Láithreán Chumann Merriman
Ceiliúradh ar fhile Éireannach na 18ú aois, Brian Merriman, is ar gach gné de theanga is de chultúr na hÉireann.


Preaseisiúint a fhógraíonn Scoil Gheimhridh Mherriman 2006

Press release for the 2006 Merriman Winter School in Westport.

Ar an leathanach seo tá an preas eisiúint i gcomhair Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2006.

Ar an Leathanach seo

  1. Preaseisiúint as Gaeilge i gcomhair Scoil Gheimhridh Mherriman 2006
  2. English-language press release for the 2006 Merriman Winter School

Nascleanúint an Láithreáin

Níl an cháipéis seo ar fáil ach as Gaeilge.


Scoil Gheimhridh Mherriman 2006

  1. Imeachtaí oscailte na Scoile
  2. Faisnéis ar shiompóisiam an tSathairn
  3. Siosón amhránaíochta d’amhráin thraidisiúnta a chnuasaigh an Cadhnach
  4. Foílsiúchán bliantúil Chumann Merriman
  5. Imeachtaí eile le linnScoil Gheimhridh 2006

TOSACH

Oscailt na Scoile

Reachtáilfear Scoil Gheimhridh na Bliana 2006 i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, ón 27ú go dtí an 29ú Eanáir. Is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, an Stiúrthóir arís i mbliana. In Óstán Westport a bheidh formhór na n‑imeachtaí.

Máirtín Ó Chadhain, a rugadh céad bliain ó shin i mbliana, a bheidh mar théama ag Scoil Gheimhridh 2006. An tOllamh Cathal Ó hÁinle, duine de chomharbaí Mháirtín Uí Chadhain mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus scoláire aitheanta ar shaothar Uí Chadhain, a osclóidh an Scoil, tráthnóna na hAoine, 27 Eanáir. Is é an Dr. Louis de Paor, scoláire eile i léann Uí Chadhain, a thabharfaidh an chéad léacht leis an teideal Ceist: Cé léifidh Máirtín Ó Cadhain?. Seán Ó Cadhain, mac dearthára leis an gCadhnach, agus ball d’Iontaobhas Uí Chadhain, a bheidh sa chathaoir ar an léacht tosaigh seo.

Siompóisiam

Reachtáilfear siompóisiam maidin an tSathairn, 28 Eanáir, ar an gCadhnach agus ar a shaothar. Is iad Séamus Ó Tuathail, a bhí páirteach leis an gCadhnach i Misneach agus ar Chéalacan na Cásca 1966, an tOllamh Pádraigín Ní Cheallaigh, a bhí ina mac léinn ag an gCadhnach i gColáiste na Tríonóide, agus Liam Mac Cóil, scríbhneoir aguis criticeoir, na cainteoirí, agus is é an Dr. Gearóid Denvir, údar eile ar Mháirtín O Cadhain, a bheidh sa chathaoir.

Cnuasach amhrán Uí Chadhain

Beidh imeacht faoi leith ann san oíche Dé Sathairn, seisiún dar teideal Faoi Rothaí na Greine, ina gcasfaidh roinnt de na fonnadóirí sean nóis is iomráití dá bhfuil ann, samplaí as an gcnuasach amhrán a bhailigh an Cadhnach i gConamara agus é ina fhear óg. Sarah Ghriallais, Seosamh Ó Méalóid, Tomás Ó Neachtain agus Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha na fonnadóirí; tabharfaidh an Dr. Ríonach uí Ógáin caint ghearr chomhthéacsúil; agus is í Máire Ní Neachtain a bheidh mar reachtaire ar an ócaid ríthaitneamhach seo.

Leabhar na bliana

Téacs Baineann Téacs Mná is teideal do Leabhar na Bliana 2006 Chumann Merriman, saothar tathagach nua ar ghnéithe d’fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill le Bríona Nic Dhiarmada. Beidh an file féin i láthair lena saothar a léamh agus is é an tOllamh Breandán Ó Buachalla, a sheolfaidh an leabhar i Leabharlann an Bhaile i gCathair na Mart, iarnóin an tSathairn.

