Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Samhraidh Mherriman 2008

Cuireann an leathanach seo an 41ú Scoil Samhraidh Mherriman i láthair. Tugann sé forbhreithniú ar dhátaí, amannta agus ionad> Tugann sé naisc de leathanaigh a bhfuil faisnéis níos sonrúla orthu, leis.

Ar an Leathanach seo

  1. An Scoil go hachomair agus téama.
  2. An Scoil á cur i láthair.
  3. What to expect.
  4. Buíochas agus creidiúintí.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


'Ar Fheabhas Tuamhan': Ó Bhrian Bóramha go Pádraig Ó hIrghile

Dátaí
19ú – 25ú Lúnasa 2008.
Ionad
Amharclann Glór in Inis, Contae an Chláir.
Óstán an Old Ground in Inis, Contae an Chláir.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh.

Fáilte go dtí an Scoil

Politics and Irish Life Revisited, le David Fitzpatrick, léacht oscailte Scoil na bliana, ag cur tús le seachtain plé, chur is cúiteamh, cheoil, filíochta, rince seite agus craice!

I measc na gcainteoirí eile tá:

A bhfuil i ndán duit

In Inis, Contae an Chláir, a bheidh Scoil Samhraidh Mherriman 2008 á reachtáil. Táthar ag súil le sé lá bríomhara de léachtaí spreagúla agus de chaidreamh spleodrach. Agus sinn ag filleadh ar Inis, ionad an chéad Scoil Samhraidh, déanfar athbhreithniú ar ár n‑oidhreacht dúchais agus nósanna pobail, tráth a bhfuil Éire á claochlú go mear. Cuirfear béim faoi leith ar stair agus pobal an Chláir agus Thuamhumhan. Scoil dhátheangach í an Scoil Samhraidh ach is i mBéarla a bhíonn formhór na léachtaí.

Ionad an-oiriúnach don Scoil is ea Inis: tá neart bialann, iarsmalann agus leabharlann ann, gan trácht ar thithe tábhairne! Amharclann nua‑aimseartha Glór an príomhionad imeachtaí. Beidh Club Merriman á reachtáil gach oíche in Óstán an Old Ground. Is furasta Inis a shroisint ar thraen nó sa ghluaisteán agus tá neart roghanna ann ó thaobh lóistín de. Tá tránna breátha, an Bhoireann agus abhainn mhór na Sionainne in aice láimhe.

Príomhimeachtaí

I measc príomhimeachtaí chlár na bliana tá plé le Carmel Wynne, colúnaí ar an Irish Times, ar chúrsaí collaíochta i bpobal an lae inniu. Pléifidh geilleagaraí agus tráchtaire meán Marc Coleman an fás daonra, lena bhfuiltear ag súil, aníos arís go 8 miliún le linn an chéid seo, agus impleachtaí réigiúnda a ghabhann leis. Tabharfaidh Fintan Vallely léacht, léiriithe le giotaí ceoil, ar ghluaiseachtaí sa cheol traidisiúnta, inné is inniu, agus béim faoi leith ar cheol an Chláir. Beidh Colmán Ó Clabaigh OSB ag caint ar na mainistreacha Proinsiasacha in Inis agus i gCuinche. An tOllamh David Fitzpatrick, Coláiste na Tríónóide, BÁC, a thabharfaidh an léacht oscailte. Is é David údar Politics and Irish Life 1913 – 21, an saothar deifinídeach ar Chogadh na Saoirse i gContae an Chláir.

Gnéithe cultúrtha agus stairiúla den cheantar máguaird a bheidh á bplé, ag treoraithe agus cainteoirí, ar thuras na Céadaoine. Tá Mainistir Chuinche agus Magh Adhair, tulach ghairmithe na mBrianach, ar chuid de na láthair a dtabharfar cuairt orthu.

I mbliana, ceithre chéad biain tar éis do na hIarlaí an Róimh a bhaint amach, beidh deis ag rannpháirtithe taispeántas cumhachtach drámatúil faoi Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain (1550 – 1616) a fheiscint.

Aisteoir/scríbhneoir, Donal O’Kelly, a bhfuil neart gradam faighte aige, a chuirfidh taispeántas oíche na Céadaoine, Running Beast i láthair. Michael Holohan, buaiteoir an Celtic Music Prize, a chum an ceol a bheidh á sheinnt ina theannta. Píopaí uileann (Mick O’Brien), téaduirlisí (Máire Bhreathnach, Steve Larkin, Simone Mendonca agus Diane O’Keeffe), dord dúbailte (Dan Bodwell), téadchorda agus cnaguirlisí (Robbie Harris) na huirlisí a chloisfear. Tá taispeántais aonair chumhachtacha Dhonal O’Kelly (an seó clúiteach, Catalpa, ina measc) feicithe ag lucht féachana timpeall na cruinne, agus tithe lán aige. A chamber-orchestra historical trad‑rap, a dúradh i dtaobh Running Beast agus táthar ag súil go mór leis.

Filíocht agus stair

Bíonn an‑éileamh ar Chúirt an Mheán Lae, an seisiún laethúil filíochta, le blianta beaga anuas. Medhb Mc Guckian, Micheal O’Siadhail, Colm Breathnach agus Bríd Ní Mhóráin na filí a bheidh againn i mbliana. Ó thaobh na léachtaí ar stair áitiúil, beidh David Butler ag plé an traidisiúin Phrotastúnaigh sa Chlár; beidh Raymond Gillespie ag plé stair áitiúil agus dhomhanda; beidh Michael Griffin ag plé Thomas Dermody, file ó Inis; agus beidh Mathew Lynch ag plé eastáit talún sa Chlár sa 19ú aois.

Cuid tábhachtach dár n‑oidhreacht náisiúnta is ea traidisiún na Gaeilge sa Chlár. I measc na gcainteoirí atá deimhnithe ina thaobh seo tá Meidhbhín Ní Úrdail, Coláiste na hOllscoile, BÁC, a phléifidh Brianaigh Thuamhumhan agus Cath Chluain Tairbh; Stiofán Newman, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, a phléifidh Micheál Cuimín; an scoláire Vincent Morley a phléifidh filíocht Aodha Bhuí Mhic Cruitín; agus Eilís Ní Dheá, a thabharfaidh anailís sainiúil ar thraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge sa Chlár. Beidh na ceardlanna ‘Renew your Irish’ ar siúl, mar is gnáthach, dóibh siúd gur mian leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta.

Omós do Phádraig Ó hIrghile

Reachtáilfear ócáid speisialta chuimhneacháin, President Hillery’s Ireland, ar an Satharn in omós do Phádraig Ó hIrghile, fear as Contae an Chláir agus Éarlamh Chumann Merriman ar feadh 30 bliain. Caithfear súil siar ar ar bhain sé amach agus ar an oidhreacht a d’fhág sé.

Beidh fáilte romhat!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2008:

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.