdail.

11.00. Sos tae

Sóláistí. Fluichadh ⁊ bearradh, cur ⁊ cúiteamh.

11.30. Léacht: Léann na Gaeilge agus an Léann Ceilteach i dTíortha na Gearmáinise Inniu

An tOllamh, an Dr Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg. Cathaoirleach: An Dr Liam Mac Mathúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach.

12.30. Lón

Bialann an Dáiréag Aspal.

14.30. Cuairt ar Chartlann Fuaime Ollscoil Humboldt

Á stiúradh ag Sabine Heinz agus riarthóir na Cartlainne, Jurgen Marenholz.

19.30. Fáiltiú

Cuireadh go hÁras an Ambasadóra óna Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann go Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.

Blaisíní den Scoil

Grianghraif le Míċeál Ó Loċlainn.