Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Samhraidh Mherriman 2009

Cuireann an leathanach seo an 42na Scoil Samhraidh Mherriman i láthair. Tugann sé forbhreithniú ar dhátaí, amannta agus ionad> Tugann sé naisc de leathanaigh a bhfuil faisnéis níos sonrúla orthu, leis.

Ar an Leathanach seo

  1. An Scoil go hachomair agus téama.
  2. An Scoil á cur i láthair.
  3. A bhfuil i ndán dúinn.
  4. Scannáin de chuid Radhairc á dtaispeáint.
  5. Baill an Choiste Áitiúil.
  6. Buíochas agus creidiúintí.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


An fada uainn fós Tír Tairngire?

Dátaí
Dé Domhnaigh 16ú – Dé Sathairn 22na Lúnasa 2009.
Príomhionad
Amharclann Glór in Inis, Contae an Chláir.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh.

A bhfuil i ndán duit

Leath-chéad bliain ó shin go díreach tháinig polaiteoir agus stáitseirbhíseach — Seán Lemass agus T K Whitaker — le chéile, chun plean forbartha a bheartú: an Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch. Dréachtadh é seo le tabhairt faoin iliomad deacracht a bhí ag an Stát an uair úd, agus í ag ullmhú le ról níos leithne a ghlacadh sa domhan mór. Is mór idir na haimsireabh. Ball ar a chompórd is ea Éire sa chomhphobal domhanda; í socraithe isteach san Eoraip le fada; tá oideachas maith ar a pobal; tá maoin acu; saoránaigh de chuid an domhain mhóir iad a haos óg. Fós féin, tá dúshláin nua roimpi, agus an cúlú eacnamaíoch is tubaistí le leath‑chéad bliain buailte linn.

'Sé seo cúlra Scoil Samhraidh 2009. Ní foláir do gach glúin cinní a ghlacadh i dtaobh a bhfuil i ndán di, i dtaobh a cuid tosaíochtaí agus i dtaobh a háit sa saol mór. Is casta ar fad iad na socruithe seo do cheannairí polaitiúla, do lucht deartha polasaithe agus don ghnáthphobal ná mar a bhí siad le blianta fada. Tá éiginnteacht agus imní faoin todhchaí tagtha i gcomharbacht ar an gcinnteacht agus ar an muinín a spreag an Tíogar Ceilteach. ‘Sé seo fócas na Scoile. Cad iad na triallacha atá romhainn?

Súil romhainn, súil siar

Siar ar dtús a chaithfear súil. Tá Diarmaid Ferriter, staraí agus scríbhneoir, chun an tréimhse sin, leath-chéad bliain ó shin, a chíoradh mar chomhthéacs don Scoil, a thabharfaidh aghaidh chun cinn. Is croícheist é an t‑oideachas, agus is air a bhraitheann go leor dá gcuirfear i gcrích. Déanfaidh Tom Collins, Ollamh an Oideachais in OÉ Mhagh Nuad iniúchadh ar bhunriachtanais pholasaithe oideachais. Pléfidh Maureen Gaffney, síceolaí agus tráchtaire, forbairt shóisialta na tíre agus an tionchar atá ag na hathruithe atá ag tarlú.

Cherishing the children of the nation equally... Déanadh sluaghairm de seo ón am ar fógraíodh é, nócha bliain ó shin.Tá páistí, na linne seo agus san am atá caite, go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Cíorfaidh Emily Logan, Ombasman um Pháistí, polasaithe agus tosaíochtaí an Stáit sa réimse seo.

Éire sa domhan mór

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus beidh teagmháil na hÉireann le tíortha eile mar fhothéama ag an Scoil. Scrúdóidh Paul (Tiarna) Bew, Ollamh le Polaitíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, forbairtí go háitiúil sa Tuaisceart agus, níos leithne, teagmháil sa dá dhlínse ar an oileán.

Sean‑fhondúir de chuid Scoileanna Merriman is ea Noel Dorr, iar‑Ardrúnaí sa Róinn Gnóthaí Eachtracha. Pléifidh sé na dúshláin a bhaineann le polasaithe eachtracha na hÉireann a mhúnlú, agus na mórchumhachtaí domhanda ag athrú go suntasach.

Brigid Laffan, Ceann Choláiste na nEolaíochtaí Daonna in UCD, chun áit na hÉireann san Eoraip a scrúdú, agus a háit san AE go háirithe.

An geilleagar

Ní dhéanfar neamhshuim den ábhar is mó atá ag déanamh imní dúinn go léir le roinnt míonna — an geilleagar!

Pléifidh John Mc Hale, Ollscoil Queen’s i gCeanada, ach atá le dul i mbun oibre mar Ollamh le Geilleagar in OÉ Gaillimh gan mhoill, treonna polasaithe agus an tslí ar aghaidh sa réimse chasta seo.

Gnáth‑imeachtaí

I measc na ngnáthimeachtaí a bheidh ar siúl arís i mbliana tá:

... agus, gan dabht

Beidh againn an clár neamhfhoirmeálta: cur agus cúiteamh, timpeallacht sóúil, turasanna taighde go tithe tábhairne áitiúla agus, le cúnamh Dé, soineann go Samhna i gContae an Chláir.

Bíg línn!

Radharc

Taispeánfar rogha scannán de chuid Radharc, a craoladh ar RTÉ, le linn na Scoile. In Amharclann GLÓR, tar éis na léachtanna tráthnóna, a bheidh siad le feiscint.

Coiste Scoil Mherriman na hÍnse

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2009:

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.