Scoil Gheimhridh Mherriman 2009
TOSACH
Ag labhairt dó ag seoladh Scoil Gheimhridh Merriman inniu dúirt Cathaoirleach Chumann Merriman, Liam Ó Dochartaigh, go raibh géarghá le plé oscailte a dhéanamh ar na forbairtí éagsúla a bhí titithe amach in éigse na Gaeilge le blianta beaga anuas.
'Rachainn go Gaillimh... le filí agus le fonnadóirí’ téama Scoil na bliana seo, a reachtálfar i gcathair na Gaillimhe ón 6ú go dtí an 8ú lá de mhí Feabhra. Cuid lárnach taibhseach d’éigse na Gaeilge an fhilíocht agus an amhránaíocht agus bhraitheamar go raibh sé in am cuid de shaineolaithe an réimse a thabhairt le chéile chun forbairtí nua a phlé.
Ní téacsanna amháin a bhíonn i gceist le dánta agus amhráin ach neacha beo a mbíonn saol acu taobh amuigh de phár agus páipéar. San áit gur cois tinteáin a chloistí amhrán cheana tá seans ann anois ann freisin gur ar dhlúthdhiosca nó ar an Idirlíon a dhéanfar an chéad teagmháil le hamhrán nua.
Tá dlús freisin leis an taighde acadúil sa réimse le blianta beaga anuas: mheasamar gur tráthúil súil fhuarchúiseach a chaitheamh ar chuid de na ceisteanna a tharraingítear anuas ag an gcomhthéacs nua seo
, arsa Máire Ní Neachtain, duine de Stiúrthóirí na Scoile Tá súil agam go nginfidh an tionól seo plé bríomhar ar a bhfuil ag titim amach in éigse na Gaeilge trí chéile. Tabharfaidh an Scoil deis do gach duine ar suim leo an fhilíocht agus an amhránaíocht teacht le chéile agus deireadh seachtaine ceolmhar fileata a chaitheamh i gcathair na dTreabh
a dúirt sí ag ócáid seolta na Scoile i Musaem Cathrach na Gaillimhe inniu.
Clár ilghnéitheach: cainteoirí agus oirfidigh
Fógraíodh clár ilghnéitheach, a gcuirfidh lucht ceoil agus lucht amhránaíochta spéis ar leith ann. I measc na gcainteoirí beidh an tOllamh Breandán Ó Madagáin, Peadar Ó Ceannabháin, an Dr. Lillis Ó Laoire, Deirdre Ní Chonghaile, Muireann Nic Amhlaoibh, an Dr. Louis de Paor agus an Dr. Seán Crosson, údar an leabhair nua The Given Note, leabhar a scrúdaíonn tionchar an cheoil traidisiúnta ar fhilíocht na hÉireann. An file Gearóid Mac Lochlainn a bheidh i mbun Éigse na Scoile agus é i bpáirt leis an bpíobaire Ronan Browne. Dúirt Liam Ó Dochartaigh gur sórt filleadh ar atmaisféar na céad Scoile a bheidh i gceist le Scoil na Gaillimhe, an 41ú Scoil Mherriman Gheimhridh. Bhí Nuala Ní Dhomhnaill, an file atá faoi thrácht i Leabhar na Bliana, leabhar nua ar an bhfile le Rióna Ní Fhrighil, a sheolfar le linn na Scoile, i láthair ag an gcéad Scoil sin. Ag Scoil sin na bliana 1969 a nocht Máirtín Ó Cadhain a bhreithiúnas cáiliúil ar na liricí deasa neamhurchóideacha
nár leor, iad dar leis, le litríocht a chothú. Gheall Cathaoirleach Chumann Merriman go gcloisfí dánta dána urchóideacha
agus amhráin ar gach nós
ag Scoil Gheimhridh Merriman na bliana seo. Beidh Fóram nua do mhic léinn mar chuid de chlár na Scoile den chéad uair i mbliana. Tá sé i gceist go dtabharfaidh an Fóram deis do thaighdeoirí óga a gcuid léargas ar an amhránaíocht a roinnt le mic léinn agus le daoine ar spéis leo féin tabhairt faoi thaighde sa réimse.
CRÍOCH
Merriman Winter School 2008
START
Speaking in Galway at the launch of this year’s Merriman Winter School Programme, the Chairman of Cumann Merriman, Liam Ó Dochartaigh, said that there was an urgent need for informed reflection on recent developments in the performance and criticism of music and poetry in Irish language culture. Traditional song and the performance of contemporary poetry in Irish with music have burgeoned in recent years and Cumann Merriman thought it timely to investigate further these manifestations of the continuing vibrancy of Irish language poetry and song
said Liam, who is one of the joint Directors of this, the 41st Merriman Winter School.
A panel of expert academics and practitioners will address the challenges posed by this rapidly changing milieu during the School, which takes place in the Meyrick Hotel in Galway form the 6th to the 8th of February. The School’s famed social programme is at an advanced planning stage. The School will be officially opened on at 8.15pm on Friday the 6th February by Professor Breandán Ó Madagáin. Among the speakers taking part are Peadar Ó Ceannabháin, An Dr. Lillis Ó Laoire, Deirdre Ní Conghaile, Muireann Nic Amhlaoibh and Dr. Seán Crosson, author of the recently published The Given Note, which examines the influence of traditional music on Irish poetry. The Sunday morning Éigse will reflect the twin themes of the school when the renowned Belfast based performance poet Gearóid Mac Lochlainn teams up with piper Ronan Browne.
The Scoil Gheimhridh is run through Irish and all are welcome.
END
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil