Changing Irish Childhoods (An Óige in Éirinn, mar a bhí — mar atá)
- Dátaí
- 17 – 21 Lúnasa 2011.
- Ionad
- Lios Dúin Bhearna, Condae an Chláir.
- Stiúrthóir
- An tOllamh Nóirín Hayes.
Fáilte go dtí an Scoil

Beidh an Scoil seo, atá á stiúradh ag an Ollamh Nóirín Hayes, á hoscailt ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald TD. I measc na gcainteoirí beidh Fintan O’Toole (An Irish Times, An tOllamh Sheila Greene (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), An Dochtúir Joe Dunne (Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath) agus Siobhán Parkinson (úrscéalaí agus Laureate na nÓg). Tá ríméad ar Chumann Merriman go mbeidh duine d’ardfhilí na hÉireann, Eavan Boland, ag léamh a saothair ag an Scoil.
Tá geallúintí an‑láidre i leith leanaí tugtha ag Éirinn le deich mbliana anuas agus is é ceapadh Aire iomlán rialtais le freagracht ina dtaobh an toradh is déanaí orthu seo. Beidh deis ag an Scoil Samhraidh seo an fhís don óige atá againn mar phobal a mheas, a bhfuil ar eolas againn faoin óige in Éirinn ár linne a athbhreithniú, agus ár machnamh a dhéanamh ar leanaí, mar a bhí agus mar atá, ó pheirspeictíochtaí éagsúla.
Beidh fáilte romhat!
Léarscáileanna
- Íoschóipeáil léarscáil d’ionaid Scoile i Lios Dúin Bhearna.
- Íoschóipeáil léarscáil de shiúlóidí tímpeall Lios Dúin Bhearna.
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2011:
- Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.
- Comhairle Chontae an Chláir.
- An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
- Lisdoonvarna Fáilte Teo.
- Coiste Lios Dúin Bhearna Scoil Merriman.
- Muíntir Lios Dúin Bhearna.
- Óstan an Royal Spa.
- Tom Mc Namara and Partners, Chartered Quantity Surveyors.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Clár
Cainteoirí
Táillí
Lóistín
Abhaile
Scoileanna
Teagmháil