An fada uainn fós Tír Tairngire?
Dáta eisithe: Dé Luain, 20ú Mí Iúil 2009 (12:00 nóin)
An Scoil go hAchomair
- Dátaí
- Dé Domhnaigh 16ú go Dé Sathairn 22na Mí Lúnasa 2009.
- Ionad
- Ínis, Contae an Chlár.
- Amharclann Glór.
- Téama
- Are we there yet? Facing the future anew.
- An fada uainn fós Tír Tairngire?
Leathanaigh chomhbhainteacha
TOSACH
Tabharfaidh an staraí Diarmaid Ferriter(Ollamh le Nua‑Stair na hÉireann, UCD) léacht na hoscailte ag Scoil Samhraidh Mherriman na bliana seo ar Dé Domhnaigh 16ú Lúnasa in Amharclann Glór in Inis ar 8.00 i.n. Tabharfaidh an léacht seo, dar teideal ’The Lost Decade? Crisis, Continuity and Change in 1950s Ireland’, Éire faoi mar a bhí sna 1950aidí chun cuimhne agus an comhthéacs inar foilsíodh an chéad Chlár um Fhorbairt Eacnamaíochta caoga bliain ó shin. Cuirfidh an chaint seo bonn faoi sheachtain ina mbreathnófar ar na dúshláin d’Éirinn agus cúrsa á leagan amach don am atá romhainn. Tiocfaidh an ghéarchéim reatha eacnamaíochta i gceist gan amhras, ach beidh dearcadh leathan á thabhairt ar cheisteanna tábhachtacha le linn na scoile seo.
Is é Bob Collins (Príomh-Choimisinéir Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann agus Iar-Phríomh‑Stiúrthóir RTÉ) Stiúrthóir Scoil Samhraidh Mherriman 2009. Cuirfidh socheolaithe, lucht cumtha polasaí, oideachasóirí, staraithe, iriseoirí agus tuilleadh nach iad seachtain bhríomhar díospóireachta agus cadrála ar fáil. I measc na gcainteoirí tá Maureen Gaffney (Cathaoirleach, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta), Noel Dorr (iar‑Rúnaí Ginearálta, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), Cilian Fennell (léiritheoir teilifíse agus cóitseálaí meán, le RTÉ agus TG4 roimhe seo), Tom Collins (Ceann Roinne an Oideachais agus Déan Teagaisc agus Foghlama, OÉ Má Nuad), Seán Freyne (Ollamh Emeritus le Diagacht, Coláiste na Tríonóide), Brigid Laffan (Ceannasaí Choláiste na nEolaíochtaí Daonna, COBÁC), Emily Logan (Ombudsman na Leanaí), Paul Bew (Ollamh le Polaitíocht, Ollscoil na Ríona), Frances Ruane (Stiúrthóir, ESRI), John Mc Hale (Ollamh le hEacnamaíocht, OÉ Gaillimh) agus Michael Smyth (Ceann Scoile na hEacnamaíochta, Ollscoil Uladh).
Reachtálfar seimineáir mhaidine as Gaeilge agus as Béarla le Aongus Ó hAonghusa (Stiúrthóir, An Leabharlann Náisiúnta), John‑Mark Mc Cafferty (Ceannaire Cheartas Sóisialta agus Polasaí, Cumann Naomh Uinseann de Pól), Pádraig Ó hAoláin (Príomhfheidhmeanach Údarás na Gaeltachta), Clare Duignan (Stiúrthóir Bainistíochta, RTÉ Raidió), Tadhg Ó hIfearnáin (léachtóir sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Luimnigh), Philip Furlong (iar‑Rúnaí Gineáralta roinne rialtais), Póilín Ní Chiaráin (iriseoir, chomhfhreagraí an Tuaiscirt, Raidió na Gaeltachta) agus Sara Keating (iriseoir agus scríbhneoir ar na healaíona don IrishTimes agus don Sunday Business Post).
Ina theannta sin, beidh léamha filíochta am lóin leis na filí James Harpur, Enda Wyley, Ailbhe Ní Ghearrbhuigh agus John F. Deane, ranganna rinnce seite le Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, oíche scéalaíochta le Nuala Hayes agus an cláirseoir, Anne Marie O’Farrell, taispeáint rogha de scannáin le Radharc a craoladh ar RTÉ gach iarnóin, agus ranganna athnuachana Gaeilge le Eoghan Ó hAnluain.
DEIREADH
Cuir glaoch ar 00 353 86 382 0671 chun fiosrúcháin a dhéanamh.
Mar gheall ar Scoil Samhraidh Mherriman
Reachtáladh an chéad Scoil Samhraidh in Ínis, Contae an Chlár i 1968. Dob é Literature, Folklore, Folk Music and Archaeology of Thomond an téama agus ritheadh seisiúin i dtaobh Brian Merriman agua a dhán cáiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.
Daichead bliain ina dhiaidh sin, tá Cumann Merriman buanaithe go maith mar institiúid Éireannach, a eagraíonn Scoileanna Samhraidh agus Geimhridh, a bhfuil de cháil orthu tímeallacht scoláireachta agus caidrimh a chothú: meascán, tá súil againn, lena mbeadh Brian Merriman féin, is é san uaigh i bhFiacail i gContae an Chlár, sásta.
Faisnéis bhreise
- Is féidir tuileadh eolais i dtaobh na Scoile Samhraidh a fháil ach scéala ríomhphoist a sheoladh go foirm r‑phoist Chumann Merriman nó glaoch gutháin a chur ar 00 353 86 382 0671 le linn uaireanta oibre.
- Tá faisnéis ghinearálta do Chumann Merriman agus do bhaill a Choiste ar fáil ar ár láithreán Gréasáin.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann Merriman uair ar bith ach foirm phoist an láithreáin seo a úsáid.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Clár
Táillí
Lóistín
Súil Siar
Abhaile
Scoileanna
Teagmháil