Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2018

An 50ú Scoil Gheimhridh

Léim go: Clár | Forbhreithniú | Preaseisiúint | Press Release

Dátaí
26ú go 28ú Eanáir
(Aoine go Domhnach).
Ionad
Ostán an Old Ground, Inis, Contae an Chláir.
Téama
Éigse Éireann go hAonteach.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain ⁊ Liam Ó Dochartaigh.

Tá an Scoil seo á reachtáil i gcomhar le An Clár as Gaeilge.

Clár na Scoile

Íoschóipeáil clár Scoil Gheimhridh 2018 i riocht PDF.

Lóistín

faisnéis mar gheall ar lóistín ar fáil.

Forbhreithniú ar an Scoil

Tionólfar 50ú Scoil Gheimhridh Merriman as a chéile in Inis, Contae an Chláir, ó Aoine go Satharn, 26ú go 28ú Eanáir 2018. Is é óstán an Old Ground (065 682 8127) a bheidh mar phríomhláthair na Scoile.

Tionóladh céad Scoil Gheimhridh Merriman in Aonach Urmhumhan tús na bliana 1969 agus b’iad Eoghan Ó hAnluain (nach maireann) agus Seán Ó Mórdha a d’eagraigh. ‘Filí Éireann go hAonteach’ an téama agus b’é Máirtín Ó Cadhain a thug caint cháiliúil na hoscailte, ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’. ‘Éigse Éireann go hAonteach’ téama scoile 2018.

Tá súil go mbeidh mórscríbhneoirí reatha na Gaeilge i láthair agus go ndéanfar comóradh ar scoth na scríbhneoireachta sa Ghaeilge ó na 1960adaí i leith.

Tá an Scoil seo á reachtáil i gcomhar le An Clár as Gaeilge.

Íoschóipeáil eitleog mar gheall ar an Scoil.

Preasráiteas

11 Eanáir 2018

TOSACH

Tionólfar 50ú Scoil Gheimhridh Merriman in Inis an deireadh seachtaine 26–28 Eanáir 2018. ‘Éigse Éireann go hAonteach’ an téama agus is iad Máire Ní Neachtain agus Liam Ó Dochartaigh stiúrthóiri na Scoile. Tá an Scoil seo á heagrú i gcomhar leis an dtionscnamh áitiúil teanga ‘An Clár as Gaeilge’.

Mí Eanáir 1969 a tharla an chéad Scoil Gheimhridh in Aonach Urmhumhan. B’iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain a d’eagraigh. I measc na ndaoine a bhí páirteach bhí Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Máirtín Ó Direáin agus léigh an file óg Nuala Ní Dhomhnaill dán don slua i láthair.

Beidh Nuala páirteach arís sa 50ú Scoil Gheimhridh. Beidh sí faoi agallamh tráthnóna an tSathairn ag an Ollamh Patricia Coughlan, Luimníoch ó dhúchas, agus í ar trácht, i measc ábhair eile, ar a ‘céadsearc’, amhráin mhóra na Mumhan. Casfaidh Muireann Nic Amhlaoibh roinnt de na hamhráin seo.

Mórscríbhneoirí eile a bheidh páirteach sa Scoil iad na hollúna Máirín Nic Eoin agus Alan Titley; beidh siadsan ag comhrá le Cathal Póirtéir, oíche na hoscailte, faoi mar thugann scríobh agus scoláireacht na Gaeilge ‘súil eile ar Éirinn’, nó fiú ‘súil eile as Éirinn’.
Ní súil siar amháin a bheidh ag an Scoil mar go mbeidh seimineár ar an scríbhneoireacht reatha dar teideal ‘Tri Mheán na Gaeilge’, mar a gcloisfear ó Shiobhán Ní Ghadhra (Ros na Rún), Séamus Barra Ó Súilleabháin, file, agus Darach Ó Scolaí, scríbhneoir agus foilsitheoir. Mar chlabhsúr ar imeachtaí na Scoile, cloisfear an file Doireann Ní Ghríofa, as Inis ó dhúchas, ag léamh a saothair féin agus a rogha de shaothar fhilí eile; ina tenant beidh scoth de cheoltóirí ón gClár.

