An Scoil — fuaim agus íomhá

Bliain ar leith í 2005 do Chumann Merriman, dhá chéad bliain ó fuair Brian Merriman bás. I mbliana, cuireadh go mór le líon agus le héagsúlacht imeachtaí Chumann Merriman ar mhaithe le hainm an fhile agus eolas ar a mhórshaothar a chur i láthair pobal níos mó agus níos ilghnéithí. Deineadh athdhearadh ar an láithreán greasáin, cuireadh le líon na leathanach, agus cuireadh eolas breise ar chuid de na seanleathanaigh.
Leanfar den obair seo, ach ceann de na gnéithe a bhfuil oiread áirithe oibre déanta ina leith cheana ná leathanach "súil siar" a fhorbairt as seo amach do gach Scoil. Chuige seo, bheartaigh Cumann Merriman díriú ar ábhar cartlainne a thiomsú, le blas a thabhairt, ó thaobh fuaime agus pictiúirí, d’imeachtaí na Scoileanna. Seo chugaibh mar sin roinnt grianghraf, agus agallamh a cuireadh ar chuid de rannpháirtithe Scoil an tsamhraidh seo. Mar gurb é seo ach chéad leathanach den chineál seo againn, is súil siar ar Scoileanna an Chumainn fré chéile atá in ábhar na n‑agallamh ar an leathanach áirithe seo. Tá súil againn a léithéid d’ábhar a chur ar fáil i leith gach Scoile, amach anseo.

Fuaim
Cuireadh an trí cheist chéanna ar gach éinne: Cad a chiallaíonn Scoileanna Merriman duit?
Cad a tharraing go dtí an Scoil thú an chéad lá?
agus Cad a tharraingíonn thar n‑ais thú?
Aimsíodh na hagallamhóirí go fánach agus chuir a gcuid tagairtí do spreagadh, idir spreagadh na hintleachta, na hanama is an choirp, áthas orainn. Is léir go dtagann daoine ar réimse éagsúil rudaí in gach Scoil.
Táimid fíorbhuíoch do Liam P. Ó Murchú, saineolaí aitheanta ar an bhfile is ar an dán, agus eagarthóir an eagráin deifinídigh de Cúirt an Mheon Oíche, a thug bun‑chur síos ar an téacs dúinn, as Béarla is as Gaeilge.
Agallaimh as Gaeilge
- Ana Ní Shúilleabháin
- Scoláire agus iriseoir is ea Ana, a chuir suim i gCúirt an Mheán Oíche, is í ina mac léinn bunchéime i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Roghnaigh sí an dán mar ábhar tráchtais nuair a thug sí faoi iarchéim. Labhair sí ag Cúirt na mBan le linn Scoil Gheimhridh 2005.
- Diarmuid Breathnach
- Ball gníomhach de Choistí Chumann Merriman is ea Diarmuid le fada an lá. Is é Diarmuid agus a chomhúdar, Máire Ní Mhurchú a scríobh seacht gcinn de Bheathaisnéisí. Roghnaíodh na leabhair seo mar leabhar na bliana Chumann Merriman ó 1986 i leith.
- Doireann Ní Bhriain
- Craoltóir agus comhairleoir ealaíne is ea Doireann, agus rannpháirtí rialta ag léamh filíochta téamúil Scoileanna Merriman. ‘Sí Doireann Aoibheall sa leagan drámatúil a d’eisigh RTÉ Raidió na Gaeltachta de Chúirt an Mheán Oíche.
- Máire Ní Neachtain
- Léachtóir le Gaeilge is ea Máire, i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá agallamh Mháire roinnte ina thrí chuid:
- Seosamh Ó Méalóid
- Is as Rath Cairn do Sheosamh. Múinteoir, craoltóir, amhránaí agus damhsóir den scoth is ea é, agus bíonn an‑éileamh ar a chuid scileanna siamsaíochta ag Club Merriman. Bíonn sé le clos go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- Tríona Ní Shíocháin
- Corcaíoch is ea Tríona. Tá sí ag gabháil de Chéim Dochtúireachta ar Mháire Bhuí Ní Laoghaire faoi láthair i gColáiste Ollscoile Chorcaí, faoi stiúir an Dr. Sheáin Uí Shúilleabháin. Bhronn Cumann Merriman Scoláireacht uirthi le freastal ar an Scoil seo.
Agallaimh as Béarla
- Aideen Friel
- Baile Átha Cliathach is ea Aideen, a bhíonn ag obair i ngnó an chaidrimh poiblí. Chaith sí blianta fada mar Oifigeach Preas ar Chumann Merriman. D'éirigh sí as dhá bhliain ó shin agus anois is féidir léi freastal ar na Scoileanna ar a só!
- Marie O’Hanlon
- Seo an chéad uair a dtáinig Marie go dtí Scoil Mherriman. Is cinnte ón gcur síos a dhein sí go bhfillfidh sí arís! Bhain sí an‑thaitneamh as an ngné shóisialta di — rince, ceol is comhluadar, go háirithe!
- Suzette Liddy
- Cláiríneach is ea Suzette, atá ina cónaí anois i nGaillimh, áit ina bhfuil sí ag obair mar chomhairleoir. Tagann sí féin agus a fear céile, John, go dtí an Scoil gach bliain le ceithre bliana anuas mar chuid dá saoire bliantúil.
- Colette Ní Mhoitleigh
- Rinne Colette freastal ar an gcéad Scoil i 1967 agus tá sí fós ag teacht. Thug sí seirbhís mhór don Chumann mar Chisteoir cúramach ar feadh na mblianta. San agallamh dátheangach seo roinneann sí a cuid cuimhní cinn.
- Tríona Ní Shíocháin
- Corcaíoch is ea Tríona. Tá sí ag gabháil de Chéim Dochtúireachta ar Mháire Bhuí Ní Laoghaire faoi láthair i gColáiste Ollscoile Chorcaí, faoi stiúir an Dr. Sheáin Uí Shúilleabháin. Bhronn Cumann Merriman Scoláireacht uirthi le freastal ar an Scoil seo.
Agallaimh le Liam P. Ó Murchú

Léachtóir le Gaeilge is ea Liam, i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Is é an t‑údar is mó é ar Chúirt an Mheán Oíche agus ní bheidh dul thar a eagrán de Chúirt an Mheon Oíche, 1982. San agallamh seo cuireann Liam Brian Merriman agus an dán i láthair don té nach bhfuil aon chur amach aige orthu. Pléann sé cúlra an dáin, cúrsaí Merriman le linn a scríte agus tábhacht an dáin an uair sin agus anois.
Íomha
Is féidir leagan mór d’aon cheann de na pictiúir seo thíos a fheiscint ach cnagadh orthu.
Aire ag an Scoil

Ghlac an tAire Dlí ’s Cirt Michael Mac Dowell briseadh ón saoire samhraidh le bheith sa chathaoir do léacht an Ollaimh William Binchy Where should Marriage and Society meet — and Why? Seo Stiúrthóir na Scoile, Bob Collins ag cur fáilte roimhe.
An pósadh á phlé

Téama mór de chuid na Scoile ab ea an pósadh. Is léir gur spreag léacht Dhonnachadh Uí Corráin ar Marriage in Gaelic Ireland neart cainte: seo pictiúr de chuid den slua a bhí i láthair, is iad ag plé an ábhair leis tar éis an tseimineáir.
Maeve Binchy

Bhain slua ollmhór taitneamh ar leith as an ócáid dhraíochtúil nuair a léigh Maeve Binchy, cuairteoir rialta ar an Scoil le fada an lá, gearrscéal a scríobh sí go heisíoch do Chumann Merriman. A Week in Summer an teideal a bhí air, agus Scoil Samhraidh Mherriman féin an théama.
Léitheoireacht Chúirt an Mheán Oíche

Is é Ciarán Carson an duine is deireanaí a dhein aistriúchán ar Chúirt an Mheán Oíche. Léigh sé féin sleachta as, léigh Bríd Ní Neachtain an bun‑leagan de na sleachta céanna agus sheinn Ciarán agus a bhean Deirdre ceol mar chuid de chur i láthair an dáin.
Agus saothar an lae i gcrích…

Thug Aideen Friel blianta fada i mbun preas‑oifig Chumann Merriman, agus tá deis aici anois a bheith ar a suaimhneas ag na Scoileanna. Seo Aideen agus an file Gabriel Rosenstock, agus lá dian saothar intleachtúil curtha díobh acu, ag ligean a scíthe tar éis léachta.
Ireland under Two Unions 1805 — 2005

Thug Garett Fitz Gerald, iar‑Thaoiseach, léacht dár teideal Ireland under Two Unions 1805 — 2005 don Scoil. Seo an Dr. Fitz Gerald agus an tOllamh Ronan Fanning, cathaoirleach na hoíche, in éineacht le Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach, Máire Ní Neachtain, leas‑Chathaoirleach agus Bob Collins, Stiúrthóir na Scoile.
Sona sásta ar Scoil

Bíonn Liam Mac an Iomaire, múinteoir, craoltóir, amhránaí agus fear comhluadair i láthair go rialta ag Scoileanna Mherriman, agus an Scoil an‑bhuíoch de as na seisiúin bhreátha amhránaíochta a threoraíonn sé. Seo Liam agus Aisling Ní Bheacháin, Preasoifigeach gnóthach Chumann Merriman.
Lá breá…

Cara dílis le Cumann Merriman í Nuala O’Faolain agus labhair ag an siompósiam The Battle Largely Won? Women 200 years after Merriman. Seo Nuala, agus í ag baint sásamh as grian an tsamhraidh i Lios Dúin Bhearna i gcomhluadar Chathaoirleach Chumann Merriman Liam Ó Dochartaigh.
Teach an Chaidéil

Is in Ionad an Spá a reachtáladh príomh‑imeachtaí na Scoile, agus san fhoirgneamh gleoite seo Tigh an Chaidéil a bhí fáilitú na hOscailte, Cúirt an Mheán Lae agus seoladh dlúthcheirnín Chúirt an Mheáin Oíche. Sa teach seo a bhíonn fáil ar uiscí cáiliúla Lios Dúin Bhearna.
Haicú ar an sean‑nós!

Cuid lárnach d’aon Scoil Mherriman an cur ’s cúiteamh agus comhluadar iarsoile! An Roadside Tavern lárionad na hoibre seo i mbliana. Seo daoibh Gabriel Rosenstock i mbun haicú, agus Máire Ní Neachtain á windáil! Ta Liam P. Ó Murchú, ar dheis, i mbun anailíse!
Cairde le chéile

Bhí an‑áthas ar mhuintir na Scoile fáilte mhór a fhearradh roimh an Dr. Seán Mac Réamoinn agus chuaigh a chuid cuimhní cinn ar an gcéad Scoil go mór i bhfeidhm ar dhaoine. Seo Seán le Maire Ní Neachtain, agus Diarmuid Breathnach ar a lámh dheas.
Dlúthcheirnín na Cúirte 1

D’eisigh Leabharlanna Chontae an Chláir dlúthcheirnín de Sheán Ó Ceallaigh, cainteoir dúchais as an gcontae, ag aithris na Cúirte. Mac Sheáin, an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh a sheol. Tá Noel Crowley, Leabharlannaí an Chláir, Pádraig Ó hIrghile, patrún an Chumainn agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae an Chláir ina theannta anseo.
Turas go duíche Bhriain

Ní Scoil go turas Scoile agus is ar cheantar dúchais Bhriain Merriman a thug an Scoil aghaidh i mbliana. Bhí bia agus deoch, ceol oirthear an Chláir agus caint bhreá bhríomhar ón Ollamh Willie Smyth ar an gclár sa teach tábhairne seo ar an bhFiacail.
Dianphlé

Thug an Dr. Úna Nic Éinrí léacht spreagúil, chonspóideach ar Merriman’s Ireland? Mhol sí don lucht éisteachta léamh ciastach a dhéanamh ar an gCúirt agus go leanfadh tuiscintí nua ar an dán dá bharr. Seo Úna i mbun pléite le cuid den slua tar éis a cuid cainte.
Buaiteoirí Scoláireachtaí

Gach bliain, bronntar roinnt Scoláireachtaí le cur ar chumas mac léinn freastal ar Scoileanna an Chumainn. Ó dheas go clé tá Bob Collins, Tríona Ní Shíocháin, Síle Ní Mhurchú, Carol Ní Bhriain, Máire Ní Neachtain, Liam Ó Dochartaigh, Pádraig Ó Liatháin is Deirdre Nic Mhathúna.
Seoladh dlúthcheirnín 2

D’eagraigh Cumann Merriman léamh drámatúil de Chúirt an Mheon‑Oíche do Scoil Gheimhridh 2005, le hEoghan Ó hAnluain, Áine Ó Ceallaigh, Audrey Ní Fhearghail, Alan Titley agus Doireann Ní Bhriain. Sheol Muiris Ó Rócháin, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, dlúthcheirnín de thaifeadadh a rinne an stáisiún den léamh.
![]()
Léim go: Abhaile | Suas | Roimhe | Tús-lch | Críoch-lch | English | Barr
Súil Siar
Abhaile
Scoileanna
Bhrian Merriman
Teagmháil