Tráthchláir Bhusanna agus Traenacha
Bus Éireann

Bíonn seirbhísí bus is cóistí ar fáil i rith na seachtaine as príomhchatharacha, príomhaerfoirt agus cuid mhaith stáisiún traenach. Stadann formhór busanna a théann go Cathair na Mart ag roinnt áiteanna ar an mbealach.
Féach láithreán Bhus Éireann i gcomhair praghasanna agus tráthchlár cruinn.
Iarnród Éireann

Freastlaíonn Iarnród Éireann go díreach ar Chathair na Mart.
Dar le tráthchlár Iarnród Éireann fágann traenacha Baile Átha Cliath le gabháil go Cathair na Mart Dé hAoine ar 08.05, 12.40 agus 17.50. Chun dul thar n‑ais Dé Domhnaigh imeoidh traenacha ar 07.45, 14.25, 15.30 agus 17.55. Molann Cumann Merriman go ndeimhneoidh tú na sonraí seo le hIarnród Éireann féin níos gaire do dháta na Scoile.
Faraor, is soir anoir a bhíonn formhór treoanna traenach san iarthar! Mar sin, is áiseach an tseirbhís í seo dóibh siúd a thiocfadh go dtí an Scoil Gheimhridh ó Bhaile Átha Cliath. Do b'fhearr go minic busanna nó gluaisteán ar cíos don té atá in iarthar na tíre cheana, áfach.
Bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil