Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Preaseisiúint a Fhógraíonn Scoil Samhraidh Mherriman 2007

Tá an preaseisiúint ar an leathanach seo i gcomhair Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2007.

Ar an Leathanach seo

  1. An phreaseisiúint.
  2. Sonraí teagmhála.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Changed Utterly? Ireland 1967 – 2007/'Mór idir na haimsearaibh'. Éire 1967 – 2007

19ú – 25ú Lúnasa 2007.

Dáta Éisithe

Le scaipeadh
12.00
24ú Mí Iúil 2007

Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2007 in Óstán an tSíolbhroin, Baile Átha Cliath, agus in Inis, Co. an Chláir, ar an Mháirt 24ú agus an Déardaoin 25ú Iúil faoi seach.

TOSACH

Reachtáilfear Scoil Samhraidh Merriman na bliana seo i Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir ó Dhomhnach go Satharn, an 19ú go dtí an 25ú Lúnasa. Is í Doireann Ní Bhriain, craoltóir aitheanta agus comhairleoir ealaíne, Stiúrthóir na Scoile.

Tá daichead bliain ó bhunú Chumann Merriman i 1967 agus an 40ú Scoil Samhraidh as a chéile, á cheiliúradh ag Cumann Merriman i mbliana. Buíon cairde ardchumais a raibh a n‑ainm in airde sa saol acadúil, sna meáin agus sa tseirbhís phoiblí in Éirinn, a raibh domhainspéis acu i ngach gné de shaol na nÉireann agus go háirithe sa Ghaeilge, agus a raibh dáimh ar leith acu le contae an Chláir, a bhunaigh Cumann Merriman. B'é a gcéad bheart, leacht álainn le Séamas Ó Murchú a chrochadh ar bhalla na reilige sa bhFiacail ina gceaptar atá Brian Merriman curtha. Ansin chuir na hOllúna Dáithí Ó hUaithne agus Séan Ó Tuama eagrán nua de Chúirt an Mheán Oíche ar fáil, agus b'é reachtáil Scoil Samhraidh Merriman in Inis sa bliain 1968 an tríú beart a rinne an Cumann. Reachtáladh an chéad Scoil Gheimhridh i 1969. Tá an dá Scoil á reachtáil go féiltiúil chuile bhliain ó shin.

Is iad na hathruithe a tharla in Éirinn ó 1968 i leith a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Samhraidh na bliana seo. Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thabharfaidh léacht na hoscailte ar an ábhar seo. Beidh sraith de léachtaí agus de shiompóisiaim ar ábhair ghaolmhara ann i rith na seachtaine á tabhairt ag an Ollamh John Coolahan (forbairtí san oideachas), John Bradley agus Eithne Fitzgerald (an rachmas nua), Piaras Mac Éinrí agus Mary Hickman (cúrsaí imirce), Sean Ó Laoire (cúrsaí pleanála agus cónaí ar thalamh na hÉireann), Eugene Downes (ealaíon na hÉireann á chur chun cinn thar lear), Nuala O’Faolain, Anne Enright agus Marian Finucane (saol na mban), Sir Kenneth Bloomfield agus Noel Dorr (ar tharla ó thuaidh agus ó dheas den teorainn), agus Fintan O’Toole agus Diarmaid Ferriter, ag féachaint siar agus ag breathnú rompu.

Beidh ómós faoi leith á thabhairt i seisiún deiridh na scoile do Seán Mac Réamoinn, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, a cailleadh i dtús na bliana.

Mar is gnách beidh seisiún in aghaidh an lae i nGaeilge ag an Scoil Samhraidh á dtabhairt ag Áine Uí Cheallaigh (an amhránaíocht thraidisiúnta), Máirín Nic Eoin (léann na Gaeilge), Regina Uí Chollatáin (iriseoireacht na Gaeilge), maille le Brian Ó Catháin ag trácht ar Ghaeilge an Chláir agus Árann. Beidh Cúirt an Mheán Lae ann gach lá Scoile, .i. léamha filíochta le Mary O’Malley, Liam Ó Muirthile, Paddy Bushe agus Leanne O’Sullivan.

Beidh cheithre sheisiún ar stair áitiúil an Chláir ann arís i mbliana chomh maith leis na seisiúin Renew your Irish le Eoghan Ó hAnluain; ranganna laethúla rince seite leis na Máistrí Rince, Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, agus seisiúin amhránaíochta, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin. Beidh turas timpeall na Boirne ann ar an gCéadaoin, le léacht i gColáiste Ealaíne na Boirne ar chaomhnú thimpeallacht na Boirne le Carol Gleeson.

Táthar ag súil le neart amhranaíochta, rince, cainte agus comhluadair ag Scoil Samhraidh Merriman seo an Dá Scór. Den chéad uair riamh ag an Scoil Samhraidh, beidh coirmcheoil le Cantairí Lismorohaun ó Thuaisceart an Chláir ann tráthnóna Dé Céadaoin le Naomi O’Connell, mar chantóir aonair.

DEIREADH

Preasoifigeach: Máire Ní Neachtain

Tuilleadh Faisnéise

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.