Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Taisteal le línn Scoil Samhraidh Mherriman 2009

Ar an leathanach so tá naisceacha de thráthchláir bhusanna agus traenacha, agus faisnéis ar iompar fé leith a eagródh Cumann Merriman le línn na seachtaine.

Ar an Leathanach seo

  1. Tráthchlár agus praghsanna traenacha.
  2. Tráchlár agus táillí busanna.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Tráthchláir Bhusanna agus Thraenacha

Iarnród Éireann

Tá stáisiún traenacha na hÍnse i mbéal doiris le stáisiún na mbus, agus is é deireadh an líne siar as Luimneach.

Fóiríor, is anoir a thagann, agus a théann, geall leis gach treo traenach a fhreastlaíonn ar Iarthar na hÉireann! Dá dheascaibh san, is mór an áise iad do chuairteoirí a thiocfadh go dtí an Scoil ó Bhaile Átha Cliath ach is é an bus nó gluaisteán ar cíos an rogha is fearr dóibh siúd atá san Iarthar cheana.

Is féidir praghsanna cothrom le dáta a fháil ach láithreán Iarnród Éireann a dhearcadh.

Bus Éireann

Tá Ínis ana‑chongarach d’Aerfort na Sionainne, agus is mol broidiúil sheirbhísí bus í. Tá stáisiún na mbus féin cúpla neomat siúlóide ó lár an bhaile ach má tá gá leis, is furast heacnaí a aimsiú de ghnáth. Téann riar seirbhísí bus agus cóiste tríd an mbaile le línn na seachtaine, is iad ag freastail ar cathracha, aerfoirt agus stáisiúin traenacha móra.

Gheobhair tráthchláir agus praghsanna cruinne ar láithreán Bhus Éireann.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.