Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Taisteal go agus ó Scoil Gheimhridh Mherriman 2009

Ar an leathanach seo tá naisc de thráthchláir busanna agus traenacha, agus faisnéis ar iompar faoi leith a d’eagrodh Cumann Merriman i gcomhair na Scoile.

Ar an Leathanach seo

  1. Tráthchláir agus táillí busanna
  2. Tráthchláir agus táillí traenacha
  3. Tráthchláir agus táillí Aer Árann

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


Tráthchláir Bhusanna agus Traenacha

Bus Éireann

www.buseireann.ie

Príomhchathair an Iarthair is ea Cathair na Gaillimhe agus, faoi mar a bheifeá ag súil leis, tá neart treonna bus á nascadh de chathracha agus bailtíocha móra na hÉireann.

Féach láithreán Bhus Éireann chun praghasanna reatha agus tráthchlár cruinn a fháil.

Iarnród Éireann

www.irishrail.ie

Freastlaíonn Iarnród Éireann go díreach ar Chathair na Gaillimhe ach, faraor, is soir anoir a bhíonn formhór treoanna traenach san iarthar! Mar sin, is áiseach an tseirbhís í seo dóibh siúd a thiocfadh go dtí an Scoil Gheimhridh ó Bhaile Átha Cliath. Do b'fhearr go minic busanna nó gluaisteán ar cíos don té atá in iarthar na tíre cheana, áfach.

Bhí amanta na dtraenacha atá fógartha ar an leathanach seo sa cheart, agus é á chur i dtoll a chéile ach bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann agus ba chóir na hamanta seo a dheimhniú arís níos gaire don Scoil.

Aer Arann

Agus an Scoil ar siúl i gCathair na Gailimhe, ní chóir deamad a dhéanamh ar Aerfort an Chairn Mhóir. Tá seirbhísí go Gaillimh ar fáil as aerfort Bhaile Átha Cliath agus as aerfoirt thar lear. D'fhéadfá a theacht anseo ón phríomhchathair laistigh d’aon uair a’ chloig! Féach ar láithreán Aer Árann i gcomhair treonna agus praghasanna.

Amanta traenacha

Dé hAoine
Baile Átha Cliath go Cathair na Gaillimhe
07.10, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 09.55
09.10, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 11.59
11.10, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 13.51
14.35, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 17.15
16.50, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 19.16
17.50, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 20.31
19.15, ag sroisiúint Chathair na Gaillimhe ar 21.55
Dé Domhnaigh
Cathair na Gaillimhe go Baile Átha Cliath
08.25, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 11.10
11.30, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 13.54
13.20, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 16.28
14.55, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 17.31
16.15, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 19.10
18.15, ag sroisiúint Bhaile Átha Cliath ar 20.57

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.