Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2009

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

Rachainn go Gaillimh — le filí agus le fonnadóirí

Dátaí
6 – 8 Feabhra 2009.
Téama
Rachainn go Gaillimh — le filí agus le fonnadóirí.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
Ionad
Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.

Forbhreithniú ar an Scoil

Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé 20 bliain ó tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGaillimh cheana. Trí oileán Árann a bhí mar théama an taca seo i 1989, agus b’é Breandán Ó hEithir a thug an chéad léacht.

Is breá linn a bheith ar ais i nGaillimh do Scoil Gheimhridh 2009 agus tá muid ag súil le hardscoil i gCathair seo na dTrí nUisce Uí Chonaire, Gealchathair Uí Chadhain agus Baile an Chaisil Uí Eithir.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

  • Óstán Meyrick
  • Músaem Cathrach na Gaillimhe
  • Pobal Chathair na Gaillimhe
  • Foras na Gaeilge
  • Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Clár

Ionaid

Is in Óstán Meyrick a bheidh na himeachtaí go léir, seachas Seoladh Leabhar na Bliana, a bheidh ar siúl i Músaem Cathrach na Gaillimhe.

Dé hAoine 6 Feabhra

3.00 go 5.00 Fóram do Mhic Léinn
Taighde Reatha ar an Amhránaíocht Ghaeilge
Le: Róisín Nic Dhonncha, Ciarán Ó Con Cheanainn agus Síle Denvir
Óstán Meyrick, An Fhaiche Mhór, Cathair na Gaillimhe
Tá an Fóram seo curtha ar ceal in omós do Chiarán Ó Con Cheanainn, a cailleadh i rith na seachtaine
5.30 Clárú
Óstán Meyrick, An Fhaiche Mhór, Cathair na Gaillimhe
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile
An tOllamh Breandán Ó Madagáin
8.30 Léacht
B’í an samhradh sa bhfuacht í idir Nollaig is Cáisc
Peadar Ó Ceannabháin
Cathaoirleach: Róisín Nic Dhonncha
10.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce

Dé Sathairn 7 Feabhra

10.30 Siompóisiam
‘An amhránaíocht Ghaeilge: gabháil, athghabháil, nuaghabháil’
Cainteoirí:
Deirdre Ní Chonghaile: ‘Stór Amhrán Árann ó 1857 anuas: meath nó malartú?’
An Dr. Lillis Ó Laoire: ‘Ceapadóireacht agus Aistriúcháin: Amhráin nua-chumtha i nGaeltacht Thír Chonaill’
Muireann Nic Amhlaoibh: ‘Amhráin don Ardán’
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.
2.15 Seoladh Leabhar na Bliana
Briathra, Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill. le Rióna Ní Fhrighil
Cainteoir: Louis de Paor
8.30 Léacht
Gaol ársa agus saibhir: ceol, na hamhráin agus nuafhilíocht na hÉireann
Cainteoir: An Dr Seán Crosson, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Cathaoirlach: Áine Uí Cheallaigh
11.30 Club Merriman
Ceol, craic agus rínce

Dé Domhnaigh 8 Feabhra

11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Filíocht agus foinn
Á cur i láthair ag: Gearóid Mac Lochlainn agus Ronan Browne

Cainteoirí

Tá beathaisnéisí le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Ag labhairt dó ag seoladh Scoil Gheimhridh Merriman inniu dúirt Cathaoirleach Chumann Merriman, Liam Ó Dochartaigh, go raibh géarghá le plé oscailte a dhéanamh ar na forbairtí éagsúla a bhí titithe amach in éigse na Gaeilge le blianta beaga anuas.

‘Rachainn go Gaillimh… le filí agus le fonnadóirí’ téama Scoil na bliana seo, a reachtálfar i gcathair na Gaillimhe ón 6ú go dtí an 8ú lá de mhí Feabhra. Cuid lárnach taibhseach d’éigse na Gaeilge an fhilíocht agus an amhránaíocht agus bhraitheamar go raibh sé in am cuid de shaineolaithe an réimse a thabhairt le chéile chun forbairtí nua a phlé. Ní téacsanna amháin a bhíonn i gceist le dánta agus amhráin ach neacha beo a mbíonn saol acu taobh amuigh de phár agus páipéar. San áit gur cois tinteáin a chloistí amhrán cheana tá seans ann anois ann freisin gur ar dhlúthdhiosca nó ar an Idirlíon a dhéanfar an chéad teagmháil le hamhrán nua.

