Cainteoirí is Léachtóirí i mBliana
- An Dochtúr Mairéad Conneely
- Scoláire óg as Inis Meáin is ea Mairéad. Fuair sí scoláireacht ón Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtai Sóisialta le leanúint lena taighde dochtúireachta ar ‘Island and Identity: A Post‑colonial and Utopian Ananysis of Aran Island Writing'.Tá sí ina cúntóir teagaisc le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh.
- Johnny Connolly
- Is as Inis Bearacháin, amach ó chosta Leitir Móir in iarthar Chonamara, do Johnny — Johnny Phádraic Pheter mar a thugtar air i gceantar Chonamara. Duine de na boscadóirí is fearr in Éirinn é Johnny, agus bíonn an‑tóir ag pobal Chonamara agus ag lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta air. Tá riar dlúthcheirní eisithe aige.
- Fionnghuala Ní Chon Ceanainn
- Tá cónaí ar Fionnghuala ar Oileán Árann (’sé sin, an t‑oileán is mó de thrí Oileán Árann, ar a dtugtar Inis Mór leis) agus is minic le clos í ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- Deirdre Ní Chonghaile
- Is as Árainn do Dheirdre Ní Chonghaile. Scoláire, craoltóir, scríbhneoir agus ceoltóir í. Ghlac páirt i siomposiam an Scoil Gheimhridh anuiridh: ‘An amhránaíocht Ghaeilge: gabháil, athghabháil, nuaghabháil’, mar a dtug sí caint dar teideal ‘Stór Amhrán Árann ó 1857 anuas: meath nó malartú?’ Tá sí gníomhach i mBailiúchán Béaloideas Árann. Réitigh agus chuir i láthair an tsraith Bailiúchán Bhairbre d’RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sí i mbun taighde dochtúra faoi láthair; ‘'ag teacht le cuan': Irish traditional music and the Aran Islands’ teideal a tráchtais.
- Marion Ní Mhaoláin
- Scoláire óg as Oileán Árann, í Marion. Bhronn an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtai Sóisialta scoláireacht uirthi le taighde a dhéanamh ar ábhar béaloidis a bhailigh Robin Flower (1881 go 1946) in Árainn i dtríochaidí an chéid seo caite. Is ar an ábhar seo a labhróidh Marion ag siompóisiam an tSathairn.
- Treasa Ní Mhiolláin
- Is as Oileán Árann do Threasa, mar a bhfuil sí ina cónaí. Amhránaí is ea í, a bhuaigh Corn Uí Riada i 1972 agus i 1979. Bíonn an‑éileamh uirthi mar amhránaí; bhí sí ar an ardán i riar tíortha: an Eilvéis, sa Fhrainc, in Albain, i Sasana agus sa Ghearmáin. Bíonn si ag teagasc amhránaíochta do dhaoine óga don Ghaelacadamh.
- Máire Ní Neachtain
- Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith Máire trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair.
- An tOllamh Micheál Mac Craith
- Ollamh i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Micheál. Is údar é ar litríocht an 17ú agus an 18ú haois, an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais, an spioradáltacht dúchais agus filíocht is prós an 20ú aois. D'fhoilsigh sé Oileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin i 1993.
- An Dochtúr Tomás Mac Síomóin
- Baile Átha Cliathach is ea Tomás. Bitheolaí agus scríbhneoir is ea é. Fuair sé a PhD in Ollscoil Cornell. Chuaigh sé le scríbhneoireacht go lánaimseartha i mbliain a 1998. Chaith sé tréimhsí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Anois. Fuair sé duais sa ghearrscéalaíocht ag Oireachtas 1974 agus fuair an chéad duais do chnuasach gearrscéalta ag Oireachtais 2005. Fuair a úrscéal, An Tionscadal, príomhdhuais liteartha an Oireachtais i mbliain a 2006. Tá neart ábhar foilsithe aige ar fhilíocht an Direánaigh.
- An tOllamh Seán Ó Coileáin
- Scoláire agus scríbhneoir is ea Seán. Shaothraigh sé a chéimeanna BA agus M.A. i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus shaothraigh a chéim dochtúireachta in Ollscoil Harvard i mbliain a 1972; ’The Guaire cycle: a study in Irish tradition’ teideal a thráchtais. Ollamh na Nua Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ab ea é le blianta go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2006. D'fhoilsigh an Coileánach beathaisnéis an fhile Sheáin Uí Ríordáin, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, i mbliain a 1982, a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael‑Mheiriceánaí dh bhliain ina dhiaidh. B'é a réitigh eagrán 2002 d’An tOileánach, le Tomás Ó Criomhthain.
- MacDara Ó Conaola
- As Inis Oírr do Mhacdara. Amhránaí óg is ea é, a nascann amhráin thraidisiúnta le stíl chomhaimseartha. D’eisigh dlúthdhiosca, The Love Token ag tosach na bliana 2007. Dreatháir é leis an amhránaí Lasairfhíona Ní Chonaola. Bíonn éileamh ar ag féilte amhránaíochta agus ceoil in Éirinn agus thar lear.
- Liam Ó Dochartaigh
- Cathaoirleach reatha Chumann Merriman agus Stiúrthóir rialta ar an Scoil Gheimhridh. Anois ar scor óna phost mar Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscolil Luimnigh. Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil riamh de chuid Chumann Merriman agus tá baint aige leis an gCumann ó shin i leith. Tá an‑spreagadh á thabhairt aige faoi láthair don bhfoireann sa tSeapáin atá i mbun leagan Seapánaise de Chúirt an Mheán Oíche a ullmhú.
- Seán Ó Flaithearta
- Rugadh Seán in Árainn i mbliain a 1964. Dhein staidéar i gColáiste Náisiúnta an Ealaín agus an Dearadh i mBaile Átha Cliath agus fuair scoláireachtaí chun staidéar a dhéanamh in san Pennsylvania School of Arts sna Stáit Aontaithe, agus in san Ecole Nationale Superieure des Arts de la Cambre sa Bhruiséal. I measc a chuid taispeántas tá ‘Dúch/Liv/Encre’ in san Ionad Tionsclaíoch i gCasla agus ag Féile Idircheilteach L'oriant, agus ‘Deora Sáile’ in Áras Éinne, Inis Oírr.
- Máirtín Jamesie Ó Flatharta
- As Inis Mór, Oileán Arann, do Mháirtín. Craoltóir aitheanta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le blianta fada, agus an-aithne air mar aisteoir cumasach freisin. Is minic ar an ardán é i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus in Amharclann Druid. Tá spéis ar leith ag Máirtín ina chomh-Árannach, Máirtín Ó Direáin agus tá an‑eolas aige ar ghinealach an fhile.
- Marcus Ó hIarnáin
- Duine de mhuíntir cheolmhar Iarnáin as Roisín na Mainiach, Iorras Aithneach, in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Ceoltóir is ea é, a chasann an fheadóg mhór. D’eisigh sé féin is dheartháir, an boscadóir P.J., dlúthdhiosca dar teideal An Chearc Fhraoigh ar a bhfuil trí fhonn is fiche a chum Marcus féin. Déanann agus díolann sé feadóga móra.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil