Máirtín Ó Direáin, 1910 go 2010
- Dátaí
- 29 – 31 Eanair 2010.
- Téama
- Máirtín Ó Direáin, 1910 go 2010.
- Stiúrthóirí
- Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
- Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
- Ionad
- Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.
Forbhreithniú ar an Scoil
'Filí Éireann go haointeach’ téama an chéad Scoil Gheimhridh de chuid Chumann Merriman, a tionóladh in Aonach Urmhumhan i mí Eanair 1969. B'iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain stiúrthóirí na Scoile sin agus bhí scata de mhórscríbhneoirí na Gaeilge páirteach. Ina measc siúd bhí an file agus scríbhneoir Máirtín Ó Direáin.
Árannach ab ea an Direánach, a chaith blianta fada ina chléireach in ard‑oifig an phoist i gCathair na Gaillimhe, ach a d’aistrigh ansin soir go Baile Átha Cliath, mar a cailleadh é i mbliain a 1988. Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an Direánaigh ag Scoil Gheimhridh na bliana, céad bliain ó rugadh é, sa chathair inar thosaigh sé ar a shaol oibre sa mbliain 1927.
Scoláireachtaí
Tá scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal. Is iondúil go riartar iad tríd Ranna Gaeilge na gColáistí agus na nOllscoileanna. Cuir tuairisc le Rúnaí na Roinne i d’Ollscoil féin nó déan teagmháil leis an Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil