Cainteoirí is Léachtóirí i mBliana
- An tOllamh Nollaig Mac Congáil
- Ollamh i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Nollaig. Tá canúineolaíocht, scríbhneoireacht na gConallach, litríocht réigiúnach, gramadach na Nua-Ghaeilge, bibleagrafaíocht, litríocht na Nua‑Ghaeilge i bhfoirm aistrithe, agus irisí is nuachtáin na Gaeilge i measc a chuid spéiseanna taighde.
- An tOllamh Micheál Mac Craith
- Ollamh i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea Micheál. Bliain ghnóthach a bheidh sa bhliain seo do Mhicheál mar go mbeidh sé páirteach i roinnt mhaith de na himeachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheithre chéad bliain na bProinsiascánach sa Lováin. Is údar é ar litríocht an 17ú agus an 18ú haois, an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais, an spioradáltacht dúchais agus filíocht is prós an 20ú aois.
- Máire Ní Neachtain
- Léachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith Máire trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair.
- An Dr. Michelle Ní Ríordáin
- Is Ollamh Cúnta í Michelle i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard‑Léinn Bhaile Átha Cliath. Is í Oifigeach na bhFoilseachán sa Scoil í agus is saineolaí í ar an seachtú céad déag in Éirinn.
- Pádraigín Ní Uallacháin
- Is as Airgíalla, in oirdheisceart Uladh do Phadraigin Ni Uallacháin agus tógadh ann le Gaeilge í. Cónaíonn sí anois i mBéal Feirste, mar a bhfuil sí ina amhránaí cónaithe in Ollscoil na Banríona. D'oibrigh sí mar láithreoir agus mar léiritheoir do Raidió Teilifís Éireann i mBaile Átha Cliath ar feadh cúig bliana agus mar mhúinteoir ar feadh cúig bliana déag ina dhiaidh sin sara chughaigh sí le hamhránaíocht ar bhonn gairmiúil i 1999.
- Bríona Nic Dhiarmada
- Is léachtóir í Bríona i Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir in Ollscoil Luimnigh. Is í údar Téacs Baineann: Téacs Mná, an leabhar a roghnaigh Cumann Merriman mar leabhar na bliana in 2006. Chaith Bríona blianta i dtionscal na teilifíse sara ndeachaigh sí le léachtóireacht.
- An Dr. Diarmuid Ó Doibhlin
- Is iar‑Léachtóir Sinsearach le Gaeilge é Diarmuid, in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.
- An Dr. Nollaig Ó Muiríle
- Is léachtóir sínsearach é Nollaig i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá spéis ghairmiúil aige i logainmneacha, i nGinealaigh, in ainmneacha pearsanta agus sloinnte, sna teaghlaigh léannta agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní déanacha.
- An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh
- Is Ollamh é Gearóid i Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá stair na hÉireann agus na Breataine sa 19ú agus sa 20ú aois, maraon le stair chomhaimseartha na hEorpa, impiriúlachas comhaimseartha agus stair na smaointeoireachta ar a chuid spéiseanna gairmiúla. É nuacheaptha ag an Rialtas mar Chathaoirleach ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- Bláthnaid Uí Chatháin
- Saolaíodh agus tógadh Bláthnaid i mBaile Átha Cliath. I Scoil Chaitriona, Sráid Eccles, mar a raibh sí féin ina dálta, a fuair sí a céad phost múinteoireachta. Cónai uirthi i gCorcaigh on mbliain 1976, mar a bhfuil tréimhsí caite aici mar mhúinteoir iar-bhunscoile agus mar theagascóir ollscoile. Bhain sí céim dochtúireachta amach sa Nua‑Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí sa bhliain 1999. Spéis ar leith aici in oidhreacht Chairbre, Contae Chorcaí.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil