Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Preaseisiúint a Fhógraíonn Scoil Samhraidh Mherriman 2006

Tá an preaseisiúint ar an leathanach seo i gcomhair Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2006.

Ar an Leathanach seo

  1. An phreaseisiúint.
  2. Sonraí teagmhála.
  3. Grianchraif agus fuaimghiotáin den phreasócáid.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Mícheál Cíosóg agus a Ré

19ú – 26ú Lúnasa 2006.

Dáta Éisithe

Le scaipeadh
12.00
24ú Mí Iúil 2006

Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2006 i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, agus in Inis, Co. an Chláir, ar an Luan 24ú agus an Mháirt 25ú Iúil faoi seach

TOSACH

Reachtáilfear Scoil Samhraidh Merriman na bliana seo i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir ó Shatharn go Satharn, an 19ú go dtí an 26ú Lúnasa. Is é an Dr. Michael Griffin, Léachtóir le Béarla in Ollscoil Luimnigh, Stiúrthóir na Scoile.

Is é Mícheál Ó Muircheartaigh, an craoltóir iomráiteach ar chluichí Gaelacha, a osclóidh Scoil Samhraidh 2006 tráthnóna an tSathairn, 19 Lúnasa.

Micheál Cíosóg — a Chéim, a Réim, an tAm do Mhair téama na Scoile i mbliana; déanfar comóradh sa Scoil seo ar chéad bliain ó bhás bhunaitheoir CLG. Ba tréimhse corraitheach athbheochana in Éirinn saolré an Chláirínigh chéimiúil seo mar le cúrsaí teanga, litríochta agus spóirt. Pléifear téamaí sna léachtaí agus sna seimineáir a bhaineann le:

Beidh na gnáthsheisiúin ar stair áitiúil an Chláir, ar stair na Gaeilge i dtús ré na hAtbheochana, chomh maith le léamha filíochta (‘Cúirt an Mheán Lae’), ann chuile lá. Mar is gnách beidh na seisiúin ‘Renew your Irish’ ann, agus ranganna rince seite leis na Máistrí Rince, Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, agus seisiúin amhránaíochta, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin. Beidh turas timpeall na Boirne agus go dtí an Carn ann chomh maith, ceantar dúchais Mhicheáil Cíosóig, mar a bpléifear gnéithe de thíreolaíocht dhaonna agus chultúrtha na timpeallachta as ar eascair sé.

Imeacht neamhghnách i mbliana is ea an léiriú drámatúil le complacht drámaíochta Balloonatics de mhír Cyclops as Ulysses an tSeoighigh, ina bhfuil athchruthu bhríomhar fhicseanúil de thráthnóna súgach sáraíochta i dteach tábhairne sa phríomhchathair sa mbliain 1904.

I measc na rannpháirtithe i Scoil Samhraidh 2006, beidh:

DEIREADH

Preasoifigeach: Máire Ní Neachtain

Tuilleadh Faisnéise

Sleachta Físeáin

Seo chugat físghiotán den Staicín Eorna i gClub Merriman, geimhreadh 2006:

Giotán i gcomhair leathanbanda
Comhad WMV, 2.3MB, a sheineann ar feadh 38 soicind.
Giotán i gcomhair dialála
Comhad WMV, 144KB, a sheineann ar feadh 21 soicind.

Grianghraif Den Phreasócáid

Seo cupla grianghraf a tódadh le linn na preasócáide a bhí againn i bPáirc a’ Chrócaigh:

Íomhá Mhichíl Chíosóig

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Ar cheann des na céad rudaí a fheictear ar do dhul isteach go Páirc an Chrócaigh duit tá an íomhá chumhachtach seo den Chíosógach.

Con Howard

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Tar éis naoi mbliana déag fichead, bíonn Con Howard, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, fós ag freastal ar Scoileanna go rialta. Árdán Uí Chíosóig atá le feiscint sa chúlra — mar is cóir do Scoil na bliana!

Ardán Uí Ógáin

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

An Dr. Michael Griffin, Stiúrthóir Scoil Shamhraidh Mherriman 2006, ar Ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh le linn tréimhse chiúin roimh an phreasócáid a d’fhógair an Scoil.

An Dr. Michael Griffin

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

An Dr. Michael Griffin ag cur Clár na Scoile seo i láthair. Féach Con Howard, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman, ag éisteacht go géar leis ar thaobh na láimhe clé den ghrianghraf.

Liam Ó Dochartaigh

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Seo Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman, ag seoladh na preasócáide. Tá sé le feiscint anseo i dteannta Chon Howard, Úna Uí Chuinn, Mhichael Griffin agus Bhreandáin Uí Éamhaigh, cuid d’fhoireann Chumann Merriman don Scoil Samhraidh seo.

Iománaithe an Chláir

Féach an íomhá seo ar a méid iomlán

Cláirínigh buacacha! Seo Michael Griffin ag cur is ag cúiteamh le Johnny Cullinan agus Jimmy Smyth, íománaithe ar a raibh cáil agus iad níos óige... ag plé bua mór an Chláir ar na Carmanaigh ar an bpáirc seo féin an lá roimh ré, b'fhéidir?

Agallaimh Fuaime

Chuireamair triúr aoí faoi agallamh le linn na preasócáide i bPáirc a’ Chrócaigh. Tá na hagallaimh seo ar fáil i bhfoirm chomhaid fuaime:

Con Howard

Listen to this MP3 1.3MB / 5:31s

Comhbhunaitheoir Chumann Merriman i 1967 is ea Con Howard, agus tá baint aige anois le naoi mbliana is triocha. Caitheann sé súil siar ar bhunú an Chumainn san agallamh seo, agus ar chúlra a bhunaithe.

Jimmy Smyth

Listen to this MP3 1.3MB / 5:42s

Iar‑iomáiní an Chláir is ea Jimmy Smyth. D'fhiafraíomair de mar gheall ar athruithe san iománaíocht, sa pheil agus i gCumann Lúthchleas Gael féin lena linn féin agus ó aimsir an Chíosógaigh. Mar fhocal scuir, dúirt sé vearsa mar gheall ar dhuine darb ainm Christy Ring

Dr. Michael Griffin

Listen to this MP3 582KB / 2:28s

Stiúrthóir Scoil Samhraidh na bliana seo is ea an Dr. Michael Griffin. Pléann sé imeachtaí atá beartaithe don Scoil anseo. Tá sé in aigne againn agallamh eile leis an Dr. Griffin a fhoilsiú tar éis na Scoile.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.