Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2023

Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní

Forbhreithniú ar an Scoil

Téama: Bláthú agus Buanú na Gaeilge: Oidhreacht, Éiceolaíocht agus Fiontraíocht.

Ionad: Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Cathair na Gaillimhe.

Dátaí: 27ú – 29ú Mí Eanáir 2023 (Aoine go Domhnach).

Stiúrthóirí: Trevor Herbert, Róisín Nic Dhonncha ⁊ Deirdre Nic Mhathúna.

I measc na n‑aíonna: Michael Cronin, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Ríonach Ní Néill, Toner Quinn, Diarmuid Ó Mathúna, Emma Verling, Macdara Ó Cuaig agus Críostóir Mac Cárthaigh.

Clár na Scoile

Íoschóipeáil clár na Scoile i riocht PDF.

Dé hAoine 27ú Eanáir

18.00. Clárú

In Óstán Chuan na Gaillimhe.

19.30. Fáiltiú

In Óstán Chuan na Gaillimhe.

20.15. Oscailt na Scoile

Leis an Ollamh Michael Cronin, Coláiste na Tríonóide.

20.30. An Fhiontraíocht — Crann Taca don Ghaeilge agus don Éiceolaíocht

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, agus an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i mbun allagair le Máire Ní Neachtain.

22.00. Club Merriman

Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.

Dé Sathairn 28ú Eanáir

10.30. Siompóisiam: Ó Bhriathar go Beart: Cur chun cinn na hOidhreachta, na hÉiceolaíochta agus na Fiontraíochta

An Dr Ríonach Ní Néill, Ealaíontóir, Toner Quinn, Ceoltóir ⁊ criticeoir agus Diarmuid Ó Mathúna, úinéir ⁊ bainisteoir, POTA Café.

Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert.

13.45. Turas treoraithe i nDrioglann Mhicil

Tá an turas seo curtha ar ceal, fóraíor.

Turas spleodrach, eolach ar dhéantús biotáillí agus traidisiún na stiléireachta, áit a léireofar mar a thug muintir Ghriallais ó Dhrioglann Mhicil leo an cheird sin óna sinsear i gConamara.

Ag teacht le chéile ag Fáiltiú an Óstáin, Galway Bay Hotel, agus ag siúl chuig Drioglann Mhicil, Oslo Bar, 226 Bóthar na Trá Uachtarach.

Is oth linn nach bhfuil an Drioglann inrochtana ag cathaoireacha rothaí.

Ticéad: €18. San áireamh: Turas treoraithe 45 go 60 nóiméad agus blaiseadh uisce beatha.

17.30. Seoladh leabhar

Culture, Contention and Identity in Seventeenth-Century Ireland: Antonius Bruodinus’ Anatomical Examination of Thomas Carve’s Apologetic Handbook.

In eagar ag Giacomo Fedeli, Luke McInerney ⁊ Brian Ó Dálaigh (Cork University Press).

Á sheoladh ag an Athair Mícheál Mac Craith OFM.

Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge Faoi Chaibidil.

In eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí ⁊ Pádraig Ó Liatháin (CLÓ Léann na Gaeilge).

Á sheoladh ag Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Reachtaire: An Dr Deirdre Nic Mhathúna

20.30. Ag Treabhadh na dTonn: Eolaíocht agus Éiceolaíocht na Mara

An Dr Emma Verling, MaREI, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Macdara Ó Cuaig, Foras na Mara, i mbun allagair le Mairéad Ní Nuadháin.

22.00. Club Merriman

Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.

Dé Domhnaigh 29ú Eanáir

11.00. Dúchas agus Oiliúint: Léargas Físiúil ar Ghnéithe den Chultúr Ábhartha

Leis an Dr Críostóir Mac Cárthaigh, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha.

Blaisíní den Scoil

Míreanna fuaime

Éist le Róisín Nic Dhonncha, duine de stiúrthóirí Scoil Gheimhridh 2023, ag labhairt mar gheall ar an Scoil ar Iris Aniar.

Is féidir éisteacht le cathaoirleach an Chumainn, Deirdre Nic Mháthúna, ag labhairt le BBC Blas i dtaobh na Scoile leis.

Íomhánna

Grianghraif le Míċeál Ó Loċlainn.