Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoileanna Bliantúla Chumann Merriman

Sa rannóg seo den láithreán tá ábhar cartlainne a bhaineann le hiarScoileanna Samhraidh agus Geimhridh Chumann Merriman, siar go 1968, i dteannta gach faisnéis a dteastaíonn uait mar gheall ar scoileanna na bliana:

Ar an Leathanach seo

  1. Réamhrá ar scoileanna Chumann Merriman.
  2. Faisnéis ar Scoileanna Samhraidh.
  3. Faisnéis ar Scoileanna Geimhridh.
  4. Brian Merriman bicentenary events.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Réamhrá

Eagraíonn Cumann Merriman Scoil Samhraidh agus Scoil Gheimhridh gach bliain ó 1968 i leith i gcuimhne ar Bhrian Merriman agus a shaothar, agus d’fhonn suim a chothú i ngach gné de chultúr na hÉireann, ar nós na teanga, na staire, na litríochta agus an cheoil.

Scoileanna Geimhridh

Is trí Ghaeilge amháin a ritear Scoileanna Geimhridh, is bíonn béim faoi leith ar an teanga agus ar ábhair a bhaineann léi. Leanann sí ar feadh deireadh seachtaine ina mbíonn léachtaí, seimineár, plé, díospóireachtaí, club, amhráin is rince. Seoltar leabhar lena linn, leis! Níl aon bhaol ach go spreagtar aigne, anam agus cnámha! De ghnáth bíonn roinnt áirithe scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn lánaimseartha le cuidiú leo freastal ar an Scoil Gheimhridh. Tá alt ar fáil ar an láithreán seo mar gheall ar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman.

Má theastaíonn príomhshonraí na n‑iarscoileanna uait, ar nós téamaí is ionaid, féach leathanach stair na Scoileanna Geimhridh.

Cartlann na Scoileanna Geimhridh

Is féidir mionsonraí Scoileanna Geimhridh faoi leith a fheiscint:

Scoil Gheimhridh Mherriman 2010
Árannach ab ea Máirtín Ó Direáin, a chaith blianta fada ina chléireach in ard‑oifig an phoist i gCathair na Gaillimhe, ach a d’aistrigh ansin soir go Baile Átha Cliath, mar a cailleadh é i mbliain a 1988. File a bhí ab ea é agus scríbhneóir gearrscéalta. Ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar í Scoil Gheimhridh na bliana, cothrom chéad bliain ó rugadh é, sa chathair inar thosaigh sé ar a shaol oibre sa mbliain 1927.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2009
An amhránaíocht á scrúdú agus á ceiliúradh.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2008
I 1951 a d’fhoilsigh Niall Ó Dónaill Forbairt na Gaeilge agus tá sé leathcéad bliain anois ó d’fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (1958). Déanfar comóradh ar éacht an Chaighdeáin, agus ar ghaisce eile nach é, ag an Scoil Gheimhridh seo, an naoú gceann i gCathair na Mart, agus léireofar agus pléifear úsáid chomhaimseartha na Gaeilge sna meáin agus i réimsí eile.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2007
Deireadh ré ba ea Briseadh Chionn tSáile agus Síocháin na Mainistreach Móire. Prólóg don ré nua ba ea Imeacht na dTaoiseach as Cúige Uladh. I dteannta plé ar an ábhar seo agus seoladh leabhar na bliana, taispeánfar scannán nua faisnéise ar an amhránaí sean‑nóis as Iorras Aithneach, Sorcha Ní Ghuairim don chéad uair.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2006
I gCathair na Mart a cuireadh cló ar Cré na Cille. Is cuí mar sin gur ar an mball seo atá an Scoil seo á reachtáil i gcomóradh ar bhliain bhreithe an Chadhnaigh.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2005
Sheol an Scoil Gheimhridh seo ceiliúradh an dá chéad ó cailleadh Brian Merriman. Reachtáileadh í i mBun Raite idir 28 – 30 Eanáir. Ní nach ionadh, spreagadh go leor díospóireachta ar an údar féin agus ar théamaí iomadúla an dáin cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2004
Agus céad bliain ann ó foilsíodh Séadna leis an Athair Peadair Ó Laoghaire, rinne an Scoil seo ceiliúradh ar ar tharla ó shin i bprós liteartha na Gaeilge. Reachtáileadh an Scoil i mBun Raite idir 30 Eanáir – 1 Feabhra. Gné shuntasach den Scoil an oiread scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge a bhí i láthair.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2003
Déanadh comóradh le linn na Scoile ar bhunú Scoil Ard‑Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903. Scrúdaíodh, leis, an craobhscaoileadh leanúnach ar thorthaí Léann na Gaeilge i measc an phobail — i measc phobal na Gaeilge go speisialta — agus pléadh a bhfuil fós le cur i gcrích i réimsí éagsúla léinn i ngort na Gaeilge. Reachtáileadh an Scoil i mBun Raite idir 31 Eanáir – 2 Feabhra.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2002
An t-aistriú airgeadra ón bPunt Éireannach go dtí an Euró a spreag téama na Scoile i mbliana. Pléadh an gaol idir Éire agus tíortha eile an Aontais Eorpaigh. Cíoradh cúrsaí reatha polaitiúla go háirithe i gcomhthéacs an droim láimhe a thug vótóirí na hÉireann do Chonradh Nice, agus an ceangal cultúir — trí mheán na Gaeilge — idir Éire agus mór‑roinn na hEorpa. I nGleann Maghair, Contae Chorcaí a bhí an Scoil, idir 1 – 3 Feabhra.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2001
Arís i mbliana, is í an Ghaeilge ábhar lárnach an Scoil Gheimhridh. Gné lárnach ab ea í seo de chultúr na hÉireann san aimsir atá caite agus is gné láidir fós í i saol príobháideach na muintire, fiú má tá an ghné phoiblí faoi léigear faoi láthair. Sna Déise atá an Scoil, i nDún Garbháin, Contae Phort Láirge, idir 2 – 4 Feabhra.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2000
Ólaimis Sláinte na Gaeilge téama an Scoil Gheimhridh i mbliana. Reachtáilfear an Scoil Gheimhridh dheireanach den chéad Mhílaois i nDún Garbháin, Déise na Mumhan, Contae Phort Láirge.
Scoil Gheimhridh Mherriman 1999
Scoil Gheimhridh 1999 go hacomhair.

