Scoil Gheimhridh Mherriman 2010
TOSACH
Comóradh ar chéad bliain ó rugadh an file iomráiteach Máirtín Ó Direáin a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2010, a reachtáilfear i nGaillimh thar dheireadh seachtaine an 29ú go 31ú Eanáir. Maítear gurb é an Diréanach a chuir tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge sa bhliain 1938.
Is é seo an dara Scoil Gheimhridh is daichead as a chéile ag Cumann Merriman agus is in Óstán Meyrick, an Fhaiche Mhór, Gaillimh (+ 353 91 564 041) a bheidh formhór na n‑imeachtaí. Is iad Máire Ní Neachtain (Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) agus Liam Ó Dochartaigh (Ollscoil Luimnigh) Stiúrthóirí na Scoile arís i mbliana.
Beidh an-bhéim ar Árainn i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Máirtín Jamesie Ó Flatharta a osclóidh an Scoil le cur síos ar chúlra an fhile agus is é an Dochtúir Tomás Mac Síomóin, a bheas ag teacht chugainn ón gCatalóin don Scoil, a thabharfas an chéad léacht, ‘Oileánach san Ardchathair’, tráthnóna Dé hAoine. Is é an tOllamh Mícheal Mac Craith OFM, as Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a thabharfas an dara mórléacht tráthnóna an tSathairn, ‘Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí‑éigeas Éireann'.
Táthar ag súil go mór leis an siompóisiam maidin an tSathairn (’Trí amharc as Oileáin Árann') mar a gcloisfear cainteoir óg as chuile oileán de thrí oileán Árann ag trácht ar ábhair éagsúla, an dá scoláire Marion Ní Mhaoláin (Árainn) agus an Dochtúir Mairéad Conneely (Inis Meáin) ag trácht ar a gcuid ábhar taighde féin, agus an fonnadóir MacDara Ó Conaola (Inis Oírr) ag caint ar shaol amhránaí as Craggy Island!
Beidh ócáid faoi leith ann iarnóin an tSathairn in Ionad Ealaíon na Gaillimhe. Seolfar Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman: Máirtín Ó Direáin: Dánta, eagrán nua den chnuasach a foilsíodh ar dtús 30 bliain ó shin arna thiomsú le dánta breise agus le réamhrá nua ag Eoghan Ó hAnluain. Is iad Cló Iar‑Chonnachta / An Clóchomhar na foilsitheoirí agus is é an tOllamh Seán Ó Coileáin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a sheolfaidh an leabhar.
Ina theannta sin, seolfaidh Gael Linn dlúthdhiosca athmháistrithe den cheirnín den Direánach ag léamh a shaothair féin, agus mar sméara mullaigh, tá súil againn go mbeidh Treasa Ní Mhiolláin, comharsa le muintir Uí Dhireáin in Árainn linn le cúpla amhrán a rá, agus beidh taispeántas ealaíne le Seán Ó Flaithearta as Árainn, dar teideal ‘Go bhfeicfidh tú dán’, bunaithe ar shaothar an fhile, le feiceáil ag lucht freastail na Scoile. Beidh na léaraidí seo le feiceáil chomh maith san eagrán nua de dhánta Uí Dhireáin.
Léifidh Fionnghuala Ní Chonceanainn agus Máirtín Jamesie Ó Flatharta sleachta as saothar Mháirtín Uí Dhireain maidin Domhnaigh, 31ú Eanáir, agus clabhsúr á chur acu ar imeachtaí Scoil Gheimhridh Merriman 2010.
CRÍOCH
Merriman Winter School 2008
START
Cumann Merriman will hold its 42nd annual Winter School in Galway, from the 29th to the 31st January 2010. The principal location will be the Meyrick Hotel, Eyre Square, Galway (+353 91 564 041).
The theme of the 2010 Winter School will be a commemoration of the centenary of the birth of the poet Máirtín Ó Direáin, who is credited with creating a new movement in modern poetry in Irish in 1938. The school will be opened by Aran man, Máirtín Jamesie Ó Flatharta (RTÉ Raidió na Gaeltachta).
The Directors of the 2010 Winter School are Máire Ní Neachtain, Mary Immaculate College, Limerick, and Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick.
The topics to be discussed in the formal lectures will be ‘Oileánach san Ardchathair’ (An Islandman in the Capital City) by Doctorr Tomás Mac Siomóin, the Irish language poet now resident in Catalunya, and ‘Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí‑eigeas Éireann’ (Protect the embers of your dream: Máirtín Ó Direáin: Ireland’s premier poet) by Professor Mícheál Mac Craith OFM, NUIG. Young voices from all three of the Aran islands will be heard at the Symposium on Saturday morning i.e. Marion Ní Mhaoláin (Árainn) will talk about a folklore collection made by Robin Flower in Aran, Doctor Mairéad Conneely (Inis Meáin) on the importance of the poet’s youth in Aran and MacDara Ó Conaola (Inis Oírr) on his experience as a singer from Craggy Island!
Cumann Merriman’s annual publication will be Máirtín Ó Direáin: Dánta, the complete poems, with an introduction by Eoghan Ó hAnluain (formerly of University College Dublin). The book will be launched by Professor Seán Ó Coileáin on Saturday afternoon in the Galway Arts Centre. It is hoped that the singer from Aran, Treasa Ní Mhiolláin, will be present. In addition, an exhibition of new illustrations by Seán Ó Flaithearta, also from Aran, for the new edition of the Complete Poems, will be shown in the Galway Arts Centre.
The Merriman Winter School in Galway will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by Johnny Connolly and Marcus Hernon.
The 42nd Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 31st January, with Fionnghuala Ní Chonceanainn and Máirtín Jamesie Ó Flatharta reading a selection of Máirtín Ó Direáin’s poems and prose.
END
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil