Merriman i mBeirlín


Cur Síos
I 1905 foilsíodh leagan Gearmáinise a dhein an scoláire Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche. I 2006, d’eagraigh Cumann Merriman Scoil ar leith in Ollscoil Humboldt i mBeirlín chun é seo a cheiliúradh.
B'é a Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine a d’oscail an Scoil agus le linn na hoscailte d’fhógar sé maoiniú do sheacht gcinn d’Ollscoileanna Gearmánacha as Ciste Léann na Gaeilge chun tacú le teagasc na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin.
I measc na gcainteoirí bhí Liam P. Ó Murchú, Joachim Fischer, an tOllamh Pádraig Ó Riain agus an tOllamh Hildergard Tristram.
- Dátaí
- 23ú Márta – 24ú Márta.
- Ionad
- Ollscoil Humboldt (Unter den Linden).
Clár na Scoile
Déardaoin 23ú Márta
- 18.30 Fáiltiú
- Ollscoil Humboldt (Unter den Linden), mar a bhfuil cartlann fuaime, agus neart taifead inti de chainteoirí dúchais Gaeilge, déanta tríd an fichiú aois.
- 19.30 Oscailt na Scoile
- Le hAmbasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, a Shoilse Seán Ó hUiginn.
- Cur i láthair
- Le Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman. Bunú, stair agus aidhmeanna Chumann Merriman á bplé, i dteannta cur síos ar Bhrian Merriman agus ar a dhán cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.
- Léacht
- An tSlí á Réiteach: Ludwig Stern agus an Léann Ceilteach sa Ghearmáin leis an Ollamh Pádraig Ó Riain, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Duaiseoir Humboldt. Cathaoirleach: Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg.
- 21.00 Sleachta as Cúirt an Mheán Oíche
- Léite as Gearmáinis ag Hildegard L.C. Tristram is Arne Peters, agus as Gaeilge ag Eoghan Ó hAnluain is Áine Uí Cheallaigh. Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.
- 22.30 Club Merriman
- Caidreamh, caidreáil agus amhránaíocht in Óstán an Chlarion leis na fonnadóirí sean‑nóis, Áine Uí Cheallaigh, Pádraig Ó Cearbhaill is Lillis Ó Laoire.
Dé hAoine 24ú Márta
- 09.30 Léacht
- Cúirt Mherriman: ‘Leabhar an Údair Féin’, na Lámhscríbhinní agus na hEagarthóirí le Liam P. Ó Murchú, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cathaoirleach: An Dr. Meidhbhín Ní Úrdail.
- 10.30 Léacht
- Ó Stern go Kirsch: Merriman á nochtú do na Gearmánaigh leis an Dr. Joachim Fischer, Ollscoil Luimnigh. Cathaoirleach: An Dr. Meidhbhín Ní Úrdail.
- 11.00 Sos tae
- Sóláistí.
- 11.30 Léacht
- Léann na Gaeilge agus an Léann Ceilteach i dtíortha na Gearmáinise inniu leis an Ollamh, an Dr. Hildegard L.C. Tristram, Ollscoil Freiburg. Cathaoirleach: An Dr. Liam Mac Mathúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach.
- 12.30 Lón
- Bialann an Dáréag Aspal.
- 14.30 Cuairt ar Chartlann Fuaime Ollscoil Humboldt
- Á stiúradh ag Sabine Heinz agus riarthóir na cartlainne, Jurgen Marenholz.
- 19.30 Fáiltiú
- Cuireadh go hÁras an Ambasadóra óna Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann go Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.
Súil siar ar an Scoil
We've compiled a selection of video clips, audio clips (mainly songs) and photographs taken at the 2006 Merriman event in Berlin. Hopefully this will give our visitors a taste of the atmosphere at this event and let you know what to expect from our next School.
And if you were one of the attendees in Berlin, we hope this page brings back a few pleasant memories!
Grianghraif
- Lucht Merriman
Agus léachtaí na hAoine thart, seo rannpháirtithe na Scoile i mBeirlín, bailithe le chéile ar phríomhstaighre Ollscoil Humboldt.- Arne Peters
Arne Peters, scoláire Gearmánach agus mac léinn le Gaeilge is leis an Léinn Ceilteach. Seo é istoíche Déardaoin in Óstán Humboldt tar éis do páirt a ghlacadh i léamh Chúirt an Mheán Oíche.- Lucht Féachana Merriman
An lucht féachana ag bailiú in amharclann léachtaí Ollscoil Humboldt ar oíche na hoscailte.
- Bríd Ní Catháin
An chruit á seinnt ag Bríd Ní Chatháin in Áras an Ambasadóra; a Shoilse Seán Ó hUiginn agus aíonna Scoil Mherriman bailithe uimpi ag éisteacht.- Ar an ardán le chéile
Léitheoirí, a chuir sleachta as Cúirt a’ Mheán Oíche i láthair as Gearmáinis is as Gaeilge istoíche Dé Aoine.- Cartlann fuaime
Rannpháirtithe ag Scoil Chumann Merriman i mBeirlín, agus iad ag iniúchadh chartlann fuaime Ollscoil Humboldt.
Sleachta Físeáin
- Sliabh na mBan
1.6MB / 1:14s Seo amhrán traidisiúnta á rá ag Áine Uí Cheallaigh in Áras an Ambasadóra istoíche Dé hAoine. Is é a Shoilse an tAmbasadóir féin atá ag éisteacht léi ar thaobh na láimhe deise.- The Bonny Bunch of Roses
2.8MB / 0:44s Fear ildánach is ea Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Chumann Merriman. Agus cúraim an lae réitithe aige, seo hé anseo ag amhránaíocht le linn an fháiltithe in Áras an Ambasadóra. Níl aon chaill air ach an oiread!
- An Casaideach Bán
6.6MB / 1:45s Téamaí coitianta in amhránaíocht traidisiúnta iad crá an ghrá, cráifeacht agus caoine, agus tá an trí cinn acu le chéile san amhrán seo. Is é Lillis Ó Laoire atá á rá anseo.- Róisín Dubh
3.30MB / 0:52s Is dócha gurb í Róisín Dubh an ainm chúischiallach is mó aitheantas ar Éirinn. D'úsáid Seán Ó Riada an t‑amhrán seo le héifeacht mhór ar fhuaimrian an scannáin Mise Éire i 1959. Tá sé á rá anseo ag Padraig Ó Cearbhaill.
Sleachta Fuaime
- Mo Ghile Mear
637KB / 2:43s Éist leis an amhrán seo, ar a bhfuil cionn fé leith ag muintir Mhúsgraí Uí Fhloinn, á ra ag Pádraig Ó Cearabhaill in óstán an Chlarion istoíche Déardaoin — agus tacaíocht fhonnmhar aige!- An Chúirt as Gearmáinis
1.75MB / 7:39s Léann Hildergard Tristram agus Arne Peters tosach an aistriúcháin Gearmáinise le Ludwig Ch. Stern de Chúirt an Mheán Oíche.- Maedhbh Ní Cheallaigh
793KB / 3:23s An cruitire Bríd Ní Chatháin as Bearna i gContae na Gaillimhe, is í ag seinnt an fhoinn seo istoíche Dé hAoine in Áras an Ambasadóra.- Agallamh le Joachim Fischer
2MB / 8:53s Thug Joachim Fischer, Ollscoil Luimnigh, cúpla neomat dúinn le linn Club Merriman ar an Aoine chun an dá aistriúchán Gearmáinise de Chúirt an Mheán Oíche a phlé. As Béarla amháin.- Síle Ní Ghadhra
744KB / 3:10s Samhail fháthchiallach eile d’Éirinn is ea Síle. Pádraig Ó Cearbhaill agus cuid mhaith den chomhluadar atá á rá anseo in Áras an Ambasadóra istoíche Dé hAoine.
- Agallamh le Seán Ó hUiginn
591KB / 2:31s Pléann a Shoilse Seán Ó hUiginn, Ambasadóir na hÉireann i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, suntas chuairt Mherriman agus cor tábhachtach i réimse an Léinn Cheiltigh sa tír sin.- A Mhamaí, Nach tú an Cladhaire?
327KB / 1:23s Seo Áine Uí Cheallaigh ag rá A Mhamaí, Nach tú an Cladhaire? istoíche Dé hAoine in Áras an Ambasadóra.- Agallamh le Sabine Heinz
461KB / 1:58s Déanann Sabine Heinz, Ollscoil Humboldt, cur síos ar stair fhada, shuimiúil chartlann fuaime na hOllscoile agus ar an tábhacht a bhaineann léi maidir le léann na Gaeilge. As Béarla amháin.- Bruach na Carraige Báine
1MB / 5:46s Amhrán muimhneach is ea é seo, á rá anseo ag Conallach, Lillis Ó Laoire, le linn Club Merriman istoíche Déardaoin.- Contae Mhaigh Eo
584KB / 2:29s In omós don Ambasadóir le linn an fháiltithe ar an Aoine, dúirt Seosamh Ó Méalóid an t‑amhrán cáiliúil seo as Maigh Eo, contae dúchais an Ambasadóra.
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil