Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Súil Siar ar Scoil Gheimhridh Mherriman 2006

Ar an leathanach seo caitear súil siar thar Scoil Gheimhridh 2006. Tá roinnt mhaith íomhánna de rannphairtithe agus cainteoirí araon, agus agallaimh leo.

Ar an Leathanach seo

  1. Íomhánna agus fuaimeanna den Scoil
  2. Físeán d'agallamh le Bríona Nic Dhiarmada
  3. Cnuasach taifead fuaime
  4. Agallaimh le daoine, as Gaeilge
  5. Cnuasach grianghraf den Scoil

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


An Scoil — fuaim agus íomhá

Lucht féachana, is iad ag éisteach le léacht

Céad bliain ó shin i mbliana a rugadh Máirtín Ó Cadhain, cúis a spreag Cumann Merriman le mórscríbhneoir Gaeilge na fichiú aoise a cheiliúradh ag Scoil Gheimhridh na bliana seo. Cé nár mhair Máirtín i bhfad tar éis bunú an Chumainn ba é a thug ceann de na léachtaí is mó cáil ariamh ag aon cheann dár gcuid Scoileanna, caint a foilsíodh faoin teideal ‘Páipéir Bhána agus Paipéir Bhreaca'. Tugadh gnéithe éagsúla den Chadhanach chun suntais le linn na Scoile: an scríbhneoir, an fear cúise, an bailitheoir béaloidis, an múinteoir, an cara agus an fear gaoil. Tháinig slua an-mhór ó chian is ó chongar, daoine ar theagmhaigh an Cadhanach leo mar chomharsa, mar chomhchime, mar chomh‑agóidí agus iad siúd a bhfuil meas acu ar an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh.

Siosón amhránaíochta i dtigh tabhairne

Is cinnte go raibh blas de Ghaeltacht Chonamara ar an Scoil seo agus go raibh draíocht ag baint le maidin an Domhnaigh go háirithe nuair a léigh Joe Steve Ó Neachtain, a bhean Máirín (iníon deirfíre leis an gCadhanach) agus a gclann Aisling, Luisne agus Páid sleachta as saothar an údair.

Baineadh an‑taitneamh freisin as na hamhráin as Faoi Rothaí na Gréine, cnuasach a bhailigh Máirtín féin i gConamara sna tríochaidí agus a chas Sarah Ghrillais, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Seosamh Ó Méalóid agus Tomás Ó Neachtain san oíche Dé Sathairn. Ócáid an‑bhreá a bhí in seoladh Leabhar na Bliana, Téacs Baineann: Téacs Mná le Bríona Nic Dhiarmada faoin bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus ba dheas mar a léigh Nuala féin a rogha trí dhán as a bhfuil scríofa aici go dtí seo. Mar a bhíonn i gcónaí, bhí neart amhrán, ceoil, cur is cúiteamh agus comhluadair ag an Scoil sa mbaile inar céad foilsíodh mórshathar Mháirtín: Cré na Cille.

Bríona Nic Dhiarmada

Bríons Nic Dhiarmada, ag féachaint sa cheamra

Carmanach í Bríona, atá ag obair i Roinn an dTeangacha agus an Léann Cultúir in Ollscoil Luimnigh. Tá an‑aithne uirthi mar léirmheastóir ar cheisteanna comhaimseartha agus mar údar ar theoiric na litríochta, i dtaca le léann na mban go háirithe. Is minic mar aoi í ar chláir raidió agus teilifíse a phléann cúrsaí na ndán. Is ollamh ar chuairt in Ollscoil Notre Dame, Indiana í faoi láthair. ‘Sí Bríona údar Leabhar na Bliana 2006, Téacs Baineann: Téacs Mná, a bhfuil filíocht Nuala Ní Dhomhnaill mar ábhar. Bhí sí sásta agallamh gearr a thabhairt dúinn os comhair ceamra chun é a phlé.

Thug sí agallamh eile dhúinn, a taifeadeadh i bhfuaim amháin, inar phléigh sí filíocht Nuala níos doimhne i gcomhthéacs Éireannach agus i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Fuaim

Nuala Ní Dhomhnaill, Breandán Ó Buachalla agus Bríona Nic Dhiarmada i mbun plé bríomhar

Tá Cumann Merriman fíorbhuíoch díobh siúd, idir chainteoirí agus rannpháirtithe, a bhí sásta agallaimh a thabhairt nó amhrán a rá le linn na Scoile — fiú nuair a bhí an t‑am tearc ar chuid acu. Bhí tuairimí agus scéalta suimiúla acu uilig agus is saibhre é an leathanach seo dá mbarr. Seo dhíbh mar sin, blúiríní de chomhluadar Scoil Gheimhridh Mherriman 2006!

Agallaimh

Seán Ó Cadhain
Rugadh agus tógadh Seán ar an gCnocán Glas sa Spidéal. Mac le Padhraic Ó Cadhain, deartháir Mháirtín é agus is é atá ina Chathaoirleach ar Iontaobhas Uí Chadhain. Bliain ar leith í 2006 don Iontabhas mar gur céad bliain ó shin go díreach a rugadh Máirtín Ó Cadhain, mórscríbhneoir Gaeilge na haoise seo caite. Tá an tIontaobhas i mbun feachtais feasachta agus iad ag spreagadh grúpaí ó cheann ceann na tíre le himeachtaí ceiliúrtha agus eolais a reachtáil. San agallamh seo déanann Seán cur síos ar an bhfeachtas seo, ar Mháirtín féin is ar a shaothar.
Bairbre Ní Chiosáin
Baile Átha Cliathach í Bairbre a lean nós a muintire, Séamas, nach maireann, agus Helen, freastal ar Scoileanna Geimhridh Chumann Merriman. Cé gur i dToulouse na Fraince atá cónaí ar Bhairbre le roinnt blianta anuas, ní chailleann sí aon Scoil Gheimhridh. Tá suim ar leith ag Bairbre san amhránaíocht ar an sean‑nós agus is rannpháirtí gníomhach í ag seisiúin amhránaíochta na Scoileanna.
Colleen Dollard
Is as Washington DC sna Stáit Aontaithe do Cholleen agus is mac léinn í i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Foghlaimeoir díograsach Gaeilge is ea í, atá sáite i nDaltaí na Gaeilge, eagras deonach teanga i Meiriceá. Tháinig sí go Scoil Gheimhridh Mherriman d’fhonn cupla lá a chaitheamh i dtimpeallacht shaibhir Gaeilge. Ní raibh díomá uirthi, ní foláir!
Nuala Ní Dhomhnaill
Duine de na filí Éireannacha is mó cáil í Nuala Ní Dhomhnaill. Tarraigníonn a cuid filíochta go mór ar théamaí a bhaineann le dúchas agus oidhreacht litríochta agus béaloidis na hÉireann. Bhí Nuala i láthair ag an gcéad Scoil Gheimhridh de chuid Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan agus gan inti fós ach dalta meánscoile agus léigh sí dán dá cuid ar an ócáid sin.
Faoi Rothaí na Gréine
Seo blaiseadh de chuid de na hamhráin a casadh san oíche Dé Sathairn; amhráin ar bhailigh Máirtín Ó Cadhain leaganacha díobh agus a foilsíodh mar chnuasach Faoi Rothaí na Gréine. Chuir Ríonach uí Ógáin eagar ar an mbuneagarthóireacht a rinne Seosamh Ó Cadhain, deartháir Mháirtín agus d’fhoilsigh Coiscéim an leabhar in 1999. Chas na hamhránaithe a leagan féin de na hamhráin atá le fáil sa gcnuasach agus ar dtús anseo cloistear Johnny Mháirtín Learaí agus ceathrú de Bhrid Óg na gCarad á chasadh aige. Ansin tá Sarah Ghriallais le ceathrú d’Úna Dheas Ní Nia, Seosamh Ó  Méalóid le ceathrú de Thiobóid Sheáin Mhóir agus Tomás Ó Neachtain ar deireadh le ceathrú as Tailliúr an Mhaghaidh.
Joe Steve Ó Neachtain
Údar agus aisteoir é Joe Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh sa Spidéal. Tá gearrscéalta, úrscéalta, agus filíocht foilsithe aige agus tá an‑cháil ar agallamha beirte a chuireann sé i láthair an phobail lena bhean Máirín. Tá aithne mhór air mar Pheadar sa tsobalshraith Ros na Rún. Bhronn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge céim oinigh air in 2005 as a chuid oibre mar eagraí pobail.

Íomha

Is féidir leagan mór d’aon cheann de na pictiúir seo thíos a fheiscint ach cnagadh orthu.

An Scoil a’ cruinniú

School participants gathering in the hotel foyer

Baintear taithneamh faoi leith as céad oíche aon ócáide. Bíonn tráthnóna Aoine an-ghnóthach ag tús na Scoile, agus daoine ag teacht, ag clárú, ag casadh le seanchairde, ag deimhniú lóistín, ag ceannach leabhar, ag réiteach coinní... Nach deas an rud é a bheith thar n‑ais?

Seanchairde

Tógadh Cáit Ní Churraoin‑Flavin (ar chlé) ar an mbaile is cóngaraí do bhaile dúcháis Mháirtín Uí Chadhain. Is as an gCnoc dá cara, Máirín Ní Fhlatharta, iníon leis an óstóir cáiliúil agus seanchara leis an gCadhanach, Jimmy Bheairtle. B'é seo a gcéad chuairt ar an Scoil.

Ar dualgas

Tá Mary O’Flaherty (ar chlé) agus Marian O’Callaghan (ina seasamh) ina mbaill ghnóthacha de Choiste an Chumainn. Chuireadar síos cupla uair a’ chloig maith oibre agus iad ag díol Leabhar na Bliana ag ócáid an tseolta. Bhí cisteoir an Chumainn, Catherine Devine, ag obair leo.

Cur ’s Cúiteamh

Seo Róisín Ní Mhianáin (ar chlé) agus tacaí dílis de chuid Chumann Merriman, Doireann Ní Bhriain maidin an Domhnaigh agus iad ag plé cúrsaí na deireadh seachtaine. ‘Sí Doireann Aoibheall ar dhlúthdhiosca RTÉ Raidió na Gaeltachta de Chúirt an Mheon‑Oíche.

An t‑údar is an file

Sheol an tOllamh Breandán Ó Buachalla Leabhar na Bliana i Leabharlann Chathair na Mart. Téacs Baineann: Téacs Mná an teideal ata air agus is í Bríona Nic Dhiarmada an t‑údar. Déantar anailís sa leabhar ar ghnéithe de fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill. Seo Bríona agus Nuala á scrúdú.

Stiúrthóir na Scoile

'Sé Liam Ó Dochartaigh, Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh Stiúrthóir na Scoile Geimhridh ó 1998 i leith agus, mar is léir anseo, ard‑taitneamh á bhaint aige as a chuid cúraimí fós!

Cuid de Scoláirí Merriman

Tháinig Caitríona Ní Chleirchín( ar chlé) as Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Deirdre Nic Mhathúna as Ollscoil Chorcaí(in aice léi) agus Lydia Groszewski(ar dheis) as Coláiste na Tríonóide go Cathair an Mart. Tá Máire Ní Neachtain, Leas‑Chathaoirleach Chumann Merriman anseo leo.

Joe Steve

Joe Steve Ó Neachtain ag féachaint sa cheamra

B'é Joe Steve Ó Neachtain, buaiteoir duais speisialta Mherriman ag Oireachtas na Gaeilge 2005 agus thug sé léiriú breise ar a ildánaí is atá sé féin, a bhean Máirín agua a gclann Aisling, Luisne agus Páid sa gcur i láthair draíochtúil a rinne siad ar shaothar Uí Chadhain maidin Domhnaigh na Scoile.

Seoladh Leabhar na Bliana

Bhí Máire Ní Annracháin, Ollscoil Mhá Nuad agus Seán Ua Súilleabháin as Coláiste na hOllscoile Corcaigh i láthair ag an Scoil agus seo iad ag baint taitneamh as ócáid i Leabharlannn Chathair na Mart nuair a seoladh leabhar na bliana.

Faoi Rothaí na Gréine

Sarah Ghriallais and Seosamh Ó Méalóid ag féachaint sa cheamra

Chas Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Sarah Ghriallais, Seosamh Ó Méalóid agus Tomás Ó Neachtain a rogha féin as Faoi Rothaí na Gréine, cnuasach amhrán a bhailigh Mairtín Ó Cadhain i gConamara. Bhain an slua an‑taitneamh as amhráin nach gcloistear coitianta feasta a bheith á gcasadh.

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.