Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Gheimhridh Mherriman 2008

Ar an leathanach seo tá fáilte roimh gach éinne go Scoil Gheimhridh 2008, dátaí, an téama, an t‑ionad, agus naisc d’fhaisnéis chuimsitheach uirthi.

Ar an Leathanach seo

  1. Téama na Scoile agus bunfhaisnéis uirthi
  2. Cúntas ghearr ar stair an Scoil Gheimhridh
  3. Baill Choiste Scoil Gheimhridh Chathair na Mart
  4. Faisnéis ar Scoláireachtaí atá ar fáil le freastail ar an Scoil seo
  5. Buíochas leo siúd a thug tacaíocht

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


Forbairt na Gaeilge 1958 – 2008

Dátaí
1 – 3 Feabhra 2008.
Téama
Forbairt na Gaeilge 1958 – 2008.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh.
Ionad
Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

An Daicheadú Scoil Gheimhridh

Tionóladh céad Scoil Gheimhridh Chumann Merriman san Aonach, Contae Thiobraid Árann i mbliain a 1969 agus b'é Máirtín Ó Cadhain a thug an chéad léacht, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. B'iad Seán Ó Mórdha agus Eoghan Ó hAnluain a stiúraigh an Scoil. Reachtáladh Scoil Gheimhridh gach bliain ó shin i leith. Tionóladh Scoileanna sna hionaid seo a leanas: Cill Dá Lua, An Fhiacail, Baile Uí Bheacháin, Inis, Bun Raite, Luimneach, Cill Áirne, Gaillimh, Cill Chainnigh, Dún Garbhán, Gleann Maghair agus Cathair na Mart. Bhí an Anluanach ina Stiúrthóir ar 22 Scoil as a chéile (1969 go 1992). B'iad Ciarán Mac Mathúna, Diarmuid Breathnach, Máirín Ní Dhonnchadha, Eithne Ní Chonaill, Alan Titley agus Liam Ó Dochartaigh na stiúrthóirí a lean é.

Coiste Scoil Gheimhridh Chathair na Mart

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastail ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu. Léigh tuilleadh mar gheall air seo ar leathanach na Scoláireachtaí.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.