Ar an leathanach seo tá faisnéis um tháillí Scoil Gheimhreadh Chumann Merriman 2010.
Réamhchlárúchán
Níl aon chóras réamhchlárúcháin ann don Scoil. Is féidir clárú, agus táillí a dhíol, ar láthair na Scoile nó roimh gach seisiún. Glactar le hairgead tirim agus le seiceanna.
Mionsonraí na dTáillí
| Cead isteach | Praghas |
|---|
| Táille na Scoile go léir | €50.00 |
| Táille do mhic Léinn | €25.00 |
| Táille corporáideach | €60.00 |
| Fáiltiú, Oscailt is Léacht na hAoine | €15.00 |
| Siompósiam an tSathairn | €15.00 |
| Léacht agus Club an tSathairn | €15.00 |
| Ticéad lae don Satharn | €30.00 |
| Cúirt Éigse an Domhnaigh | €15.00 |
Nóta: Ní gá clárú don Scoil ina hiomláine; is féidir táille a dhíol in aghaidh an tseisiúin. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait cuir glaoch gutháin orainn, le linn uaireanta oibre, ar 00 353 86 382 0671.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Nascleanúint an Láithreáin
Roinntear an láithreán ina mhór‑rannóga ina bhfuil ábhair ghaolmhara, agus iad eagraithe i ngrúpaí beaga leathanach. Dá bharr seo tá sé níos éasca an láithreán a dhearcadh agus aimseoidh tú faisnéis go mear.
Scoil Gheimhridh Mherriman 2010
Árannach ab ea Máirtín Ó Direáin, a chaith blianta fada ina chléireach in ard‑oifig an phoist i gCathair na Gaillimhe, ach a d’aistrigh ansin soir go Baile Átha Cliath, mar a cailleadh é i mbliain a 1988. File a bhí ab ea é agus scríbhneóir gearrscéalta. Ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar í Scoil Gheimhridh na bliana, cothrom chéad bliain ó rugadh é, sa chathair inar thosaigh sé ar a shaol oibre sa mbliain 1927.
Bunfhaisnéis - Príomhphointí Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2010 ar nós dátaí, téama agus ionad.
Preaseisiúint - Preaseisiúint i gcomhair Scoil Gheimhridh 2010.
Clár - Clár iomlán imeachtaí na Scoile seo, ina bhfuil sonraí cuimsitheacha ar dhátaí, ionaid agus amanta tábhachtacha.
Táillí - Faisnéis shonrach i dtaobh táillí Scoil Gheimhridh 2010, rátaí corporáideacha san áireamh.
Cainteoirí - Gearrchuntais ar chainteoirí agus léachtóirí Scoil Gheimhridh na bliana seo.
Lóistín - Sonraí cuimsitheacha teagmhála i gcomhair óstán, tithe aíochta, B&B agus lóistín eile le linn na Scoile.
Taisteal - Eolas ar thaisteal go dtí an Scoil agus uaithi ar an gcóras iompair poiblí agus ar shocruithe faoi leith taistil a d’eagródh Cumann Merriman.