Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoláireachtaí Chumann Merriman

Ar an leathanach seo tá faisnéis ar Scolaireachtaí Chumann Merriman, a chuireann maoiniú ar fáil do mhic léinn d’fhonn freastail ar an Scoil Gheimhridh (agus ar an Scoil Samhraidh, fo‑huair). Míníonn sé cé gur féidir leo cur isteach orthu agus conas é seo a dhéanamh.

Ar an Leathanach seo

  1. Na Scoláireachtaí mínithe
  2. An bhfuil tú i dteideal cur isteach?
  3. Conas a chuireann tú isteach

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Cad iad féin?

Mic léinn ar a bronnadh Scoláireacht Chumann Merriman i 2005

Cuireann Cumann Merriman Scoláireachtaí ar fáil le freastal ar an Scoil Gheimhridh gach bliain agus bronntar Scoláireachtaí don Scoil Samhraidh ó am go ham, leis. I gás an Scoil Gheimridh, is ar mhic léinn a bhíonn i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge a bronntar na Scoláireachtaí de ghnáth.

Cé atá i dteideal cur isteach orthu?

Reachtáiltear an scéim tríd na Ranna Gaeilge sna Coláistí tríú leibhéal. Fógraítear na Scoláireachtaí sna Coláistí thart ar mhí na Nollag agus tar éis comórtais inmhéanaigh cuirtear na hainmneacha ar aghaidh go Cumann Merriman. Is féidir luach reatha na Scoláireachta a fháil amach ach teagmháil a dhéanamh linn. Maitear táille na Scoile don lucht Scoláireachta, leis. Dhá Scoláireacht a bronntar in aghaidh gach institiúide. Bronntar thart ar fiche Scoláireacht gach bliain agus cuireann na scoláirí óga seo go mór le hatmaisféar agus beocht na Scoile agus is minic go gcothaíonn sé nós freastal rialta a dhéanamh ar an Scoil as sin ar aghaidh.

Conas a chuireann tú isteach orthu?

Déan teagmháil le Cumann Merriman thar foirm r‑phoist Chumann Merriman nó más mian leat, úsáid foirm phoist an láithreáin seo.

Léim go: Abhaile | Roimhe | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.