
Faith: Beyond Belief? / Creideamh: Creid é nó ná Creid
- Dátaí
- 18 go 22 Mí Lúnasa (Céadaoin go Domhnach)
- Príomhionad
- Amharclann Glór in Inis, Contae an Chláir.
- Stiúrthóir
- Le fógairt.
A bhfuil i ndán Duit

Reachtáilfear Scoil Samhraidh Mherriman, imeacht rialta i gContae an Chláir le 43 bliain anuas, in Inis arís i mbliana agus beidh sí ar siúl ón 18 Lúnasa. Is gnáthach cúrsaí reatha pobail a bheith á n‑iniúchadh ag Scoileanna Chumann Merriman agus ní hionadh, mar sin, Faith: Beyond Belief? a bheith mar théama don Scoil seo. An creideamh agus an reiligiún i gcultúr is i bpobal na hÉireann a bheidh á bplé i léachtaí agus siompóisiamaí na Scoile.
Déanfar athbhreithniú ar an scéal mar a bhíodh is mar atá, agus pléifear an ról a d’fhéadfadh a bheith i ndán don reiligiún i saol phobal na hÉireann trí chéile agus i saol pearsanta na ndaoine. I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil tá nithe íogaire, conspóideacha ar nós oideachas i gcomhthéacs éitis; seilbh agus éagsúlacht scoileanna; ról na mban i gcúrsaí creidimh agus Eaglaise; cléireachas agus pobal Dé; dí‑eaglaisiú phobal na hÉireann; agus creideamh is an Dlí.
Cé gur giorra í Scoil Samhraidh na bliana le hais blianta eile, níl maolú ar bith ar dhoimhneacht ná ar scóp an chláir. I dteannta léachtaí agus painéil dhíospóireachta beidh siompóisiamaí gach maidin i mBéarla is i nGaeilge ar ghnéithe stairiúla den téama; beidh filí ar an ardán ag Cúirt an Mheán Lae; beidh turasanna siúlóide timpeall na hInse agus, gan amhras, Club Merriman, a mbíonn tarrac air i gcónaí. Tá cáil ar Scoileanna Merriman de bharr an chomhluadair neamhfhoirmeálta, an atmasféir chairdiúil agus cuairteanna taighde ar thithe tábhairne áitiúla, mar a mbíonn neart cur is cúiteamh agus amhránaíocht ar an toirt.
Idir shean

I measc na ngnáthimeachtaí a bheidh ar siúl arís i mbliana tá:
- Seimineáir i nGaeilge is i mBéarla, ina bpléifear nithe ar nós an gaol idir airí agus stáitseirbhísigh, an Ghaeilge sa chóras oideachais, pleanáil teanga, an leabharlann sa ré dhigiteach, na meáin 7rl.
- Cúirt an Mheán Lae, a bunaíodh do Scoil an Dá Chéid i mbliain a 2005, is a bhfuil tarrac uirthi ó shin.
- Club Merriman, rince agus amhránaíocht go heatartha!
Well, Actually…
Gné‑leiriú eisiach le David agus Mick Hanly.
Bíonn scéal ar leith i chuile cheann d’amhráin Mick Hanly, as a thaithí féin a mbunáite mór: iad dlúth, teolaí agus léargasach. Is é Past the Point an t‑amhrán is iomráití dá chuid, amhrán a bhain barr na gcairteanna amach sna Stáit Aontaithe ach tá cúpla céad amhrán scríofa aige chomh maith leis an leabhar Wish Me Well. Leag sé lámh ar ghiotar a bhí caite uaidh ag dreatháir leis nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois agus chum All I Remember, amrán as ar eascair na céadta eile. Tá go leor dá shaothar bunaithe ar a óige i Luimneach agus ar a chuid cumní cinn ar éirí aníos sa chathair sin.
Is cinnte go nascann mórán daoine David Hanly le Morning Ireland,clár raidió a chomhléirigh sé ar feadh scór bliain ó céad craoladh é in 1984, nó leis na sraitheanna teilifíse Hanly’s People agus The Writer in Profile, nó an tsraith filíochta, The Enchanted Way. Ach mhair sé saol roimh Morning Ireland. Bhí taithí de chineálacha éagsúla aige, gan trácht ar thaithí anacrach, nuair a chruthaigh sé The Glen Abbey Show, nuair a chuir sé tús le The Kennedys of Castleross mar shraithchlár laethúil agus nuair a bhíodh sé ag scríobh don tsraith teilifíse mór‑rachairte úd The Riordans. Ansin, bhí an teagmháil síodhúil le hElla Fitzgerald, bean uasal ar leith, an oíche ar thug sé Joan Fontaine chuig Amharclann na Mainsitreach agus neart, neart eile!
Beidh an bheirt dheartháireacha seo ag nascadh a gcuid buanna scéalaíochta den cheád uair ar ardán anseo ag Scoil Samhraidh Merriman.
...agus, gan Dabht
Beidh againn an clár neamhfhoirmeálta: cur agus cúiteamh, timpeallacht sóúil, turasanna taighde go tithe tábhairne áitiúla agus, le cúnamh Dé, soineann go Samhna i gContae an Chláir.
Bíg línn!
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2010:
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Clár
Cainteoirí
Táillí
Lóistín
Abhaile
Scoileanna
Teagmháil