Scoileanna Samhraidh

Scoil dhátheangach is ea an Scoil Samhraidh. Bíonn fáilte roimh gach éinne agus cé gurb é an Béarla príomhtheanga na Scoile, bíonn seimineáir agus roinnt léachtaí ar fáil i nGaeilge, leis. Maireann sí ar feadh seachtaine. Spreagadh na haigne agus an anama croí na scoile — bíodh sé i bhfoirm díospóireachta, léachtaí, siúlóide, amhránaíochta, ceardlann, rince nó tóisín éigin spreagúil! Tá alt ar fáil ar an láithreán seo mar gheall ar Scoil Samhraidh Chumann Merriman.

Má theastaíonn príomhshonraí na n‑iarScoileanna uait, ar nós téamaí is ionad, féach ar leathanach stair na Scoileanna Samhraidh.

Cartlann na Scoileanna Samhraidh

Is féidir mionsonraí Scoileanna Samhraidh faoi leith a fheiscint:

Scoil Samhraidh Mherriman 2010
Description to follow…
Scoil Samhraidh Mherriman 2009
Ní foláir do gach glúin cinní a ghlacadh i dtaobh a bhfuil i ndán di, i dtaobh a cuid tosaíochtaí agus i dtaobh a háit sa saol mór. Is casta ar fad iad na socruithe seo do cheannairí polaitiúla, do lucht deartha polasaithe agus don ghnáthphobal ná mar a bhí siad le blianta fada. Tá éiginnteacht agus imní faoin am atá romhainn tagtha i gcomharbacht ar an gcinnteacht agus ar an muinín a spreag an Tíogar Ceilteach. Cad iad na triallacha atá romhainn?
Scoil Samhraidh Mherriman 2008
Fileann Scoil Samhraidh Mherriman ar ionad na chéad Scoile in Inis, Contae an Chláir. Ár n‑oidhreacht chultúrtha agus nósanna pobal a bheidh faoi chaibidil i mbliana, agus béim faoi leith ar stair agus ar shaíocht an Chláir agus Thuamhan.
Scoil Samhraidh Mherriman 2007
Cothrom na bliana seo daichead bliain ó shin a bunaíodh Chumann Merriman. Agus pobal is geilleagar na hÉireann á gclaochlú go mear, caitheann Scoil Samhraidh Chumann Merriman na bliana súil ar chuid de na hathruithe a tharla le daichead bliain anuas, ar na ceachtanna atá foghlaimthe againn agus an saol lena bhfuilmíd ag súil don oileán amach san aimsir.
Scoil Samhraidh Mherriman 2006
Reachtáilfear Scoil Samhraidh Chumann Merriman na bliana i Lios Dúin Bhearna ón 19ú – 26ú Mí Lúnasa. Is é Mícheál Cíosóg — A Chéim, a Réim an tAm do Mhair an téama. Seo scrúdú ar shaol agus oidhreacht duine de scoláirí móra an Chláir, céad bliain tar éis a bháis.
Scoil Samhraidh Mherriman 2005
Leanfar le ceiliúradh an dá chéad bliain ag Scoil Samhraidh 2005 i Lios Dúin Bhearna idir 20 – 27 Lúnasa. Beidh aird na Scoile ar Mherriman, agus ar Chúirt an Mheán Oíche, téacs a spreagann neart ceisteanna suntasacha anois mar a spreag an chéad lá.
