Rachainn go Gaillimh — le filí agus le fonnadóirí
- Dátaí
- 6 – 8 Feabhra 2009.
- Téama
- Rachainn go Gaillimh — le filí agus le fonnadóirí.
- Stiúrthóirí
- Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
- Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
- Ionad
- Óstán Meyrick, Cathair na Gaillimhe.
Forbhreithniú ar an Scoil
Is deacair a chreidiúint go bhfuil sé 20 bliain ó tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nGaillimh cheana. Trí oileán Árann a bhí mar théama an taca seo i 1989, agus b'é Breandán Ó hEithir a thug an chéad léacht.
Is breá linn a bheith ar ais i nGaillimh do Scoil Gheimhridh 2009 agus tá muid ag súil le hardscoil i gCathair seo na dTrí nUisce Uí Chonaire, Gealchathair Uí Chadhain agus Baile an Chaisil Uí Eithir.
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:
- Óstán Meyrick
- Músaem Cathrach na Gaillimhe
- Pobal Chathair na Gaillimhe
- Foras na Gaeilge
- Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil