Réamhrá
Cuireadh an leathanach seo i dtoll a chéile le linn Scoil Samhraidh Mherriman 2006, a osclaíodh Dé Sathairn an 19ú. Forbrófar é go ceann seachtain eile nó mar sin.
Déan deimhin agus tabhair cuairt arís orainn as seo go ceann cúpla seachtain, go bhfeice tú an t‑abhar nua de réir mar a fhoilsítear é. Muna raibh tú i gcumas a bheith i láthair, gheobhaidh tú blaise den imeacht. Má bhí tú ann, tá súil againn go spreagfaidh cuimhní maithe!
Steip na Scoile!

Féach físghiotán de Mhichelle Dillon, rinceoir den scoth ó Chontae an Chláir, agus í a’ rince i gClub Merriman ar an oíche oscailte. Is é an Four Courts Céilí Band, a bheidh i mbun ceoil gach oíche le linn na Scoile seo, atá ag seinnt.
- Giotán a rúnaíonn leathanbanda
- 4.3MB, comhad WMV a sheineann ar feadh 1 neomat 12 soicind.
- Giotán a rúnaíonn leathanbanda mear
- 8.7MB, comhad WMV a sheineann ar feadh 1 neomat 12 soicind.
- Giotán a rúnaíonn nascacha dialála
- 373KB, comhad WMV a sheineann ar feadh 38 soicind.
Grianghraif
Seo roinnt grianghraf a tógadh le linn na Scoile Samhraidh.
Is é Mícheál Mac Lochlainn an grianghrafadóir. Tá gach íomhá cóipcheart Chumann Merriman ach nuair a luaitear a mhalairt.
Dé Sathairn 19 Lúnasa 2006
Mícheál Ó Muircheartaigh

An craoltóir cáiliúil agus ‘guth na gcluichí gaelacha’, agus é ag tabhairt óráide na hoscailte oíche Dé Sathairn, 19ú Lúnasa.
Dochtúirí Uí Irghile

An Dr. Pádraig Ó hIrghile, Éarlamh Chumann Merriman, agus a bhean, Maeve, le linn oscailt Scoil Samhraidh 2006.
Club Síúil

Is cuid lárnach d’aon lá ag an Scoil freastal ar an gClub. Damhsa fheidhmiúil mar chleachtadh ar ar múineadh i rith an lae a bhíonn ann do dhaoine áirithe! Deis chomhluadair agus amhránaíochta a bhíonn ann do chuid eile.
Síle agus Breandán

Síle Ní Lochlainn agus Breandán Ó hÉamhaigh, cuid den fhoireann tacaíochta ag an Scoil seo.
An Br. Seán Mac Con Mara

An Br. Seán, agus é i mbun cainte ar a mhórlaoch, Mícheál Cíosóg. Is é Seán údar bheathaisnéis Uí Chíosóig, The Man From Carron.
Michael agus Mícheál

An Dr. Michael Griffin, Stiúrthóir na Scoile, agus Mícheál Ó Muircheartaigh díreach roimh oscailt oifigiúil na Scoile.
Dé Domhnaigh 20 Lúnasa 2006
An tOllamh Dáithí Ó hÓgáin

An Dr. Michael Griffin, Muiris Ó Rócháin agus an tOllamh Dáithí Ó hÓgáin, tar éis do Dháithí a léacht, ‘Narratives of Hurling’ a thabhairt istoíche Dé Domhnaigh.
Betty agus Johnny

Betty Mc Coy agus Johnny Morrisey, múinteoirí iontacha seite na Scoile, ag baint taithneamh as briseadh beag ag Club Merriman.
Lucht leanúna Bhriain

Seán Mc Donagh, Máire Ní Neachtain agus Aideen Friel.
Luke Gibbons

An tOllamh Luke Gibbons i mbun cainte faoi Mhícheál Cíosóg agus James Joyce ag Scoil Mherriman.
Aifric Mac Aodha

Guth óg bríomhar í Aifric i bhfilíocht na hÉireann. Thug sí léamh mealltach ag an gcéad Cúirt an Mheán Lae i mbliana.
Cúirt an Mheán Lae Dé Domhnaigh

Cuid den slua mór a bhí i láthair ag Cúirt an Mheán Lae le hAifric Mac Aodha.
Dé Luain 21 Lúnasa 2006
Beth Corcoran

Iris mhíosúil is ea Comhar, a phléann le cúrsaí reatha, na healaíona agus an litríocht. Beth a bhí i mbun sheastán Chomhar nuair a thug sé cuairt ar an Scoil.
Léigh an lipéad i gcónaí…

Ní hé uisce sulfair an spá an deoch is mó tarrac le linn Scoil Mherriman. Fós féin, feictear duine nó beirt á chaitheamh siar beagnach gach lá, agus miotóg á baint acu as an srón! Deirtear gur leigheas é ar phóit... ach ní le taithí!
Seit i gClub Merriman

Is mar a shíltear a bhítear! Rannpháirtithe na Scoile ag baint craic as oíche eile rince seite faoi stiúr Bhetty agus Johnny.
Bhalsa i gClub Merriman

Bíonn rudaí nua ag Scoileanna Merriman i gcónaí. Seo beirt as Sasana a thaispeáin leagan neamhchoitianta den bhalsa dúinn sa Chlub.
Alan Titley

Mar a dúirt an té a dúirt é, ní i bhFear Manach ná i bhFiji a faightear scoth na hiomána — ach ní hamhlaidh a bhí sé riamh! Phléigh léacht Alan cosúlachtaí idir trá na Gaeilge agus trá na hiomána. Samhlaigh Corn Mhic Carthaigh ag dul abhaile go Tír Chonaill, nó Gaeltacht Chill Chainnigh…
John Mc Auliffe

Scríbhneoir bisiúil agus oide broidiúil, bhí John ag léamh ag Cúirt an Mheán Lae ar an Luan. Léigh tuilleadh mar gheall air ar a leathanach gréasáin féin ag Ollscoil Mhanchain.
Cúirt an Mheán Lae Dé Luain

Tharraing seisiún John Mc Auliffe lán a’ tí, scéal ab amhlaidh ar feadh na seachtaine.
Róisín Ní Ghairbhí

Róisín ag tabhairt a léachta, Athbheochan na Gaeilge i dTuamhumhain 1847–1911, i dTigh an Chaidéil.
Dé Máirt 22 Lúnasa 2006
Doreen agus Aisling

Ealaíontóir áitiúil Doreen Drennan agus a hiníon, Aisling. Tá siad le feiscint anseo le saothar de chuid Doreen. Bhí an pictiúir seo mar chuid de thaispeántas Timeless Images, a bhí ar siúl le linn Scoil Samhraidh Mherriman. B'í Doreen a stiúraigh an tionscnamh seo.
Kevin, Michael agus Eoghan

Duine de na cainteoirí ba bhríomhaire ag an Scoil i mbliana, thug Kevin Whelan léacht fíor‑spreagúil ar náisiúnachas cultúrtha agus CLG istoíche Dé Máirt.
Luke, Luke agus Síle

Seo Luke Gibbons, Lúcás ‘Ming gan Trócaire’ Ó Flanagáin agus Síle Ní Lochlainn, agus an slua ag bailliú i gcomhair léacht Tina O’Toole, Beyond the ‘Hidden Ireland’: The Munster Women Writers Project.
Cúirt an Mheán Lae Dé Máirt

Lán a’ tí arís! Rannphairtithe na Scoile, agus iad ag baint taithneamh as filíocht Bhernard O’Donoghue i dTigh an Chaidéil in Ionad an Spa Wells.
Seán Jordan

Tá aithne mhaith ag lucht Merriman ar an bhfear fuaime lách, foighneach seo. Cuireann a chuid gairmiúlachta go mór le láithriú gan cháim na gcainteoirí.
Bernard O’Donoghue

Bhí an file seo as Corcaigh sa chathaoir i gcomhair Chúirt an Mheán Lae Dé Mairt.
Piaras agus Tina

Seo an Dr. Tína O’Toole, Ollscoil Luimnigh, i dteannta an Dr. Piaras Mac Éinrí, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, tar éis an chaint a thug sí ar Thionscadal Banscríbhneoirí na Mumhan.
Dé Céadaoin 23 Lúnasa 2006
Treasa agus Peadar

Seanfhondúirí Scoileanna Mherriman is ea Treasa agus Peadar Mac Mánais. Seo iad lasmuigh de thigh tábhairne Uí Chasaide ar an gCarn le linn thuras na Scoile.
Amuigh ar an mBoireann

Rannpháirtithe na Scoile agus iad ar cuairt ar Chathair Chonaill.
Brendan Dunford

Thug Brendan an‑chaint don Scoil ar chúrsaí na Boirne agus a bhfuil i ndán don fheirmeoireacht go háirithe. Tá sé le feiscint anseo láimh le tigh Mhichíl Chíosóig, agus é ag tabhairt cainte ar fhásra agus ainmhithe dúchasacha na Boirne.
Lá Bog ar an mBoireann

Níobh é an tosach ab fhearr do thuras Scoile é! Aimsíodh foithin in Ionad Chathair Chonaill, go dtiocfadh an soineann arís. Tháinig, buíochas le Dia!
Craic na hÓige

Breandán Ó hÉamhaigh, Síle Ní Lochlainn agus Arne Peters, agus iad i bhfad ródháiríre ag Club Merriman!
Na Baloonatics

Seo iad, agus iad fós ina seasamh tar éis chur i láthair Cyclops, an scéal grágach faoi ól agus faoi chlaontuairmíocht i dtigh tábhairne i mBaile Átha Cliath. Ní fíor iad ráflaí gur slogadh siar ocht bpionta dhéag lena linn... tháinig dhá cheann acu slán!
Scoil Náisiúnta an Chairn

Seo Scoil Náisiúnta an Chairn, ar ar fhreastal Mícheál Cíosóg. B'é duine de na céad scoláirí a chláraigh sa scoil.
Banna Céilí an Four Courts

Ba bhocht iad na seiteanna in éagmais an cheoil. Seo na fir ag obair go dian i gClub Merriman. Is le Johnny Morrisey iad na cosa ar thaobh na láimhe deise.
Déardaoin 24 Lúnasa 2006
Michael, Seán agus Liam

Déardaoin 24 Lúnasa 2006.
Brian Farrell

Brian, Cathaíorlach le linn léacht Niamh Hourigan, agus é ag glacadh ceist ón lucht féachanna.
Seán, Eithne, Máire agus Patricia

Déardaoin 24 Lúnasa 2006.
Cad é an chéad líne eile?

Ní inniu ná inné an chéad uair gur chríochnaigh léacht le seisiún amhránaíochta faoin aer ag Scoil Mherriman. Ní hí seo an chéad amhrán a chríochnaigh roimh a chríoch ach an oiread!
Craic Merriman!

Déardaoin 24 Lúnasa 2006.
Niamh Hourigan

Niamh, agus í ag glacadh ceisteanna ón lucht féachanna tar éis a léacht ar dhomhandú, an Ghaeilge agus na meáin.
Dé hAoine 25 Lúnasa 2006
Brian Ó Conchubhair

Brian, agus é ag déanamh pointe le linn an darna léacht a thug sé an tseachtain seo ar ábhair a bhaineann leis an athbheochain.
Cúirt an Mheán Lae on Friday

Futa Fata Féasóg! Bhain Tadhg Mac Dhonnagáin gné ceolmhar as Cúirt an Mheán Lae Dé hAoine.
Biddy Jenkinson

Biddy Jenkinson, file agus scríbhneoir, a bhí i mbun Chúirt an Mheán Lae an lá roimh ré.
Seeing through Counties

Tíreolaíocht an spóirt nó spórt na tíreolaíochta? Patrick J. O’Connor agus Michael Griffin.
Dé Sathairn 26 Lúnasa 2006
Máirín agus Joe Steve Ó Neachtain