Scoil Samhraidh Mherriman 2004
Cá bhfuil Éire? Dhá Insint téama Scoil Samhraidh 2004, a reachtáileadh idir 21 – 28 Lúnasa in Inis Díomóin. Cíoradh dúshláin agus contrárthachtaí atá i ndán do phobal na hÉireann agus é ag dul i ngleic lenar tharla agus lena bhfuil le tarlú sa tír.
Scoil Samhraidh Mherriman 2003
Amharc Éireann (Recording Ireland) téama na bliana seo. Is féidir breathnú air seo ar bhealach an‑leathan: léirithe samhailteacha ealaíontóirí, saothar nach bhfuil baileach chomh pearsanta sin ó iriseoirí, ó staraithe, agus ó lucht eitneagrafaíochta, nó saothar áit éigin idir eatarthu ó phinn scríobhaithe taistil agus lucht aistí. "Taifid" den tsaghas seo a pléadh ag Scoil Samhraidh Mherriman 2003, a reachtáileadh in Inis Díómóin idir 17 – 24 Lúnasa.
Scoil Samhraidh Mherriman 2002
Pléadh go bríomhar taithí na hÉireann ar eisimirce agus ar inimirce ag an Scoil Samhradh a reachtáileadh in Inis Díomóin idir 17 – 24 Lúnasa i mbliana. Tugadh léachtaí ar mhuintir na hÉireann sa Bhreatain, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, agus san Astráil maraon le tuaraiscí inimirceach. Scrúdaíodh ilchultúrachas in Éirinn agus gach a leanann é.
Scoil Samhraidh Mherriman 2001
Níos tábhachtaí is níos sofheicithe atá eolas ag éirí i saol na tíre, bíodh sé mar thoradh ar thaighde eolaíoch nó ar shaothar bhinse fiosrúcháin. Is minic anois tionchar ag an eolas a bhronntar orainn ar ár saol, ar chúrsaí polaitíochta agus ar chúrsaí eacnamaíochta. Seo cuid de na ceisteanna a pléadh ag Scoil Samhraidh 2001 a reachtáileadh idir 18 – 24 Lúnasa i Lios Dúin Bhearna.
Scoil Samhraidh Mherriman 2000
Is deireadh suntasach é deireadh Mílaoise. Roghnaíodh Cúig críoch: Na hoileáin seo ag tairseach na mílaoise mar théama an Scoil dheireanach den chéad Mhílaois. Cad í staid na n‑oileán seo? Cad é atá i ndán dóibh? Reachtáilfear an Scoil i Lios Dúin Bhearna idir 10 – 26 Lúnasa.
Scoil Samhraidh Mherriman 1999
Scoil Samhraidh 1999 go hacomhair.

Bicentennial Celebrations

Bhrian Merriman 1949 – 1805

The bicentenary of the death of Brian Merriman was marked in 2005 by many celebrations across Galway, Limerick and Clare held in commemoration of the event.

A list of these special events, including Cumann Merriman’s very own Summer and Winter Schools, along with further information about Merriman bicentenary celebrations is available in the 2005 events section of this site.

Léim go: Abhaile | Ina dhiaidh | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.