Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Samhraidh Mherriman 2007

Cuireann an leathanach seo an 40ú Scoil Samhraidh Mherriman i láthair. Tugann sé forbhreithniú ar dhátaí, amannta agus ionad> Tugann sé naisc de leathanaigh a bhfuil faisnéis níos sonrúla orthu, leis.

Ar an Leathanach seo

  1. An Scoil go hacomair agus téama.
  2. An Scoil á cur i láthair.
  3. Buíochas agus creidiúintí.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Cumann Merriman present:

Changed Utterly? Ireland 1967–2007/'Mór idir na haimsearaibh'. Éire 1967–2007

Dátaí
19ú – 25ú Lúnasa 2007.
Ionad
Ionad an Spa Wells i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir.
Stiúrthóir
Liam Ó Dochartaigh.

Fáilte go dtí an Scoil

In time of Change — Ireland 1967 to 2007, leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh, an stairí mór le rá, léacht oscailte Scoil na bliana, ag cur tús le seachtain plé, chur is cúiteamh, cheoil, filíochta, rince seite agus craice!

I measc na gcainteoirí eile tá:

What to Expect

I measc na n‑abhar plé tá saibhreas agus a chuid iarmhirtí, an tslí go mairimíd ar an dtalamh, athruithe i bpolasaithe agus i gcleachtais um oideachas, eisimirce agus inimirce, athruithe i saol agus ról na mban, rialthas thuaidh agus theas, easphortáil an chultúir Éireannaigh agus conas is féidir tairbhe a bhaint as ceachtanna an aimsir atá caite i gcomhair pleanáil an aimsir atá le teacht.

Mar is gnáthach, Scoil dhátheangach is ea í seo. Cé go bhfuil formhór na n‑imeachtaí á reachtáil as Béarla, tá sraith bheo bhríomhar Gaeilge tríthi. I measc na seisiún tá seimineáir ar fhorbairtaí i gceol traidisiúnta (le tabhairt ag an amhránaí cáiliúil, Áine Uí Cheallaigh), staid reatha na Gaeilge mar abhar acadúil staidéir (an Dochtúr Máirin Nic Eoin), iriseoireacht Gaeilge (an Dochtúr Regina Uí Chollatáin) agus nascacha idir Oileáin Árann agus Contae an Chláir (an Dochtúr Brian Ó Catháin), gan trácht thar na ranganna seite, le Betty Mc Coy is Johhny Morrisey, agus na ranganna Renew your Irish le hEoghan Ó hAnluain, go mbíonn an‑tarrac orthu i gcónaí.

Mír nua den Scoil, a mbíonn tarrac uirthi sin leis, is ea an léitheoireacht laethúil filíochta Cúirt an Mheán Lae. I measc aoi‑fillí i mbliana tá Mary O’Malley, Paddy Bushe, Liam O Muirthile agus Leanne O’Sullivan.

Tá sraith de sheimineáir laethúla ar stair áitiúil, ar réimse abhar áitiúil agus náisiúnta. Ina measc siúd tá ‘George Unthank Mc Namara — Clare’s Medical Antiquarian’ leis an Dochtúr Peter Harbison, ’Thomas Johnson Westrop, an Irish Antiquary’ le Máiréad Ashe FitzGerald, ‘One man in his time — Brendan O’Regan’ le Bernard Share agus ‘Curious examples of Gaelic signage and placenames in Co. Clare’ le Connor Keane.

I measc ócáidí faoi leith i mbliana tá coirmcheol leis na hamhráinithe móra le rá, na Lismorahaun singers, as an Clár, i dteannta an aonréadaithe Naomi O’Connell, ar an gCéadaoin agus omós do Sheán Mac Réamoinn, duine de chomhbhunaitheoirí Chumann Merriman agus cúirteoir an‑aitheanta dos na Scoileanna Samhraidh agus na Scoileanna Geimhridh do dtí gur cailleadh é níos túisce i mbliana. Ar maidin deireannach na Scoile a bheidh an imeacht seo ar siúl.

Beidh fáilte romhat!

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2007:

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.