Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin
- Dátaí
- 28 – 30 Eanáir 2011.
- Téama
- Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin.
- Stiúrthóir
- Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
- Ionad
- Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.
Forbhreithniú ar an Scoil
Tá na socruithe do Scoil Gheimhridh Mherriman 2011 i ndáil le bheith réitithe! Ceiliúradh bheirt de dheartháireacha Uí Nualláin, Ciarán, a rugadh i 1910 agus Brian a rugadh i 1911: beirt a d’fhág lorg láidir ar shaol agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge.
Tabharfaidh an Dr Regina Uí Chollatáin léacht ar Chiarán agus labhróidh Séamas Mac Annaidh ar Bhrian. Beidh Máirtín Mac Donnchadha, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Ray Mac Mánais ag plé ceisteanna a bhaineann le deaslabharthacht agus greann sa Ghaeilge agus tabharfaidh Pádhraic Ó Ciardha agus Mícheál Ó Meallaigh léiriú praitciúil físiúil ar thuiscintí ar an ngreann faoi mar a léirítear ar scáileán TG4 iad ó bunaíodh an cainéal.
Tabharfar cuairt ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, tráth a gcuirfidh Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Fhlaithearta a gcuid dlúthdhioscaí nua i láthair na Scoile.
Beidh Club Mherriman faoi stiúir cheolmhar Johnny Phádhraic Phiotair Connolly agus Mharcais Uí Iarnáin ar bun chuile oíche, mar is iondúil.
Scoláireachtaí
Tá scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal. Is iondúil go riartar iad tríd Ranna Gaeilge na gColáistí agus na nOllscoileanna. Cuir tuairisc le Rúnaí na Roinne i d’Ollscoil féin nó déan teagmháil leis an Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil