Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Scoil Samhraidh Mherriman 2006

Cuireann an leathanach seo an 39ú Scoil Samhraidh Mherriman i láthair. Tugann sé forbhreithniú ar dhátaí, amannta agus ionad> Tugann sé naisc de leathanaigh a bhfuil faisnéis níos sonrúla orthu, leis.

Ar an Leathanach seo

  1. An Scoil go hacomair agus téama.
  2. An Scoil á cur i láthair.
  3. Buíochas agus creidiúintí.

Nascleanúint an Láithreáin

Tá an cháipéis seo ar fáil as: Gaeilge | English.


Cumann Merriman present:1847–1906

Mícheál Cíosóg agus a Ré

Dátaí
19ú – 26ú Lúnasa 2006.
Ionad
Ionad an Spa Wells i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir.
Stiúrthóir
An Dr. Michael Griffin, Ollscoil Luimnigh.

Fáilte go dtí an Scoil

Tugann an 39ú Scoil Samhraidh omós do Mhícheál Cíosóg, bunaitheoir Chumann Luthchleas Gael, ar ócáid chomórtha céad bliain a bháis. Tréimhse dian‑athbheochana ab ea saol an Chláirínigh seo: athbheochan teanga, litríochta agus spóirt.

Le linn léachtaí agus seimineár, beidh aird á thabhairt ag cainteoirí ar théamaí a bhaineann le gairm Uí Chíosóig agus ar an timpeallacht chultúrtha agus oideachais as ar fuinneadh é. Déanfar cur i láthair ar bhaint Aontacht na Gaeilge, Irisleabhar na Gaeidhilge agus CLG le tionscadal an dí‑Ghalldaithe.

Beidh plé ag an Scoil ar an tsaorántacht maidir le sochaí Éireannach na linne seo, agus ar stádas agus íomhá reatha na gcluichí Gaelacha. Déanfar plé ag léachtaí, leis, ar íomhá choitianta Uí Chíosóig i scríbhinní Liam P. Uí Chaithnia agus James Joyce. Tá sraith seimineár ar stair áitiúil an Chláir agus ar ghluaiseacht athbheochana na Gaeilge le linn Uí Chíosóig ar Chlár na Scoile, mar aon le léitheoireacht filíochta, ceardlanna seiteanna, ranganna Gaeilge agus Club Merriman.

Cuireann Cumann Merriman fíor‑chaoin fáilte roimh rannpháirtithe Scoil Samhraidh 2006 ar fad agus guímid seachtain thaithneamhach oraibh i Lios Dúin Bhearna. Tá faisnéis ar thaisteal, lóistín agus ar tháillí ar fáil ar an láithreán seo, leis, agus ná dearmad teacht thar n‑ais tar éis na Scoile go bhfeicfidh tú roinnt grianghraf, fuaimghiotán agus físghiotán a tógadh le linn na Scoile.

preaseisiúint a fhógraíonn Scoil Samhraidh Mherriman 2006 ar fáil, i dteannta roinnt grianghraf agus fuaimghiotán den phreasócáid a bhí againn i bPáirc a’ Chrócaigh.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2006:

Beidh fáilte romhat!

Léim go: Abhaile | Suas | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.