Ar an leathanach seo tá naisc de thráthchláir busanna agus traenacha, agus faisnéis ar iompar faoi leith a d’eagródh Cumann Merriman i gcomhair Scoil Samhraidh 2006.
Tráthchláir Bhusanna agus Traenacha
Bus Éireann

Bíonn seirbhísí bus is cóistí ar fáil i rith na seachtaine as príomhchatharacha, príomhaerfoirt agus cuid mhaith stáisiún traenach. Stadann formhór busanna a théann go Lios Dúin Bhearna ag roinnt áiteanna ar an mbealach.
Féach láithreán Bhus Éireann i gcomhair praghasanna agus tráthchlár cruinn.
Iarnród Éireann

Is in Inis atá an stáisiún traenach is gaire do Lios Dúin Bhearna agus is feidir bus a fháil ansin chun an chuid eile den turas a dhéanamh. Más fearr leat is féidir an traen a fháil go Cathair Luimnigh nó go Cathair na Gaillimhe, mar a mbíonn gluaisteáin le fáil ar cíos.
Faraor, is soir anoir a bhíonn formhór treoanna traenach san iarthar! Mar sin, is áiseach an tseirbhís í seo dóibh siúd a thiocfadh go dtí an Scoil Samhraidh ó Bhaile Átha Cliath. Do b'fhearr go minic busanna nó gluaisteán ar cíos don té atá in iarthar na tíre cheana, áfach.
Bíonn praghsanna agus tráthchláir cothrom le dáta ar fáil ar láithreán Iarnród Éireann.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Nascleanúint an Láithreáin
Roinntear an láithreán ina mhór‑rannóga ina bhfuil ábhair ghaolmhara, agus iad eagraithe i ngrúpaí beaga leathanach. Dá bharr seo tá sé níos éasca an láithreán a dhearcadh agus aimseoidh tú faisnéis go mear.
Scoil Samhraidh Mherriman 2006
Reachtáilfear Scoil Samhraidh Chumann Merriman na bliana i Lios Dúin Bhearna ón 19ú – 26ú Mí Lúnasa. Is é Mícheál Cíosóg — A Chéim, a Réim an tAm do Mhair an téama. Seo scrúdú ar shaol agus oidhreacht duine de scoláirí móra an Chláir, céad bliain tar éis a bháis.
Bunfhaisnéis - Scoil Samhraidh Mherriman 2006 á cur i láthair, agus forbhreithniú ar a mbeidh ann.
Preaseisiúint - Preaseisiúint a fhograíonn Scoil Samhraidh Chumann Merriman, 2006.
Clár - Clár iomlán imeachtaí Scoil Samhraidh Mherriman 2006. Cur síos cuimsitheach ar dhátaí, amanna agus ionaid.
Cainteoirí - Beathaisnéisí gearra ar chainteoirí, léachtóirí agus aíonna ar leith eile a bheidh páirteach i Scoil Samhraidh na bliana seo.
Táillí - Mionsonraí i leith táillí Scoil Samhraidh Mherriman na bliana seo, rátaí corporáideacha san áireamh.
Lóistín - Faisnéis theagmhála do roinnt óstán, tithe aíochta, tithe lóistín agus ionaid eile lóistín i gceantar Scoil Samhraidh Mherriman na bliana seo.
Taisteal - Faisnéis i leith taistil chuig agus ó Scoil Samhraidh Mherriman ar chóras iompair poiblí.
Súil Siar - Súil á caitheamh siar ar Scoil Samhraidh Mherriman 2006, le grianghraif, físghiotáin, fuaimghiotáin ahus agallaimh leo siúd a bhí i láthair.