Seolfar leabhair bunaithe ar shaothar Bhrian Merriman agus Antoine Raiftearaí ag an Scoil chomh maith le leabhair ar litríocht faoin óige agus ar úrscéalta na Gaeilge.

Óstán an Old Ground in Inis príomhláthair na Scoile; san óstán céanna a bhí céad Scoil Samhraidh Merriman riamh, mí Mheán Fómhair 1968.
Agus mar is iondúil ag Scoileanna Merriman, beidh comhluadar, comhrá, ceol agus amhráin, agus neart grinn ag an Scoil. Beifear ag súil go scaipfear dúluachair an gheimhridh mar scaipfí an ceo.

[Eagras lándeonach é Cumann Merriman, a bhfuil 101 Scoil eagraithe go dtí seo acu, 49 Scoil Samhraidh Merriman, 49 Scoil Gheimhridh, agus trí Scoil lasmuigh d’Éirinn, dhá cheann sa Bhreatain Bheag sna 1980adaí, agus ceann i mBeirlín i 2006.]

Tuilleadh eolais: eolas@nullmerriman.ie nó 086 382 0671.

Deán teagmháil le:
Liam Ó Dochartaigh*, comhstiúrthóir na scoile, 087 798 8956
Máire Ní Neachtain, comhstiúrthóir na scoile, 086 382 0671

* Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil Gheimhridh chomh maith.

DEIREADH

Press Release

11 January 2018

START

The 50th consecutive Scoil Gheimhridh Merriman (Merriman Winter School) will be held in Ennis the weekend of 26–28 January 2018. ‘Éigse Éireann go hAonteach’ is the theme; the organisers are Máire Ní Neachtain and Liam Ó Dochartaigh and the Winter School is being run in partnership with the Ennis-based language initiative ‘An Clár as Gaeilge’.

The first Merriman winter school was held in Nenagh in January 1969, organised by Seán Ó Mórdha and Eoghan Ó hAnluain. Among those who spoke at the School were Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin and Máirtín Ó Direáin and the young poet Nuala Ní Dhomhnaill read her own composition for the assembled ‘scholars’.

Nuala will be a participant again in the 50th Scoil Gheimhridh (Saturday, 27 January). She will be in conversation with Professor Patricia Coughlan (UCC and a Limerick native). Among the topics anticipated will be her ‘céadsearc’, her first love, the great songs of the Munster poets, a selection of which will be sung on the night by Muireann Nic Amhlaoibh.

Other prominent writers of Irish who will feature are Máirín Nic Eoin agus Alan Titley; they will be interviewed by Cathal Póirtéir, teasing out their views on how creative writing and scholarship in Irish provide another view of — and from — Ireland (‘súil eile ar Éirinn’; ‘súil eile as Éirinn’).

Not all events will be retrospective. Siobhán Ní Ghadhra (director of Eo Telefís, producers of ‘Ros na Rún’), the performance poet, Séamus Barra Ó Súilleabháin, and author and publisher Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac) will discuss contemporary writing in Irish, which is thriving. The concluding event will be the renowned poet Doireann Ní Ghríofa, a native of Ennis, reading from both her own work, and a selection of other favourites, interspersed with the best of traditional music from Clare.

A staple of Scoil Gheimhridh Merriman from the outset is book launchings. Books on Brian Merriman (a stage adaptation by Celia de Fréine), Antoine Raiftearaí (a new edition of songs and poems first published by Douglas Hyde), and studies on the literature of childhood and on the novel in Irish will be suitably sent on their way.

The principal location will be the Old Ground Hotel in Ennis (the School will transfer to the Rowan Tree Bar and Café for the Saturday afternoon). The Old Ground was also the main location for the very first Merriman Summer School in Ennis in September 1968. The customary good company is anticipated, along with lively conversation, music and song, and plenty of good humour to help disperse the gloom of winter.

[Cumann Merriman is an entirely voluntary organisation which has held 101 Schools to date: 49 Merriman Summer Schools, 49 Scoil Gheimhridh, and 3 international Schools, two in Wales in the 1980s and one in Berlin in 2006.]

Further information: eolas@nullmerriman.ie or 086 382 0671.

Contacts:
Liam Ó Dochartaigh*, joint director, 087 798 8956
Máire Ní Neachtain, joint director, 086 382 0671

* Liam also attended the first Merriman Summer and Winter Schools.

END