Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Preaseisiúint a fhógraíonn Scoil Gheimhridh Mherriman 2007

Press release for the 2007 Merriman Winter School in Westport.

Ar an leathanach seo tá an preas eisiúint i gcomhair Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2007.

Ar an Leathanach seo

  1. Preaseisiúint as Gaeilge i gcomhair Scoil Gheimhridh Mherriman 2007
  2. English-language press release for the 2007 Merriman Winter School
  3. Photos and sound clips from our press conference.

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


Scoil Gheimhridh Mherriman 2007

  1. Imeachtaí oscailte na Scoile
  2. Tuairisc ar chainteoirí na Scoile seo
  3. Seoladh an scannán faisnéise ar Shorcha Ní Ghuairim, Ar Lorg Shorcha
  4. Foílsiúchán bliantúil Chumann Merriman
  5. Comhluadar agus caidreamh ag Club Merriman

TOSACH

Oscailt na Scoile

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh na Bliana 2007 i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, ón 26ú go dtí an 28ú Eanáir. Comóradh ar 400 bliain ó Imeacht na nIarlaí sa bhliain 1607, nó ’Teitheadh na nIarlaí’ mar a thugtaí air, an eachtra chinniúnach i stair na hÉireann i dtús an tseachtú céad déag, a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2007, agus líne as dán comhaimseartha atá in úsáid i dtéama na scoile, ‘Anocht is uaigneach Éire'. In Óstán Westport a bheidh formhór na n‑imeachtaí.

Is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, an Stiúrthóir arís i mbliana, an 10ú bliain as a chéile aige mar stiúrthóir ar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman.

Cainteoirí

An tOllamh An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), staraí aitheanta agus sárchainteoir, a osclóidh an scoil tráthnóna na hAoine 26 Eanáir. Is é an Dr. Diarmaid Ó Doibhlin, iarléachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, a thabharfaidh an chéad léacht, ’Tadhg Ó Cianáin agus Turas na nIarlaí as Éirinn’, ina mbeidh cur síos ar an gcuntas a scríobh an Cianánach ar thuras na n‑iarlaí agus na ndaoine a d’imigh as Éirinn leo, ó d’fhágadar Ráth Maoláin i dTír Chonaill gur bhain cuid acu an Róimh amach, agus ar tharla dóibh le linn an aistir fhada sin. Ultach eile, an tOllamh An tOllamh Nollaig Mac Congáil (Ollscoil na nÉireann, Gaillimh), a bheidh sa chathaoir ar an léacht tosaigh seo.

Beidh dara léacht na Scoile maidin an tSathairn, 27 Eanáir, leis an Ollamh Micheál Mac Craith OFM (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) ar pháirt na bPrionsiasach Éireannach i gcaomhnú an chreidimh chaitlicigh agus an traidisiúin Ghaelaigh sna blianta corraitheacha ag tús an tseachtú céad déag agus iad lonnaithe i Lobháin na Beilge. (Teideal na léachta: ‘Gé beag ar na bráithribh thú': ’the perfidious Machiavellian friars of Louvain'.) Is í Máire Ní Neachtain, Leas‑Chathaoirleach Chumann Merriman, a bheidh sa chathaoir don léacht seo.

Céadtaispeáint Scannáin

I ndiaidh na léachta seo, ar mheán lae ar an Satharn 27ú Eanáir, le caoinchead TG4, beidh céadtaispeáint mhórscannáin nua faisnéise ar an amhránaí cáiliúil sean nóis, Sorcha Ní Ghuairim, dar teideal Ar Lorg Shorcha arna stiúradh ag Bríona Nic Dhiarmada (Ollscoil Luimnigh).

Táthar ag súil go mór leis an tríú léacht chomh maith ina labhróidh an Dr. Michelle Ní Ríordáin (Scoil an Léinn Cheiltigh, BÁC) ar dhearcadh agus ar thuiscintí na bhfilí comhaimseartha ar imeacht na nIarlaí agus ar threascairt an chórais Ghaelaigh sa tréimhse seo. ('Imeacht na nIarlaí: fairsinge agus buaine na hinsinte fileata’ an teideal.) An Dr. Nollaig Ó Muiríle (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) a bheidh sa chathaoir.

Leabhar na Bliana

Éigse Chairbre: filíocht ó Chairbreacha i gContae Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750 go 1850 le Bláthnaid Uí Chatháin is teideal do Leabhar na Bliana 2007 Chumann Merriman, mórshaothar scolártha nua ar fhilí agus ar fhilíocht iarthair Chorcaí. Seolfaidh An tOllamh Seán Ó Coileáin an leabhar i Leabharlann an Bhaile i gCathair na Mart, iarnóin an tSathairn. Mar is iondúil, beidh amhráin á gcasadh ar an ócaid seo agus is í Pádraigín Ní Uallacháin an t‑aoifhonnadóir i mbliana.

Ceol agus Caidreamh!

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an ochtú Scoil Gheimhridh seo ag Cumann Merriman i gCathair na Mart. Ceoltóirí áitiúla a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirfidh Liam Ó Muirthile i gcuideachta Mhichelle Ní Ríordáin, clabhsúr ar imeachtaí Scoil Gheimhridh 2007 agus a rogha féin de dhánta Gaeilge ón tréimhse 1560 go 1630 á léamh acu. Beidh amhráin á gcasadh ag Pádraigín Ní Uallacháin ag an seisiún scoir seo, maidin Domhnaigh, 28 Eanáir.

CRÍOCH

Merriman Winter School 2007

  1. Events on the opening night
  2. An overview of the speakers at this School
  3. The launch of the documentary film on Sorcha Ní Ghuairim, Ar Lorg Shorcha
  4. The Cumann Merriman annual publication
  5. Convivial company at Club Merriman

START

The Opening Night

Cumann Merriman will hold its 39th annual Winter School in Westport, Co. Mayo, from the 26th to the 28th January 2006. The Director of the 2006 Winter School is Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick. The principal location will be Hotel Westport.

The theme of the 2007 Winter School commemorates 400 years since the Flight of the Earls in 1607.

Speakers

The Winter School will be opened by Professor Gearóid Ó Tuathaigh (NUIG). The principal topics to be discussed in the formal lectures will be a contemporary account of the epic journey of the earls and their companions and retainers from their departure from Rathmullen in September 1607 to their arrival at their ultimate destination, Rome; the role of the Irish Franciscans in Louvain/Leuven at the end of the sixteenth and the beginning of the seventeenth centuries both in countering the effects of the Reformation and in the heroic work of preservation of Gaelic literature and culture; and the reaction of the Irish poets at the time to contemporary events so fateful for Gaelic Ireland. The lecturers will be Dr. Diarmuid Ó Doibhlin, formerly senior lecturer in Irish at UU Coleraine; Professor Micheál Mac Craith OFM (NUIG), and Dr. Michelle O Riordan (School of Celtic Studies, Dublin).

Film Premiere

A much anticipated event at the Winter School will be a first public showing at mid‑day on Saturday 27th January of a major film commissioned by TG4 on the sean nós singer Sorcha Ní Ghuairim (1911 to 1976) from Carna in Conamara who taught for a time in Trinity College Dublin.

Book of the Year

Cumann Merriman’s annual publication is Éigse Chairbre, a scholarly edition by Bláthnaid Uí Chatháin of poems from the period 1750 to 1850 from Carberry in west Cork. The book will be launched by Professor Seán Ó Coileáin on Saturday afternoon in Westport Library. The well‑known and polished artist, Pádraigín Ní Uallacháin, will be guest singer at this event.

Music and Conviviality!

The Merriman Winter School in Westport will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by local musicians.

The 39th Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 28th January, with a joint reading of a selection of poems in Irish from the period 1560 to 1630 by foremost Irish language poet, Liam Ó Muirthile, with Michelle O Riordan, along with a selection of songs from Ulster sung by Pádraigín Ní Uallacháin.

END

Grianghraif den bPreasócáid

Tógadh na grianghraif seo le linn na preasócáide:

Con Howard agus Catherine Devine

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman is ea Con. Is í Catherine an Cisteoir reatha. Seo iad tamall roimh thosach na preasócáide.

An Coiste

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Seo roinnt ball agus iar‑bhall de Choiste Chumann Merriman, agus iad ar an ardán i dteannta an Stiúrthóir nua‑cheapaithe.

Éamonn Ó Flannagáin, Marion Gunn agus Briain Mac Lochlainn

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Craoltóir le Near FM is ea Éamonn agus bhí sé i láthair ar son an stáisiúin sin. B'í Marion a rinne eagarthóireacht ar A Chomharsain Éistigí, Leabhar na Bliana 1984. Is beag Scoil a chaill Brian le fada an lá.

Siobhán Ní Fhoghlú agus Diarmuid Breathnach

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Tá obair mhór ar siúl ag Siobhán ag cur na Gaeilge chun cinn in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ball saoil de chuid Chumann Merriman é Diarmuid, agus comh‑údar na mBeathaisnéisí — a roghnaíodh go minic mar Leabhar na Bliana.

Liam Ó Dochartaigh

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Seo an deichiú bliain as a chéile a bheidh Liam mar Stiúrthóir ar an Scoil Gheimhridh.

Doireann Ní Bhriain

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Tá sáraithne ag pobal Mherriman ar Dhoireann mar dhuine de léitheoirí filíochta agus próis ag clabhsúr na Scoileanna. Fógraíodh gurb ise a bheidh mar Stiúrthóir ar an Scoil Samhraidh i mbliana le linn na preasócáide seo.

Páraic Breathnach agus Róisín Ní Ghairbhí

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Fear ildánach é Páraic — aisteoir, stiúrthóir, scríbhneoir, scriptscríbhneoir, comhairleoir ealaíne, craoltóir agus bunathóir Macnas. Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádhraig, Droim Conrach í Róisín agus cúraimí phreasoifig Chumann Merriman uirthi leis.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.