Léim go: forbhreithniú | clár | blaisíní
Forbhreithniú ar an Scoil
Téama: Bláthú agus Buanú na Gaeilge: Oidhreacht, Éiceolaíocht agus Fiontraíocht.
Ionad: Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Cathair na Gaillimhe.
Dátaí: 27ú – 29ú Mí Eanáir 2023 (Aoine go Domhnach).
Stiúrthóirí: Trevor Herbert, Róisín Nic Dhonncha ⁊ Deirdre Nic Mhathúna.
I measc na n‑aíonna: Michael Cronin, Anna Ní Ghallachair, Emer Ní Bhrádaigh, Ríonach Ní Néill, Toner Quinn, Diarmuid Ó Mathúna, Emma Verling, Macdara Ó Cuaig agus Críostóir Mac Cárthaigh.
Clár na Scoile
Íoschóipeáil clár na Scoile i riocht PDF.
Dé hAoine 27ú Eanáir
18.00. Clárú
In Óstán Chuan na Gaillimhe.
19.30. Fáiltiú
In Óstán Chuan na Gaillimhe.
20.15. Oscailt na Scoile
Leis an Ollamh Michael Cronin, Coláiste na Tríonóide.
20.30. An Fhiontraíocht — Crann Taca don Ghaeilge agus don Éiceolaíocht
Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, agus an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i mbun allagair le Máire Ní Neachtain.
22.00. Club Merriman
Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.
Dé Sathairn 28ú Eanáir
10.30. Siompóisiam: Ó Bhriathar go Beart: Cur chun cinn na hOidhreachta, na hÉiceolaíochta agus na Fiontraíochta
An Dr Ríonach Ní Néill, Ealaíontóir, Toner Quinn, Ceoltóir ⁊ criticeoir agus Diarmuid Ó Mathúna, úinéir ⁊ bainisteoir, POTA Café.
Cathaoirleach: An Dr Trevor Herbert.
13.45. Turas treoraithe i nDrioglann Mhicil
Tá an turas seo curtha ar ceal, fóraíor.
Turas spleodrach, eolach ar dhéantús biotáillí agus traidisiún na stiléireachta, áit a léireofar mar a thug muintir Ghriallais ó Dhrioglann Mhicil leo an cheird sin óna sinsear i gConamara.
Ag teacht le chéile ag Fáiltiú an Óstáin, Galway Bay Hotel, agus ag siúl chuig Drioglann Mhicil, Oslo Bar, 226 Bóthar na Trá Uachtarach.
Is oth linn nach bhfuil an Drioglann inrochtana ag cathaoireacha rothaí.
Ticéad: €18. San áireamh: Turas treoraithe 45 go 60 nóiméad agus blaiseadh uisce beatha.
17.30. Seoladh leabhar
Culture, Contention and Identity in Seventeenth-Century Ireland: Antonius Bruodinus’ Anatomical Examination of Thomas Carve’s Apologetic Handbook.
In eagar ag Giacomo Fedeli, Luke McInerney ⁊ Brian Ó Dálaigh (Cork University Press).
Á sheoladh ag an Athair Mícheál Mac Craith OFM.
Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge Faoi Chaibidil.
In eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí ⁊ Pádraig Ó Liatháin (CLÓ Léann na Gaeilge).
Á sheoladh ag Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Reachtaire: An Dr Deirdre Nic Mhathúna
20.30. Ag Treabhadh na dTonn: Eolaíocht agus Éiceolaíocht na Mara
An Dr Emma Verling, MaREI, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Macdara Ó Cuaig, Foras na Mara, i mbun allagair le Mairéad Ní Nuadháin.
22.00. Club Merriman
Caidreamh, caidreáil, ceol ⁊ amhránaíocht.
Dé Domhnaigh 29ú Eanáir
11.00. Dúchas agus Oiliúint: Léargas Físiúil ar Ghnéithe den Chultúr Ábhartha
Leis an Dr Críostóir Mac Cárthaigh, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
Reachtaire: An Dr Róisín Nic Dhonncha.
Ar taispeáint ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2023
Saíocht ⁊ Saoránacht: Tomás Ó Máille
Taispeántas faoi shaol agus faoi shaothar an chéad ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, Tomás Ó Máille (1880–1938).
Flóra Chois Fharraige
Léargas ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige, Co na Gaillimhe.
Blaisíní den Scoil
Míreanna fuaime
Éist le Róisín Nic Dhonncha, duine de stiúrthóirí Scoil Gheimhridh 2023, ag labhairt mar gheall ar an Scoil ar Iris Aniar.
Is féidir éisteacht le cathaoirleach an Chumainn, Deirdre Nic Mháthúna, ag labhairt le BBC Blas i dtaobh na Scoile leis.
Íomhánna
Grianghraif le Míċeál Ó Loċlainn.















































