Saoire suairc geimhridh
Cartlann na Scoileanna Geimhridh
Scrúdaigh stair na Scoileanna Geimhridh:
Féach cartlann na Scoileanna Samhraidh, leis
Mar gheall ar Scoil Gheimhridh Mherriman
Sa bhFómhar, ait go leor, a tharlaíonn Scoil Samhraidh Merriman; agus ar thairseach an Earraigh, nó ina thús, a thionóltar an Scoil Gheimhridh. Bíonn an lá ag dul chun síneadh, agus ag baint síneadh as an gcomórtas le Raiftearaí, éireoidh ár gcroí agus scaipfidh an ceo agus sinn ag bualadh bóthair chun na Scoile. Is geall le briseadh céalacain fhada mhí Eanáir é. Braitear gá le héalú ó anbhroid an bhaile mhóir agus ó dhorchadas agus uaigneas na tuaithe. Bainimid searradh asainn féin nuair a mhúsclaímid as tromchodladh na dúluachra amhail rinceoir ar tí na cosa a chrothadh. Bíonn pinginí inár bpócaí arís agus sinn ag téarnamh as baois na Nollag. Cuireadh sé sneachta nó sioc nó séideadh ina ghála nó bíodh ina dhíle bháistí, beimid ag an Scoil!
B'fhéidir gurbh í Scoil Gheimhridh 1969 an chéad chúirt éigse riamh inár n‑aimsir féin. Is ina dhiaidh a thosaigh Éigse Oirialla agus ní fios cé mhéid eile dá leithéid a bhfuil saol na Gaeilge saibhrithe acu. Is ag an gcéad scoil sin a thug Máirtín Ó Cadhain an léacht chumhachtach úd Páipéir bhána agus páipéir bhreaca agus bhí de thásc ar feadh i bhfad ar an Scoil Gheimhridh gurbh í príomhfhóram na nualitríochta í.
Ionaid na Scoileanna Geimhridh
I gCo. an Chláir agus i dTuamhumhain a bhí an scoil go ceann breis is deich mbliana: An tAonach, Cill Dá Lua, An Fhiacail agus Baile Uí Bheacháin. Bheartaíomar i 1980 dul go bailte a mbeadh stáisiún traenach iontu; rith sé linn gurbh fhéidir tús a chur leis an éirí amach agus scata maith mór dínn san aon charráiste amháin ag fágáil Stáisiún Heuston. Bhíomair ó shin i gCill Airne, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Luimneach, in Inis agus i gCathair na Mart. Sa mhéid sin is ionad eisceachtúil é Dún Garbhán mar ar tionóladh scoileanna 2000 agus 2001; cúitimh is ea an coiste breá áitiúil, a ghaireacht atá sé do Ghaeltacht na Rinne, agus an tseirbhís mhaith busanna ó stáisiún traenach Phort Láirge.
Geimhreadh is Samhradh
An mbíonn an Scoil éagsúil leis an Scoil Samhraidh? I nGaeilge a bhíonn ha himeachtaí go léir gan amhras. Fágann sin gur mó a bhíonn an tinreamh i leith na hóige. Cuireann sé le hatmasféar na scoile freisin gur lú an mhoill a bhíonn ar dhaoine a bheith innealta chun meidhre agus spóirt nuair nach bhfuil le caitheamh acu ach an dá oíche. Cuid den spiorad céanna is ea an dúil a bhíonn ag baill na Scoile sna seisiúin fhada amhránaíochta. Le tamall de bhlianta anuas is gnách cúpla aoi‑amhránaí a bheith sa láthair. Rud eile a fhágann ócáid seo an gheimhridh difriúil is ea seoladh Leabhar na Bliana. Tá timpeall dhá chéad ball ag Cumann Merriman agus tugtar Leabhar seo na Bliana saor in aisce dóibh. Ócáid mhór shóisialta na Scoile, mar sin, is ea an seoladh; socraíodh tamall gairid de bhlianta ó shin gur leis, agus le cibé dibhéirsin a d’éireodh as, a chaithfí tráthnóna iomlán an tSathairn.
Acoimire
Go hachomair, an té ar mian leis teacht chuig an Scoil, cuireadh sé lóistín in áirithe. Ní gá dó nó di táille an deireadh seachtaine a íoc go dtí tráthnóna lá oscailte na Scoile. Is gnách fáiltiú ag 7.30 p.m. Leanann léacht tionscnaimh an fáiltiú. Ag 10.00 p.m. bíonn Club Merriman ar siúl an dá oíche. Maidin an tSathairn is gnách siompóisiam ag 10.30 a.m., seoladh leabhar na Bliana ag 2.00 agus léacht ag 8.30. Maidin Dé Domhnaigh bíonn reacaireacht próis agus filíochta. Más leamh leat na táthchoda sin, cuir in éineacht leo comhluadar meidhreach agus siúd agat manglam láidir den scoth a chuirfidh ag eitilt tú. Tugtar réamheolas faoin Scoil i gclár Scoil an tsamhraidh. I dtús mhí na Nollag cuirtear an clár sa phost chuig baill an Chumainn agus chucu sin a d’fhreastail ar an Scoil le cúpla bliain anuas.
Is í an Ghaeilge teanga imeachtaí na Scoile ach is geall le súáilcí ag Cumann Merriman nach mbeadh aon imní ná teannas i dtaobh cúrsaí teanga agus a bheith fulangach ar theangacha eile. Níl aon amhras ach go gcuirfear fearadh na fáilte roimh chách chuig an Scoil Gheimhridh.
Diarmuid Breathnach
![]()
Léim go: Abhaile | Roimhe | Ina dhiaidh | English | Barr
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil