Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2020

Léim go: Clár

Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2020

Dátaí
31ú Eanáir go 2ú Feabhra
(Aoine go Domhnach).
Ionad
Óstán Chuan na Gaillimhe (Galway Bay Hotel), Bóthar na Trá, Gaillimh.
I Seomra Bhaile Uí Bheacháin a bheidh príomhimeachtaí na Scoile.
Téama
Gaillimh Abú! Saoithiúlacht agus Cultúr na nGael.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Deirdre Nic Mhathúna agus Liam Ó Dochartaigh.

faisnéis ar lóistín 🔗
(ta rátaí speisialta ar fáil do rannphártaithe)

táillí na Scoile 🔗

Clár na Scoile

Chun dáta 25 Eanair

íoschóipeáil an clár (PDF)

Dé hAoine 31 Eanáir

6.00in
Clárú
7.30in
Fáiltiú
8.15in
Oscailt na Scoile
Le Catherine Connolly TD
8.30in
Tuige Cultúr?
An Dr Louis de Paor, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus an Dr Tríona Ní Shíocháin, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, i mbun allagair le hAodh Ó Coileáin.
10.00in
Club Merriman
Comhrá, ceol agus amhráin.

Dé Sathairn 1 Feabhra

10.30rn
Siompóisiam: Gortshaothrú
Freda Nic Giolla Chatháin, Gaillimh 2020.
Darach Ó Tuairisg, Fíbín.
Ceara Conway, ealaíontóir agus amhránaí.
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.
13.45
Turas bus go dtí an Spidéal.
Cuairt ar láthair Ros na Rún, ar shéipéal Chill Éinde agus ar Cheardlann an Spidéil san áireamh.
Ag teacht le chéile ag an bhFáiltiú, Galway Bay Hotel.
17.30
Ócáid sheolta.
Croí Cine, in eagar ag Seán de Fréine (Cló Iar-Chonnacht) agus á sheoladh ag Gearóid Ó Tuathaigh.
Stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge [comhdhail.comhar.ie]
Micreashuíomh mar chompánach le Scéal Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (LeabhairCOMHAR, 2018), á sheoladh ag Deirbhile Nic Craith.
Reachtaire: Caitríona Ó Dochartaigh.
8.30in
Conair Ceoil
Turas ceolmhar i gcomhluadar Johnny Óg Connolly, Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus Pádraig Ó Dubhghaill tré shaothar Johnny Óig. Ceol a cuireadh le dánta Mháirtín Uí Dhireáin agus Joe Steve Uí Neachtain san áireamh.
Reachtaire: Máire Ní Neachtain.
10.00in
Club Merriman
Comhrá, ceol agus amhráin.

Dé Domhnaigh 2 Feabhra

11.00rn
Coisín Shiúlach
Ceiliúradh ar shaothar Shorcha Ní Ghuairim, laoch Gaeilge agus Gaeltachta.
www.sorchaníghuairim.ie á chur i láthair.
Míċeál Ó Loċlainn, Áras Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG.
An Dr Róisín Nic Dhonncha, Coláiste Mhuire gan Smál.
Agus aíonna.
Reachtaire: Liam Ó Dochartaigh.