Imeachtaí eile

Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an seachtú Scoil Gheimhridh seo ag Cumann Merriman i gCathair na Mart. Johnny Connolly agus a chairde a bheidh i mbun an cheoil dhá oíche Chlub Merriman.

Cuirfidh Joe Steve Ó Neachtain agus a bhean Máirín, iníon dreiféara leis an gCadhnach, agus a gclann, clabhsúr cuí le himeachtaí Scoil Gheimhridh 2006 agus sleachta á léamh acu as saothar Mháirtín Uí Chadhain, maidin Domhnaigh, 29 Eanáir.

CRÍOCH

Merriman Winter School 2006

  1. Events on the opening night
  2. Information on the Saturday symposium
  3. Singing session of traditional songs gathered by Ó  Cadhain
  4. The Cumann Merriman annual publication
  5. Other events during the 2006 Winter School

START

The Opening Night

Cumann Merriman will hold its 37th annual Winter School in Westport, Co. Mayo, from 27 – 29 January 2006. The Director of the 2006 Winter School is Liam Ó Dochartaigh of the University of Limerick. The principal location will be Hotel Westport.

Máirtín Ó Cadhain, the centenary of whose birth occurs this month, will be theme of this year’s Winter School, which will be opened by Professor Cathal Ó hÁinle, emeritus professor of Irish in Trinity College Dublin, one of Máirtín Ó Cadhain’s successors in that post, and a noted Ó Cadhain scholar. The opening lecture will be given by Dr. Louis de Paor, Director of the Irish Studies Centre at NUIG; his topic will be the challenge Ó Cadhain’s writings present to his readers. This lecture will be chaired by Seán Ó Cadhain, a nephew of the writer, and a member of Iontaobhas Uí Chadhain (The Ó Cadhain Trust).

Symposium

A symposium will be held on the morning of Saturday 28th January on Ó Cadhain as activist, teacher, and author, with Dr. Gearóid Denvir, another noted authority on the writings of Máirtín Ó Cadhain in the chair. The speakers will be Séamus Ó Tuathail (Senior Counsel), Professor Pádraigín Ní Cheallaigh (UCD), and Liam Mac Cóil, writer and critic in Irish.

The Ó Cadhain Song Collection

A much anticipated event at the Winter School will be a live presentation of a selection of traditional songs, the texts of which were collected in Conamara by Máirtín Ó Cadhain as a young man. These will be sung by four of the foremost sean nós singers, Sarah Ghriallais, Seosamh Ó Méalóid, Tomás Ó Neachtain and Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha. Dr. Ríonach uí Ógáin (UCD) will give a short contextual introduction, and Máire Ní Neachtain (Mary Immaculate College, Limerick) will preside over the session.

Book of the Year

Cumann Merriman’s annual publication is Téacs Baineann Téacs Mná (A Woman’s Text a Feminine Text), a new study on aspects of the poetry of Nuala Ní Dhomhnaill by Bríona Nic Dhiarmada (UL). The book will be launched on Saturday afternoon in Westport Library by Professor Breandán Ó Buachalla (University of Notre Dame, USA), a powerful and engaging speaker, and the poet will be present to read from Ní Dhomhnaill’s work.

Other Events

The Merriman Winter School in Westport will include the customary sessions of traditional singing and conviviality. Music at Club Merriman each evening will be provided by Johnny Connolly and his friends.

The 37th Merriman Winter School will conclude on Sunday morning, 29 January, with a joint reading from Máirtín Ó Cadhain’s writings by Joe Steve Ó Neachtain, his wife Máirín (a niece of the celebrated author), and their family, which promises to be another extremely enjoyable occasion.

END

Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Ina dhiaidh | Tús-lch | Críoch-lch | Barr



Cóipcheart © 1999–2010 Cumann Merriman Teoranta. Gach ceart ar cosnamh.