Doineann
Faoi mar is eol do gach éinne, tá an tír buailte go dona ag sioc agus sneachta ó aimsir na Nollag i leith (agus ag clagar trom roimis sin!) agus tá cúrsaí taistil trí chéile dá dheascaibh. Moltar do lucht Merriman turasanna a phleanáil go cúramach. Tabhair neart ama duit féin chun do thuras a chur dhíot. Más ar an gcóras poiblí atá tú ag taisteal, dein teagmháil le Bus Éireann nó le hIarnród Éireann roimh ré chun a dheimhniú go bhfuil iompar ar fáil. Más ag tiomáint atá tú, tá roinnt mhaith de bhóithre na contae sleamhain go leor — cé gur féidir iad a thaisteal ach é a thógaint go bog, cúramach.
Tráthchláir Bhusanna agus Traenacha
Bus Éireann

Príomhchathair an Iarthair is ea Cathair na Gaillimhe agus, faoi mar a bheifeá ag súil leis, tá neart treonna bus á nascadh de chathracha agus bailtíocha móra na hÉireann.
Féach láithreán Bhus Éireann chun praghasanna reatha agus tráthchlár cruinn a fháil.
Iarnród Éireann

Freastlaíonn Iarnród Éireann go díreach ar Chathair na Gaillimhe ach, faraor, is soir anoir a bhíonn formhór treoanna traenach san iarthar! Mar sin, is áiseach an tseirbhís í seo dóibh siúd a thiocfadh go dtí an Scoil Gheimhridh ó Bhaile Átha Cliath. Do b'fhearr go minic busanna nó gluaisteán ar cíos don té atá in iarthar na tíre cheana, áfach.
Bhí amanta na dtraenacha atá fógartha ar an leathanach seo sa cheart, agus é á chur i dtoll a chéile ach bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann agus ba chóir na hamanta seo a dheimhniú arís níos gaire don Scoil.
Aer Arann
Agus an Scoil ar siúl i gCathair na Gailimhe, ní chóir deamad a dhéanamh ar Aerfort an Chairn Mhóir. Tá seirbhísí go Gaillimh ar fáil as aerfort Bhaile Átha Cliath agus as aerfoirt thar lear. D'fhéadfá a theacht anseo ón phríomhchathair laistigh d’aon uair a’ chloig! Féach ar láithreán Aer Árann i gcomhair treonna agus praghasanna.
Amanta traenacha
Fuarthas an t‑eolas seo ar thráthchlár foillsithe Iarnród Éireann. Beidh tionchar ag an aimsir ar an tseirbhís, gan amhras.
Dé hAoine
- Baile Átha Cliath go Cathair na Gaillimhe
- 07.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 10.15
- 09.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 12.08
- 11.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 14.07
- 14.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 17.05
- 15.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 18.10
- 16.30, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 19.05
- 17.45, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 20.33
- 19.50, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 21.55
Dé Domhnaigh
- Cathair na Gaillimhe go Baile Átha Cliath
- 08.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 10.47
- 11.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 13.45
- 13.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 15.45
- 15.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 17.47
- 17.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 19.47
- 18.05, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 20.50
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil