Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Cainteoirí Scoil Samhraidh Mherriman 2010

Ar an leathanach seo tá faisnéis i dtaobh cainteoirí agus léachtóirí Scoil Samhraidh Mherriman 2010; ar a gcúlra agus ar a gcuireann siad leis an Scoil.

Ar an Leathanach seo

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Cainteoirí is Léachtóirí i mBliana

Michael Coady
Is scríbhneoir, múinteoir agus ceoltóir é Michael. Tá Two for a Woman, Three for a Man (1980) agus Oven Lane (1987, 1992, 2001) ar chuid dá chuid foilseachán. Chónasc sé filíocht, prós agus a chuid grianghraf féin sna saothair All Souls (1997, 2001) agus One Another (2003). D'fhoilsigh sé cuimhní cinn pearsanta ar Packie agus Micho Russell na ceoltóirí iomrtáiteacha as Contae an Chláir, agus mhaisigh sé cnuasach próis dár teideal Full Tide do Relay Books sa bhliain 1999.
Pádraic Conway
Is é Pádraic Stiúrthóir an Ionaid Idirnáisiúnta um Léann Newman i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus is Leas‑Uachtarán ar an an Ollscoil é. Is minic a bhíonn sé le clos agus le léamh agus é i mbun tráchtaireachta ar ábhair reiligiúin agus diagachta. Is é an Príomhthaighdeoir ar an tionscadal John Henry Newman: Global and Local Theologian atá á mhaoiniú ag an IRCHSS agus is é comh‑eagarthóir Karl Rahner: Theologian for the 21st Century (Peter Lang), saothar atá le foilsiú gan mhoill.
Micheal Cronin
Tá cathaoir phearsanta i nDámh na nDaonnachataí agus an Léinn Shóisialta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag Michael agus is é Comhairleoir na Comhairle Ealaíne in Éirinn é maidir le Litríocht i nGaeilge. Is iomaí sin saothar atá foilsithe aige ar chúrsaí teanga, pobail agus poilitíochta. Is ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann é.
Síle de Cléir
Rinne Síle staidéar ar Bhéaloideas agus ar an Eatnagrafaíocht i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh. Tá traidisiúin a bhaineann le hábhar éadach agus gléasadh, agus cúrsaí creidimh in Éirinn sa bhfichiú aois ar chuid dá cuid spéiseanna taighde. Baineann a cuid taighde reatha le Caitliceachas coiteann i gcomhthéacs cathrach. Is léachtóir í i Scoil na dTeangacha, na Litríochta an Cultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh.
Diarmaid Ferriter
Tá Diarmaid ar dhuine de phríomhstaraithe na hÉireann agus ceapadh mar Ollamh ar NuaStair na hÉireann é i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2008. Tá The Transformation of Ireland 1900‑2000 (2004) agus Judging Dev: A Reassessment of the life and legacy of Eamon de Valera (2007) ar chuid dá chuid saothar. Is é Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland (2009) an leabhar is deireanaí óna pheann. Is craoltóir rialta é ar raidió agua ar theilifís RTÉ. Craoladh The Limits of Liberty, anailís dá chuid ar stair na hÉireann sa bhfichiú aois ar RTÉ le gairid.
An tAthair Kevin Hegarty
Tá an tAthair Kevin ina shagart i gCarn, Béal an Mhuirthead i nDeoise Chill Ala i gContae Mhaigh Eo. Is iar‑eagarthóir ar na hirísí Intercom agus Céide é. Scríobhann sé colún don nuachtán Mayo News anois.
Ann James
Tháinig Ann ar Dhaonnachas agus í ina bean fhásta. Is í rúnaí reatha Chumann Dhaonnachais na hÉireann agus tá sí gníomhach sa chumann ó tháinig sí anseo sa bhliain 2000. Bíonn sí ag obair le le grúpaí gaolmhara i dTuiasceart Éireann, sa Bhreatain agus san Eoraip, Cónaidhm Eorpach an Daonnachais agus an Cumann Daonnachaí agus Eititiciúil Idirnáisiúnta ar cheisteanna comhspéise agus ar shaol tuata eiticiúil a chur chun cinn.
Dáire Keogh
Is léachtóir sinsearach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach é Dáire. Bíonn sé i mbun cúrsaí ar Stair Luath Nua Aois na hÉireann agus na hEorpa. Tá neart foilsithe aige ar stair an reiligiúin in Éirinn, ar phoilitíocht radacach ar chúrsaí inscne agus ar chúrsaí oideachais Is é an Príomhthaighdeoir ar an tionscadal le heagarthóireacht a dhéanamh ar chomhfhreagras an Chairdinéil Cullen atá á mhaoiniú ag an IRCHSS.
An Giúistís Catherine Mc Guinness
Is í Catherine Uachtarán an Choimisiún um Athchóiriú an Dlí. Tá sí ar scor óna post mar Bhreitheamh ar an an gCúirt Uachtarach. Chaith sí tréimhsí ar an mBord Uchtála, ar Bhord Stiúrtha an chomhlacht Árachais Sláinte Saorálaigh, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, an Dara Coimisiún um Stadas na mBan, agus bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord Náisiúnta na Seirbhísí Sóisialta, ar Bhord an Choláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha, An Ghníomhaireacht um Chomhionnanais agus Fostaíochta, Fiosrúchán Coil Chill Chainnigh agus an Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearais.
Michael Mc Namara
Is abhcóide é Michael. Oileadh é i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, in Ollscoil Chaitliceach Lováin agus in Óstaí an Rí. Rinne sé obair i dtaca le daonlathú agus leasú reachtúil thar cheann Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, an Aontais Eorpaigh, agus na Náisiún Aontaithe sa Mheán Oirthear, i réigiún Cugais agus i Lár na hÁise le béim ar leith ar reiligiún agus an stát. Mhúin sé cúrsaí ar chlár MA in Ollscoil Luimnigh ar an Dlí Sibhialta agus an Dlí Canónta.
Gina Menzies
Is diagaire í Gina. a bhíonn le clos go minic ar RTÉ agus bíonn altanna léi go minic ar The Sunday Business Post agus The Irish Times. Is imreoir scuaise oilte í, chaith sí tamall mar chathaoirleach ar Thascfhórsa an Rialtais ar Mhná sa Spóirt.
Irene Ní Mháille
Is iarmhisinéir í Irene, a chaith tréimhse ag múineadh sa Nigéir. Bíonn sí gníomhach anois i gcothú athbheochan na Críostaíochta mar chuid den aosoideachas.
Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach í Deirdre. Filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha na sainréimsí taighde atá aici.
Brian Ó Dálaigh
Is Cláiríneach ó dhúchas é Brian. Tá cáilíochtaí bainte amach aige sa stair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ba phríomhoide scoile ar feadh a shaoil oibre é. Tá cuid mhaith foilsithe aige ar stair agus ar shaíocht Thuamhumhan.
Caitríona Ó Dochartaigh
Is léachtóir le Sean- agus Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh í Caitríona. Tá PhD aici ó Ollscoil Cambridge. Tá suim faoi leith aici i dtéacsanna cráifeacha meánaoiseacha, idir Ghaeilge agus Laidin. Is leas‑stiúrthoir í ar thogra taighde De Finibus i gCorcaigh a bhfuil mar sprioc aige eagráin nua a sholáthar de théacsanna Gaeilge faoi lá an bhrátha, ifreann agus neamh.
Pádraig Ó Héalaí
Is iar‑léachtóir i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Pádraig. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn agus tá foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar sin, creideamh na muintire ina measc.
Salvador Ryan
Is Ollamh le Stair Eaglasta i gColáiste Phádraig Má Nuad é Salvador. Tá neart foilseachán aige ar litríocht chráifeach na meánaoise deireanaí agus tús na nua‑ré. Is comheagarthóir ar Art and Devotion in late medieval Ireland (2006) é.
Clodagh Tait
Is léachtóir sinsearach í Clodagh i Roinn na Staire in Ollscoil Essex. Tá leabhair agus neart alt scríofa aici ar bhás, ar adhlacadh, ar fhoréigean, ar mhairtíreacht, ar chráifeacht ar ícónógrafaíocht, ar bhreith, ar bhaisteadh agus ar ainmniú in Éirinn sa Nua‑Aois Luath.
Larry Taylor
Is Ollamh le hAntraipeolaíocht é Larry in Ollscoil na hÉireann Má Nuad, agus is Leas‑Uachrtarán um Gnhnóthaí Idirnáisiúnta ar an ollscoil é leis. Tá cúig leabhar scríofa aige: Occasions of Faith: An Anthropology of Irish Catholics (1997) ina measc, agus neart altanna ar antraipeolaíocht an reiligiúin in Éirinn agus in áiteanna eile.
Áine Uí Fhoghlú
Is file ó Ghaeltacht naRinne i bPort Láirge í Áine. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Aistear Aonair (1999) agus An Liú sa Chuan (2007). Chaith sí tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach leis an gCoiste Gairmoideachais i gCill Chainnigh sa bhliain 2006. Bronnadh duais filíochta Michael Hartnett uirthi sa bhliain 2008.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2012 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.