Dé Sathairn 26ú Lúnasa 2006.
Billy

Cothú do Scoláirithe traochta! Ba bhocht an Scoil i Lios Dúin Bhearna gan é, agus níl éinne níos fearr na an fear seo chun féachaint inár ndiaidh.
Seán Mac Réamoinn

Dé Sathairn 26ú Lúnasa 2006.
An Scoil á scor

Dé Sathairn 26ú Lúnasa 2006.
Michael Griffin

Dé Sathairn 26ú Lúnasa 2006.
Suzette agus John Liddy

Dé Sathairn 26ú Lúnasa 2006.
Fuaimghiotáin & Agallaimh Fuaime
Cúirt an Mheán Lae
Seo cnuasach dánta (agus amhrán ina measc!) a roghnaigh na filí féin as na seisiúin a dhein siad ag Cúirt an Mheán Oíche:
Tadhg Mac Dhonnagáin
514KB / 2:11sAmhrán an Ghaeilgeora Mhóir ainm an amhráin seo. Caoineadh uaigneach fhir óig is ea é, ab éigean do a rún‑shearc a thréigean de bharr a laghad cumais sa ghramadach! Taifeadadh beo é seo i dTigh an Chaidéil, Ionad an Spa Wells le linn seisiún Thadhig ag Cúirt an Mheán Oíche.
John Mc Auliffe
450KB / 1:55sContext ainm an dáin seo. An tréimhse a chaith John ag teagasc istoíche i dtithe a chuid mac léinn i Londain a spreag an dán seo. Taifeadadh é in Ionad an Spa Wells díreach tar éis seisiún John ag Cúirt an Mheán Oíche.
Aifric Mac Aodha
254KB / 1:04sDillseachtaí ainm an dáin seo. Léigh Aifric dúinn é istoíche Dé Luain i dtigh tábhairne an Roadside.
Bernard O’Donoghue
592KB / 2:31sTer Conatus ainm an dáin seo. Dán cumhachtach, brónach is ea é seo agus léiríonn sé tuiscint ar ghné de shaol na tuaithe in Éirinn atá ann i gcónaí. Taifeadadh é in Ionad an Spa Wells.
Biddy Jenkinson
463KB / 1:58sCáitheadh ainm an dáin seo. Tá sé sa chnuasach Uiscí Beatha, agus is é Coischéim an foilsitheoir. Taifeadadh é in Ionad an Spa Wells.
Agallaimh
Tá roinnt agallamh déanta againn le cainteoirí agus rannpháirtithe. Tá agallamh le Luke Gibbons fós le teacht.
Brian Ó Conchubhair 1
657KB / 2:48sChaith Brian solas ar an meon dearfach a bhí ag lucht na hathbheochana i leith na teanga beo sa léacht a thug sé Déardaoin, Cogadh na gCanúintí le linn na hAthbheochana.
Brian Ó Conchubhair 2
659KB / 2:58sPhléigh Brian Dubhghlas de hÍde maidean Dé hAoine. An amhlaidh go raibh tionachar súntasach ag an dtréimhse a chaith sé ina ollamh cúnta i Meirice ar a dhearcadh i leith na hathbheochana?
John A. Murphy
1.25MB / 5:20sThug John léacht scoir na Scoile maidin Dé Sathairn, an séú lá fichead. ‘Irish-Ireland: Self-delusion, then and now’ an teideal a bhí air. Thug sé le fios go bhfuil comhartha ceiste ar lár anseo, áfach. Pléann sé ábhar an léachta san agallamh seo agus déanann sé cur síos ar an mbaint shean‑bhunaithe atá aige le Scoileanna Merriman.
Alan Titley
1.95MB / 8:33sFear mór Gaeilge is ea Alan, agus fear mór spórt, leis. Seo achoimire ar an léacht a thug sé ar an Luan, inar dhein sé comparáid idir trá na Gaeilge agus trá na hiomána.
Maeve Binchy
764KB / 3:15sTá Maeve Binchy ag teacht go Scoil Merriman chomh fada le duine ar bith eile. Anseo, pléann sí an Scoil trí chéile agus an gearrscéal a scríobh sí i gcomhair ceiliúradh an dá chéad i 2005.
Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey
1.65MB / 7:14sNí fhéadfaí an Scoil Samhraidh a shamhlú gan ceardlanna seite agus ba dheacair iad sin a shamhlú gan an bheirt mháistir. Seo Betty agus Johnny, agus iad ag plé an tslí inar cuireadh tús leis na ceardlanna, an obair caomhnaithe atá déanta acu ar sheiteanna agus neart eile.
Fidelma Mullane
1.25MB / 5:30sSpeisialtóir is ea Fidelma ar ailtireacht dhúchasach, agus tá suim faoi leith aici i dtrá na hailtireachta seo i gContae an Chláir. Thug sí léacht ar an ábhar seo maidin Dé hAoine agus phléigh sí an tacaíocht a thugann CLASP di.
Grianghraif den Phreasócáid
Seo cupla grianghraf a tógadh le linn na preasócáide a bhí againn i bPáirc a’ Chrócaigh:
Íomhá Mhichíl Chíosóig

Ar cheann des na céad rudaí a fheictear ar do dhul isteach go Páirc an Chrócaigh duit tá an íomhá chumhachtach seo den Chíosógach.
Con Howard

Tar éis naoi mbliana déag fichead, bíonn Con Howard, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, fós ag freastal ar Scoileanna go rialta. Árdán Uí Chíosóig atá le feiscint sa chúlra — mar is cóir do Scoil na bliana!
Ardán Uí Ógáin

An Dr. Michael Griffin, Stiúrthóir Scoil Shamhraidh Mherriman 2006, ar Ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh le linn tréimhse chiúin roimh an phreasócáid a d’fhógair an Scoil.
An Dr. Michael Griffin

An Dr. Michael Griffin ag cur Clár na Scoile seo i láthair. Féach Con Howard, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, ag éisteacht go géar leis ar thaobh na láimhe clé den ghrianghraf.
Liam Ó Dochartaigh

Seo Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman, ag seoladh na preasócáide. Tá sé le feiscint anseo i dteannta Chon Howard, Úna Uí Chuinn, Mhichael Griffin agus Bhreandáin Uí Éamhaigh, cuid d’fhoireann Chumann Merriman don Scoil Samhraidh seo.
Iománaithe an Chláir

Cláirínigh buacacha! Seo Michael Griffin ag cur is ag cúiteamh le Johnny Cullinan agus Jimmy Smyth, íománaithe ar a raibh cáil agus iad níos óige... ag plé bua mór an Chláir ar na Carmanaigh ar an bpáirc seo féin an lá roimh ré, b'fhéidir?
Agallaimh Fuaime
Chuireamair triúr aoi faoi agallamh le linn na preasócáide i bPáirc a’ Chrócaigh. Tá na hagallaimh seo ar fáil i bhfoirm chomhaid fuaime:
Con Howard
1.3MB / 5:31sComhbhunaitheoir Chumann Merriman i 1967 is ea Con Howard, agus tá baint aige anois le naoi mbliana is triocha. Caitheann sé súil siar ar bhunú an Chumainn san agallamh seo, agus ar chúlra a bhunaithe.
Jimmy Smyth
1.3MB / 5:42sIar‑iomáiní an Chláir is ea Jimmy Smyth. D'fhiafraíomair de mar gheall ar athruithe san iománaíocht, sa pheil agus i gCumann Lúthchleas Gael féin lena linn féin agus ó aimsir an Chíosógaigh. Mar fhocal scuir, dúirt sé vearsa mar gheall ar dhuine darb ainm Christy Ring…
Dr. Michael Griffin
582KB / 2:28sStiúrthóir Scoil Samhraidh na bliana seo is ea an Dr. Michael Griffin. Pléann sé imeachtaí atá beartaithe don Scoil anseo. Tá sé in aigne againn agallamh eile leis an Dr. Griffin a fhoilsiú tar éis na Scoile.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Bunfhaisnéis
Preaseisiúint
Clár
Cainteoirí
Táillí
Lóistín
Súil Siar
Abhaile
Scoileanna
Teagmháil