Tá dlús freisin leis an taighde acadúil sa réimse le blianta beaga anuas: mheasamar gur tráthúil súil fhuarchúiseach a chaitheamh ar chuid de na ceisteanna a tharraingítear anuas ag an gcomhthéacs nua seo, arsa Máire Ní Neachtain, duine de Stiúrthóirí na Scoile Tá súil agam go nginfidh an tionól seo plé bríomhar ar a bhfuil ag titim amach in éigse na Gaeilge trí chéile. Tabharfaidh an Scoil deis do gach duine ar suim leo an fhilíocht agus an amhránaíocht teacht le chéile agus deireadh seachtaine ceolmhar fileata a chaitheamh i gcathair na dTreabh a dúirt sí ag ócáid seolta na Scoile i Musaem Cathrach na Gaillimhe inniu.

Clár ilghnéitheach: cainteoirí agus oirfidigh

Fógraíodh clár ilghnéitheach, a gcuirfidh lucht ceoil agus lucht amhránaíochta spéis ar leith ann. I measc na gcainteoirí beidh an tOllamh Breandán Ó Madagáin, Peadar Ó Ceannabháin, an Dr. Lillis Ó Laoire, Deirdre Ní Chonghaile, Muireann Nic Amhlaoibh, an Dr. Louis de Paor agus an Dr. Seán Crosson, údar an leabhair nua The Given Note, leabhar a scrúdaíonn tionchar an cheoil traidisiúnta ar fhilíocht na hÉireann. An file Gearóid Mac Lochlainn a bheidh i mbun Éigse na Scoile agus é i bpáirt leis an bpíobaire Ronan Browne. Dúirt Liam Ó Dochartaigh gur sórt filleadh ar atmaisféar na céad Scoile a bheidh i gceist le Scoil na Gaillimhe, an 41ú Scoil Mherriman Gheimhridh. Bhí Nuala Ní Dhomhnaill, an file atá faoi thrácht i Leabhar na Bliana, leabhar nua ar an bhfile le Rióna Ní Fhrighil, a sheolfar le linn na Scoile, i láthair ag an gcéad Scoil sin. Ag Scoil sin na bliana 1969 a nocht Máirtín Ó Cadhain a bhreithiúnas cáiliúil ar na liricí deasa neamhurchóideacha nár leor, iad dar leis, le litríocht a chothú. Gheall Cathaoirleach Chumann Merriman go gcloisfí dánta dána urchóideacha agus amhráin ar gach nós ag Scoil Gheimhridh Merriman na bliana seo. Beidh Fóram nua do mhic léinn mar chuid de chlár na Scoile den chéad uair i mbliana. Tá sé i gceist go dtabharfaidh an Fóram deis do thaighdeoirí óga a gcuid léargas ar an amhránaíocht a roinnt le mic léinn agus le daoine ar spéis leo féin tabhairt faoi thaighde sa réimse.

CRÍOCH

Press release in English

START

Speaking in Galway at the launch of this year’s Merriman Winter School Programme, the Chairman of Cumann Merriman, Liam Ó Dochartaigh, said that there was an urgent need for informed reflection on recent developments in the performance and criticism of music and poetry in Irish language culture. Traditional song and the performance of contemporary poetry in Irish with music have burgeoned in recent years and Cumann Merriman thought it timely to investigate further these manifestations of the continuing vibrancy of Irish language poetry and song said Liam, who is one of the joint Directors of this, the 41st Merriman Winter School.

A panel of expert academics and practitioners will address the challenges posed by this rapidly changing milieu during the School, which takes place in the Meyrick Hotel in Galway form the 6th to the 8th of February. The School’s famed social programme is at an advanced planning stage. The School will be officially opened on at 8.15pm on Friday the 6th February by Professor Breandán Ó Madagáin. Among the speakers taking part are Peadar Ó Ceannabháin, An Dr. Lillis Ó Laoire, Deirdre Ní Conghaile, Muireann Nic Amhlaoibh and Dr. Seán Crosson, author of the recently published The Given Note, which examines the influence of traditional music on Irish poetry. The Sunday morning Éigse will reflect the twin themes of the school when the renowned Belfast based performance poet Gearóid Mac Lochlainn teams up with piper Ronan Browne.

The Scoil Gheimhridh is run through Irish and all are welcome.

END