Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní
Forbhreithniú ar an Scoil
Téama: Gabhaim Molta Bríde.
Ionad: Óstán Lawlor, Cearnóg na Poibleoige, An Nás Thoir, An Nás, Contae Chill Dara, W91 Y65N.
Dátaí: 26ú – 28ú Mí Eanáir 2024 (Aoine go Domhnach).
Stiúrthóirí: Trevor Herbert, Deirdre Nic Mhathúna, Máire Ní Neachtain ⁊ Caitríona Ó Dochartaigh.
Is é Oidhreacht Bhríde fócas na Scoile seo, ag teacht le comóradh 1,500 bliain Bhríde.
Cíorfar ábhair a bhaineann le saol Bhríde trí chainteanna, seimineár, turas agus taibhléirithe a chuirfear i láthair ó bhéal, i bhfoirm ceoil agus le scannán nua ar Bhríd.
Clár na Scoile
Íoschóipeáil clár na Scoile i riocht PDF.
Dé hAoine 26ú Eanáir
18.30. Clárú
In Óstán Lawlor.
17.30. Fáiltiú
In Óstán Lawlor.
20.15. Oscailt na Scoile
Le Dónall Ó Riagáin.
20.30. Ar thóir Bhríde: Bríd an Mhiotais, Bríd na Staire agus Bríd an Traidisiúin
An Dr Edel Bhreathnach ⁊ an Dr Billy Mag Fhloinn i mbun allagair leis an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.
22.00. Club Merriman
Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.
Dé Sathairn 27ú Eanáir
10.30. Siompóisiam: Dá mbeadh Bríd linn inniu?
Le Daithí de Faoite, Cill Dara le Gaeilge, An Dr Róisín Á. Costello, Coláiste na Tríonóide agus Simon Ó Cróinín, beachaire ⁊ údar.
Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert.
13.45. Cuairt ar bhaile Chill Dara: Solas Bhríde ⁊ Ardeaglais Bhríde
Aíonna: Máirín Mhéiní Uí Chonghaile ⁊ an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.
Bus ag imeacht ó Óstán Lawlor.
17.30. Seoladh leabhar de chuid An Timire
Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock agus Gasúr de chuid Bhaile na nGrág le Tadhg Ó Rabhartaigh.
Á seoladh ag Cathal Goan.
Reachtaire: An Dr Claire Dunne.
20.30. Lorg Bhríde
An Bhladhm Bheo: Mná Chill Dara le Bríd. Scannán faoi Naomh Bríd á chur i láthair ag Cill Dara le Gaeilge.
Aoi: Caoimhe Ní Shúilleabháin.
Ciarán Ó Maitiú ag léamh as úrscéal nua dá chuid.
Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin le hamhráin in ómós do Bhríd.
Reachtaire: Máire Ní Neachtain.
22.00. Club Merriman
Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.
Dé Domhnaigh 28ú Eanáir
11.00. Léiriú físiúil ar Naomh Bríd i dtraidisiún na muintire
Leis an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh.
Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha.
Blaisíní den Scoil
Grianghraif le Míċeál Ó Loċlainn.























































































